Donald Trump agus an Ghraonlainn – is olc an t-ollchliseadh aeráide nach ndéanfaidh leas duine éigin

AN SAOITHÍN AERÁIDE:  Is éard atá i scéal Donald Trump agus na Graonlainne ná an léiriú is follasaí agus is mínáirí fós gur fada le daoine áirithe go mbeidh oighear an Artaigh agus an Antartaigh ar fad leáite

Donald Trump agus an Ghraonlainn – is olc an t-ollchliseadh aeráide nach ndéanfaidh leas duine éigin

Bhain an tsuim a thuairiscítear a bheith léirithe ag Donald Trump an Ghraonlainn a cheannacht ón Danmhairg gáire as go leor an tseachtain seo caite. Bhí alltacht agus imní ar go leor eile agus bhí an Saoithín Aeráide ina measc. Níl plean uachtarán na Stát Aontaithe – más féidir plean a thabhairt air – áiféiseach ar chor ar bith. A mhalairt ar fad, is éard atá ann ná an léiriú is follasaí agus is mínáirí fós gur fada le daoine áirithe go mbeidh oighear an Artaigh agus an Antartaigh ar fad leáite.

Is olc an t-ollchliseadh aeráide nach ndéanfadh leas do thaiscéalaí éigin, mar a deir an seanfhocal. Meastar go bhfuil na mílte milliún méadar ciúbach gáis agus na mílte milliún bairille ola i bhfolach faoi oighear an Artaigh; ní fios go baileach céard iad na taiscí atá i bhfolach san Antartach. Ar chaoi ar bith, tá neart breosla iontaise san Artach chun an t-innealra is cúis le téamh an domhain a choinneáil ag imeacht ar feadh na scórtha bliain eile. 

An téamh céanna – an ghéarchéim aeráide – an dara cúis go mbeidh tábhacht ar leith roimh i bhfad leis an gcuid sin den domhan atá fós faoi bhrat oighir inniu. Ní fear mór teoiricí comhcheilge é an Saoithín Aeráide ach seo linn: luíonn sé le réasún go mbeidh áitribh nua de dhíth ar an gcine daonna de réir mar a iompóidh an chuid is teo den phláinéad seo ina fhásach nach mbeifear in ann maireachtáil ann. Agus ionradh á dhéanamh amach anseo ag teifigh aeráide as an gcuid sin den domhan ar Mheiriceá Thuaidh, ar an Eoraip agus ar chodanna den Rúis, an ndéanfaidh na Stáit Aontaithe agus Ceanada, an Eoraip agus an Rúis ionradh ar an Artach d’fhonn sochaithe nua a bhunú sa Ghraonlainn, in Oileánra Svalbard agus Novaya Zemlya, i dtuaisceart Chríoch Lochlann, sa tSibéir agus i dtuaisceart Cheanada? Cén chuma a bheadh ar na sochaithe nua sin? Níl fonn dá laghad ar an Saoithín Aeráide dul ag tochailt i bpuiteach ar líne fhóraim na heite deise ailtéarnaí, ach níl lá amhrais air ach go dtiocfadh sé ar ghlórtha ansin a mholfadh tearmainn do dhaoine geala a chur ar bun san Artach, mar a theastaigh ó na Naitsithe a dhéanamh, ní chomh fada sin ó shin, san Íoslainn. 

Ar ndóigh, tá cónaí ar dhaoine i gcuid den Artach cheana féin. Pobail bhundúchasacha roinnt mhaith de na daoine sin: na hIonúitigh sa Ghraonlainn agus i Meiriceá Thuaidh, na Sámaigh i dtuaisceart Chríoch Lochlann, na Neinéitsigh agus pobail eile i dtuaisceart na Sibéire. An bhfuil ráig nua den choilíneachas ina gcinniúint siúd?

Ní féidir éalú ó cheist an Artaigh agus an Antartaigh. Tá an t-oighear ag leá agus de réir mar a bheifear in ann cónaí ar thalamh nach bhféadfaí cónaí ann cheana déanfar sin; sin é nádúr an chine daonna is baolach. Murar féidir stop a chur le téamh an domhain agus an t-oighear a choinneáil san áit a bhfuil sé, ba é an réiteach ab fhearr a dhéanamh don tréimhse ghairid a bheadh fágtha ag an gcine daonna ar an bpláinéad seo sa chás sin, bainistíocht chóir agus chothrom, a chinnteodh cearta na bpobal bundúchasach, a dhéanamh ar an talamh nua a nochtfaí.

Idir an dá linn, ní hé uachtarán na Stát Aontaithe amháin ar spéis leis an tArtach. Tá a dtograí móra agus beaga féin don cheantar ag na tíortha ar fad atá buailte ar an Mol Thuaidh. Tá loingis bhristeoirí oighir núicléacha á dtógáil ag an Rúis agus ag an tSín; tá iarnróid a d’osclódh Tír na Sámach, an réigiún is faide ó thuaidh san Eoraip, á mbeartú san Iorua agus san Fhionlainn. Ní dea-thuar an fuadar sin ar fad san Artach agus tá an Saoithín Aeráide buíoch de Donald Trump as aird an tsaoil mhór a tharraingt ar an scéal.

Fág freagra ar 'Donald Trump agus an Ghraonlainn – is olc an t-ollchliseadh aeráide nach ndéanfaidh leas duine éigin'

  • 10 mbliain fágtha

    Áiféiseach ag ceapadh go mbeidh “cearta” fós ag na bundúchasacha sa “tréimhse gairid a bheidh fágtha ag an gcine daonna” má leánn an leac oighir. Ainriail, gorta, cogaí agus slad atá in ann dúinn ar fad mura naithríonn muid béasaí go tapai.

  • An Fiach Liath

    I.S.
    Gabh agam na tagartaí thusa a bheith i mBéarla – ní mise a chum ná a cheap iad…

  • An Fiach Liath

    Chuig “10 mbliain fágtha”
    Dheara níl ionta ach “bundúchasaigh”! Ní ceart do aon cheart-mhachnamhaí a cheapadh gur fiú cearta mhion-daoine a chur san áireamh. Sin a rinne na Gaill sa tír seo ar feadh na cianta. Ach de réir do chuidse réasúnaíochta – bhí an ceart ar fad acu. Tá feacadh glúine tuillte ag Thomas Malthus uait as an t-ált a d’fhoilsigh sé i 1798.