Deir an tAire Oideachais go mbaineann sé siar aisti nach bhfuil líon na ndíolúintí ó staidéar na Gaeilge i bhfad níos airde ná mar atá faoi láthair, in ainneoin go bhfuil níos mó díolúintí á mbronnadh ar dhaltaí anois ná mar a bhí riamh.
Tá ráite ag eagraíochtaí teanga agus oideachais go bhfuil córas na ndíolúintí imithe “as smacht” agus tá molta ag Coiste Oireachtais na Gaeilge go gcuirfí deireadh le bronnadh díolúintí láithreach. Agus í ag labhairt os comhair an choiste chéanna i dTeach Laighean an tseachtain seo, áfach, dhiúltaigh an tAire Norma Foley glacadh leis go bhfuil fadhb mhór ann.
Nuair a ceistíodh an tAire Foley faoin ardú atá tagtha ar na figiúirí le roinnt blianta anuas, luaigh sí go mbíonn daltaí ag teacht isteach sa gcóras ón iasacht agus go raibh riachtanas breise oideachais ag sciar mór de dhaltaí scoile. B’údar iontais di nach raibh tuilleadh díolúintí á mbronnadh dá bharr.
“Tá sé dochreidte nuair a chuimhníonn tú go bhfuil riachtanas breise oideachais ag 25% dár gcuid daltaí agus nach bhfuil ach 7% acu ag baint leas as díolúine,” a dúirt an tAire Foley leis an gcoiste.
In 2023, bhí 6.6% de dhaltaí scoile an stáit, idir dhaltaí bunscoile agus iar-bhunscoile, ag fáil díolúine ón nGaeilge.
Cé nach mbíonn an díolúine chomh coitianta sin ag leibhéal na bunscoile, tá ardú mór tagtha ar líon na ndíolúintí a bhronntar ar dhaltaí iar-bhunscoile. Bronnadh díolúine ar bheagnach 50,000 dalta iar-bhunscoile in 2023, nach mór duine as gach ochtar a bhí sa gcóras dara leibhéal. Sa mbliain 2000, ní raibh díolúine á fáil ach ag 2.5% de dhaltaí iar-bhunscoile.
D’fhógair an Roinn Oideachais níos luaithe i mbliana go raibh iniúchadh le déanamh ar na scoileanna is mó a bhronnann díolúintí ón nGaeilge ar dhaltaí.
Tá sé ráite go minic ag saineolaithe oideachais nár chóir go mbeadh riachtanas breise oideachais ina bhac ag dalta i dtaobh an Ghaeilge a fhoghlaim chomh fada is go gcuirtear na tacaíochtaí cuí ar fáil.
Dúirt an tOllamh Pádraig Ó Duibhir, saineolaí ar an teangeolaíocht, cheana gur léir go bhfuil “smacht caillte” ar an gcóras agus an chuma ar an scéal go bhfuil an Roinn Oideachais ag déanamh ábhar roghnach den Ghaeilge.
Deir Ard-Rúnaí Chonradh na Gaeilge, Julian de Spáinn, go bhfuil fadhb na ndíolúintí “ag éirí níos measa” agus gur gá don Aire Foley agus don Roinn dul i ngleic léi.
“B’fhearr linn go mbeadh an tAire Oideachais ag cur plean le chéile le líon na ndíolúintí a laghdú in ionad a bheith ag déanamh iontais nach bhfuil an figiúr níos airde,” a deir de Spáinn. “Tá an líon iomlán díolúintí a bhronntar go hiomlán as smacht agus ag éirí níos measa.”
Deir sé gur chóir polasaí cuimsitheach don Ghaeilge sa gcóras oideachais a fhorbairt agus “córas solúbtha” a chur ar fáil do dhaltaí le riachtanais speisialta chun tacú leo an Ghaeilge a staidéar ag leibhéal a oireann dóibh.
“Chomh maith leis sin, freastalóidh an córas nua atáimid a mholadh ar dhaltaí a thagann isteach sa chóras déanach, rud a chuirfeadh le himeascadh na ndaltaí sa scoil agus sa tsochaí trí chéile in ionad iad a dheighilt ó ghnáthchóras oideachais na hÉireann,” arsa de Spáinn.
Ag an gcruinniú i dTeach Laighean an tseachtain seo, dúirt an Teachta Dála Éamon Ó Cuív go mbíonn sé níos éasca ag páistí óga teangacha a fhoghlaim agus d’iarr sé ar an Aire Foley dul ag plé leis an Roinn Leanaí chun “gné Ghaeilge” a thabhairt isteach sa gcúram leanaí, bíodh sin trí fhíseáin nó amhráin Ghaeilge.
Dúirt an tAire Foley go dtiocfadh feabhas ar fhoghlaim na Gaeilge i measc daltaí bunscoile nuair a thabharfaí isteach múineadh an tríú teanga mar chuid den churaclam. Tá amhras caite ar an maíomh sin, áfach, go háirithe nuair is laghdú ar an méid ama a chuirtear ar fáil do mhúineadh na Gaeilge a bheidh mar thoradh ar an athrú curaclaim.
Billy An Ghoirt
An féidir le cainteoirí Gaeilge díolúintí a fháil ón mBearla?
Seán Mag Leannáin
Dochreidte go bhfuil sise ina hAire Oideachais don tír seo!
Niall Ó Flaithbheartaigh
Taobh amuigh de scoláirí a thagann chun chomhnaithe sa tír agus 11 d’aois slánaithe acu, ba cheart cosc a chur ar aon dailte a fhaigheann díolúint sa Ghaeilge ó staidéar a dhéanamh ar aon teanga eile do na scrúdaithe stáit.
Go dtí go ndéantar an méid sin, níltear ach ag déanamh ceap magaidh den gcóras.
SeánÓTuama
Scanall shaolta iad an Roinn Oideachais! Cá bhfuil na heagrais Ghaeilge?? Cinn cromtha…