Cuirfear Donald Trump faoi mhionn inniu mar an 47ú Uachtarán ar Stáit Aontaithe Mheiriceá.
Tá Trump ag filleadh dá dhara téarma sa Teach Bán agus teacht aniar iontach déanta aige tar éis an rás a chaill sé in 2020.
Trump atá ar ais i gceannas tar éis dó buachan ar Kamala Harris mí na Samhna agus gan seachtain ann ó foilsíodh tuarascáil inar dúradh go mbeadh sé daortha as iarracht a dhéanamh toradh an toghcháin in 2020 a chur ar ceal go mídhleathach murach gur éirigh leis i gceann na bliana seo.
Beidh searmanas a insealbhaithe ar siúl inniu in áras an Chaipeatóil.
Bhris Donald Trump nós seanbhunaithe nuair nár fhreastail sé ar insealbhú Joe Biden ceithre bliana ó shin agus é ag áitiú gan chúis gur goideadh an toghchán sin uaidh féin.
Tharraing an port bréagach sin a bhí á chasadh aige léirsiú ag an gCaipeatól ar an 6 Eanáir 2021, an áit chéanna a ndéanfar é féin a insealbhú ina Uachtarán ar na Stáit Aontaithe inniu.
Ar uair an mheán lae (am Washington) a thosóidh an searmanas sa Seomra Cruinn sa Chaipeatól. D’fhógair an tUachtarán tofa ar mheán sóisialta gur laistigh a bheadh an searmanas inniu seachas lasmuigh ar na céimeanna ag breathnú síos ar an Meal Náisiúnta i dtreo Leacht Cuimhneacháin Washington agus an Tí Bháin. An fuacht feanntach Artach atá á sheachaint aige, a deir sé, agus is ag brath ar scáileáin a bheidh na mílte cuairteoir atá cruinnithe don ócáid.
An Leas-Uachtarán, JD Vance, is túisce a ghlacfaidh móid a oifige agus ina dhiaidh an tUachtarán nua, Donald J Trump.
Is é John Roberts, Príomh-Bhreitheamh na Cúirte Uachtaraí, a chuirfidh an tUachtarán nua faoi mhionn.
Ardóidh Donald Trump a lámh dheas san aer agus leagfaidh sé a lámh chlé ar an mBíobla. Céile an Uachtaráin nua a bhíonn i ngreim sa mBíobla go hiondúil.
Seo í an mhóid a ghlacfaidh sé i mBéarla agus a lámh ar an mBíobla: “Mionnaím [nó deimhním] go ndéanfaidh mé cúraimí Uachtarán na Stát Aontaithe go diongbháilte, agus chomh maith agus atá ar mo chumas, go ndéanfaidh mé Bunreacht na Stát Aontaithe a choinneáil, a chaomhnú, agus a chosaint.”
Nuair a bheidh an mhóid sin glactha aige, cuirfidh sé tús lena chéad aitheasc mar Uachtarán dá dhara téarma.
Ach a mbeidh a shíniú oifigiúil déanta ag an Uachtarán Trump agus lón an insealbhaithe ite, lón ar nós leis a bheith bunaithe ar bhia traidisiúnta stáit an Uachtaráin agus an Leas-Uachtaráin nua, rachaidh an tUachtarán Trump i gceann mórshiúil síos Pennsylvania Avenue.
Ón gCaipeatól go dtí an Teach Bán a théann paráid sin an insealbhaithe.
Beidh thart ar 7,800 saighdiúir de chuid Gharda Náisiúnta Cheantar Columbia ar dualgas slándála, idir rialú tráchta agus patrólú na stáisiún subway.
Ag imeacht ó phrótacal na hócáide seo, thug Donald Trump cuireadh do roinnt ceannairí domhanda, Uachtarán Xi na Síne duine amháin acusan nach mbeidh i láthair. Ghlac Uachtarán Milei na hAirgintíne leis an gcuireadh.
The Village People an chéad ghrúpa a dheimhnigh go mbeidís ag casadh ag ócáidí insealbhaithe Trump, agus beidh an t-amhránaí ceol tíre, Carrie Underwood, ag casadh an amhráin ‘America the Beautiful’ ag an searmanas.
Agus ceist curtha ar an mbanna faoina gcinneadh casadh ag an insealbhú, phostáil The Village People an míniú seo ar líne:
“Tuigimid nach dtaitneoidh sé seo libh agus creidimid gur cheart ceol a chasadh beag beann ar pholaitíocht.
“Rosc ar fud an domhain é an t-amhrán sin againne, YMCA, agus tá súil againn go gcuideoidh sé leis an tír seo a thabhairt ina chéile arís tar éis feachtas a bhí suaite agus deighilte agus feachtas a chaill an t-iarrthóir ab fhearr linne.”
Tá ród achrannach roimh Donald Trump agus é ag teacht i gcumhacht arís tráth a bhfuil Meiriceánaigh níos deighilte ná mar a bhí siad le blianta fada, agus bearnaí móra sóisialta, polaitíochta agus cultúir eatarthu.
Tá sé ina imní gur in olcas a ghabhfaidh na scoilteanna sin faoin Uachtarán Donald Trump, fear a spreagann aighneas is malairt tuairimí. Is minic leis a bheith ag caint ar chumhachtaí an Uachtaráin a mhéadú agus deir sé go bhfuil rún aige polasaithe diana a chur i bhfeidhm le hinimircigh nach mbíonn na cáipéisí cuí acu a dhíbirt agus taraifí a chur ar earraí i iompórtáiltear ón iasacht.
Agus an eacnamaíocht ag déanamh go maith, beidh deis níos fearr ag Trump le díriú ar na polasaithe is gaire dá chroí, díbirt na n-imirceach gan chead agus taraifí ar iompórtálacha.
Ní haon ribín réidh a bheidh i bpolasaí díbeartha Trump mar beidh dúshláin dlí agus eagrúcháin le sárú aige. Tá díocas ar an Uachtarán nua tabhairt faoina chlár oibre agus é ráite aige go gcuirfidh sé “meadhrán inár gceann” leis an rabharta oibre ón lá inniu ar aghaidh.
Tá an fhoireann atá roghnaithe aige ag súil le hualach orduithe feidhmiúcháin ón Oifig Ubhchruthach sa gcéad seachtain dá dhara téarma.
Bhíodh sé á mhaíomh ag Trump le linn an fheachtais uachtaránachta go mbeadh sé féin in ann deireadh a chur leis an gcogadh san Úcráin ‘in aon lá amháin’, agus sa mbaile, go bhfaigheadh sé an ceann is fearr ar an mboilsciú agus go n-ísleodh sé na praghsanna ar earraí tomhaltais.
Tá an deis sin á tabhairt dó inniu.
Fág freagra ar 'Donald Trump le hinsealbú mar an 47ú Uachtarán ar Stáit Aontaithe Mheiriceá'