Doire ag súil le spreagadh ón sean-naimhdeas le Tír Eoghain i bPáirc na gCeilteach

Casfaidh na comharsana ar a chéile i nDoire tráthnóna, agus beidh Liatroim á fhéachaint le Londan agus an Clár ag imirt in aghaidh Luimnigh chomh maith

Doire ag súil le spreagadh ón sean-naimhdeas le Tír Eoghain i bPáirc na gCeilteach

Bainisteoir Thír Eoghain, Mickey Harte. INPHO/Presseye/Lorcan Doherty

Doire v Tír Eoghain, Páirc na gCeilteach, 2.00i.n.

Bítear ag súil le cluiche crua i gCraobh Peile Uladh inniu nuair a bhíonn Doire agus Tír Eoghain ag imirt a chéile ach is beag iomaíocht cheart a bhí idir na foirne le roinnt blianta anuas agus forlámhas iomlán ag foireann Mickey Harte.

Sé huaire a chas siad ar a chéile sa chraobh ó ceapadh Harte ina bhainisteoir cúig bliana déag ó shin agus níl ach ceann de na cluichí sin, cluiche ceathrú ceannais Uladh 2006, buaite ag Doire. Nuair a chas na foirne ar a chéile i gcraobh na bliana seo caite, bhí farasbarr 11 cúilín ag Tír Eoghain ar a gcomharsana, 3-14 in aghaidh 0-12. Dhá chúl ag Ronan O’Neill agus ceann ag Peter Harte a chinntigh an bua éasca dóibh.

Ní bheidh rudaí tada níos éasca ag Doire i mbliana. Ní mó ná sásta a bheidh siad lena dtaispeántais i rith na sraithe agus iad díbeartha ó Roinn 2. Bhí mí-ádh orthu ar bhealach. B’ionann an líon pointí a bhí acu féin agus ag an Dún agus an Clár, ach ba iad foireann Damien Barton a chuaigh síos de bharr difríocht na scór. Is cinnte go gcuideodh imreoirí Shleacht Néill, a bhí gafa leis an gclub ar feadh tamaill, le cás Dhoire ach déanta na fírinne, is beag duine a déarfadh go raibh bliain eile i Roinn 2 tuillte acu.

Níor chuir Tír Eoghain críoch láidir lena bhfeachtas sraithe ach an oiread agus chaill siad sna trí bhabhta dheireanacha. Ach bhí a ndóthain déanta acu roimhe sin agus buanna acu ar Ros Comáin, an Cabhán agus Muineachán, chomh maith le cluiche comhscóir in aghaidh Bhaile Átha Cliath.

Ba iad curaidh Uladh in 2016, ach meastar go bhfuil siad fós taobh thiar de na trí fhoireann is láidre sa tír, Baile Átha Cliath, Ciarraí agus Maigh Eo. Mar sin féin, ba cheart go mbeadh a ndóthain acu tráthnóna chun Doire a shárú.

Rogha Tuairisc.ie: Tír Eoghain.

An Clár v Luimneach, Páirc Uí Chíosóg, 3.30i.n.

Coimhlint eile a chonaic muid sa chraobh anuraidh nuair bhí bua trí phointe ag an gClár ar Luimneach i bPáirc na nGael, 0-16 in aghaidh 0-13. Ba é sin an tríú huair as a chéile ar bhuaigh na Cláirínigh ar fhir Luimnigh i gCraobh na Mumhan agus gach seans go bhfaighidh siad an ceathrú bua as a chéile tráthnóna.

Tá a fhios ag Luimneach an tionchar a d’fhéadfadh a bheith ag fathach lár na páirce ar fhoireann. Ba iad John Galvin agus John Quane laochra Luimnigh agus iad i mbarr a maitheasa tagus tá imreoir den chineál céanna ag an gClár faoi láthair, is é sin Gary Brennan. Ní dócha go mbeidh Luimneach in ann é a stopadh.

Rogha Tuairisc.ie: An Clár.

Londain v Liatroim, Páirc Mhic Shamhráin, 3.30i.n.

Cé go raibh bua seacht bpointe ag Liatroim nuair a chas na foirne seo ar a chéile sa tsraith i mbliana, beidh an-mhisneach ag fir Londan roimh an gcluiche seo. Ba iad scóranna Emlyn Mulligan, a d’aimsigh 1-6, a d’fhág an lá sin le Liatroim agus beidh seisean ar iarraidh ar Liatroim de bharr gortú glúine.

Is ó chiceanna saora a d’aimsigh Mulligan an chuid is dó dá chuid scóranna i rith na sraithe agus dá mbeadh Liatroim in ann naoscaire chomh cruinn céanna a fháil, b’fhéidir go dtiocfaidís slán. Ach níl aon dabht ach gur mór an chailliúint é Mulligan agus Londain sa tóir ar a gcéad bhua i gCraobh Chonnacht ó bhuail siad Liatroim in 2013.

Rogha Tuairisc.ie: Londain.

Fág freagra ar 'Doire ag súil le spreagadh ón sean-naimhdeas le Tír Eoghain i bPáirc na gCeilteach'