Dochtúireacht Oinigh bronnta ar amhránaí agus ceoltóir Gaeltachta

Tá an onóir bronnta ag Ollscoil Chathair Bhaile Átha Cliath ar Moya Brennan, a bhain cáil amach ar dtús leis an ngrúpa ceoil Clannad

Dochtúireacht Oinigh bronnta ar amhránaí agus ceoltóir Gaeltachta

Tá Dochtúireacht Oinigh bronnta ag Ollscoil Chathair Bhaile Átha Cliath ar an amhránaí Gaeltachta Moya Brennan.

Dochtúireacht san Fhealsúnacht a bronnadh ar Brennan, arb as Gaoth Dobhair i nGaeltacht Dhún na nGall di, ag ócáid speisialta inné. Bronnadh Dochtúireacht Oinigh freisin ar Dhomhnall Slattery, príomhfheidhmeannach an chomhlachta léasaithe aerárthaí Avolon.

Amhránaí, ceoltóir agus cumadóir, bhain Moya Brennan cáil amach leis an ngrúpa ceoil Clannad, a bhunaigh sí féin agus a muintir i 1970.

San ardlua a thug an Dochtúir Síle Denvir, Ollamh Cúnta i Fiontar Scoil na Gaeilge, Ollscoil Chathair Bhaile Átha Cliath, ar Brennan, dúirt sí:

“Tá cumas nádúrtha ag Moya croílár an cheoil a aimsiú, bunbhrí amhráin nó foinn a bhaint amach, agus nithe iontacha a chruthú as an gcoitiantacht. Tá an bua seo léirithe ag na gradaim ar fad atá buaite aici, gradam Grammy agus Emmy ina measc. 

Dúirt Denvir go raibh “an fhlaithiúlacht agus an fhéile go smior” i Brennan in ainneoin a raibh bainte amach aici, chomh maith leis an “dílseacht atá aici dá pobal agus dá muintir féin, agus tá a hanam fréamhaithe i gcónaí ar an ardán a mhúnlaigh a hathair di féin, dá deartháireacha agus dá deirfiúracha i dTábhairne Leo i Mín na Leice.”

Ag glacadh leis an Dochtúireacht, dúirt Brennan gur chuir sé “gliondar” uirthi a leithéid d’onóir a fháil.

“Níor chreid mé riamh go mbronnfaí Dochtúireacht san Fhealsúnacht orm. I ndiaidh dom a bheith i mbun ceoil agus amhránaíochta le breis agus 50 bliain anuas, onóir speisialta amach is amach atá sa Dochtúireacht Oinigh seo agus tá súil agam go n-éireoidh liom an bua atá agam a úsáid le teorainneacha nua a bhaint amach agus le dea-mhéin a chur chun cinn amach anseo,” a dúirt sí.

Is iontach an rud é, go háirithe, go bhfuil tábhacht agus béim ar leith leagtha ag Ollscoil Chathair Bhaile Átha Cliath ar luach, ar chaomhnú agus ar chosaint na Gaeilge, ós rud é go bhfuil amhráin Ghaeilge ó mo cheantar féin bailithe agus taifeadta agam le blianta fada anuas.”

Dúirt Uachtarán Ollscoil Chathair Bhaile Átha Cliath, An tOllamh Daire Keogh, gur “ceannródaithe cruthanta” a bhí i Brennan agus Domhnal Slattery, arbh as contae an Chláir ó dhúchas dó.

“Tá díograis léirithe acu le fada an lá agus iad sa tóir ar an bhfoirfeacht, agus a ndícheall á dhéanamh acu iad féin a fhorbairt agus a fheabhsú chun an chéad chéim eile a bhaint amach.

“Tá sé léirithe arís agus arís eile acu an tábhacht a bhaineann lena gcuid buanna a roinnt leis an bpobal, trí thacaíocht a thabhairt don chéad ghlúin eile de dhaoine ildánacha, agus trína gcuid ama agus a gcuid taithí a roinnt ar mhaithe leis an tsochaí.”

Tá 25 albam taifeadta ag Máire Ní Bhraonáin agus 20 milliún ceirnín díolta aici. Ainmníodh do dhá ghradam Grammy í agus bhuaigh sí Gradam Emmy mar chuid den fhoireann a raibh baint acu leis an gclár faisnéise Music in Ireland faoi cheol na hÉireann.

Fág freagra ar 'Dochtúireacht Oinigh bronnta ar amhránaí agus ceoltóir Gaeltachta'