FÍSEÁN: ‘Smacht caillte’ ar chóras na ndíolúintí agus baol ann go gcuirfear an Ghaeilge ‘go tóin poill’

Deir an tOllamh Pádraig Ó Duibhir go bhfuil an chuma ar an scéal go bhfuil an Roinn Oideachais ag déanamh ábhar roghnach den Ghaeilge agus fás ollmhór tagtha ar líon na ndíolúintí atá á mbronnadh

Tá baol ann go gcuirfear an Ghaeilge “go tóin poill” mar ábhar scoile mura dtiocfaidh athrú mór ar chóras na ndíolúintí, dar le saineolaí oideachais.

Deir an tOllamh Pádraig Ó Duibhir gur léir go bhfuil “smacht caillte” ar an gcóras i láthair na huaire agus an chuma ar an scéal go bhfuil an Roinn Oideachais ag déanamh ábhar roghnach den Ghaeilge.

Léirigh figiúirí a fuair Tuairisc go raibh beagnach 50,000 dalta iarbhunscoile ann anuraidh a raibh díolúine acu ó staidéar na Gaeilge, dalta as gach ochtar ag an leibhéal sin. Bronnadh nach mór 20,000 díolúine nua ón nGaeilge ar dhaltaí iarbhunscoile in 2022-23, ardú 45% ón mbliain roimhe agus an líon is mó riamh.

Tá an tOllamh Ó Duibhir, a bhí ina Stiúrthóir ar SEALBHÚ, ionad teangeolaíochta in Ollscoil Chathair Bhaile Átha Cliath go dtí do ndeachaigh sé ar scor le déanaí, ar dhuine acu siúd a thug rabhadh faoi líon na ndíolúintí atá á mbronnadh ar dhaltaí.

Deir sé go gcuirfeadh na figiúirí is déanaí ón Roinn Oideachais “alltacht” ar dhuine agus go gcuireann sé isteach air go bhfuil an chuma ar an scéal gur cuma le daoine sa chóras faoin tionchar a bhíonn aige ar an nGaeilge.

“Tá an fás atá tar éis teacht ar líon na ndíolúintí le bliain anuas agus ó cuireadh an córas nua i bhfeidhm in 2019 ina chúis mhór imní agus tubaisteach do mhúineadh na Gaeilge sa chóras oideachais,” ar sé le Tuairisc. “Tá siad ag baint an bhoinn de mhúineadh na Gaeilge agus an Roinn Oideachais ag déanamh ábhar roghnach den Ghaeilge gan díospóireacht faoin gceist.”

Glacann Ó Duibhir leis go bhfuil cásanna ann gur chóir díolúine a bhronnadh ar ghasúr ach dar leis go mbeadh idir 2-3% de dhaltaí ina teideal. Bhí díolúine ón nGaeilge ag 12% de dhaltaí iarbhunscoile anuraidh, figiúr atá “dochreidte ard”, dar leis.

Nuair a tugadh córas nua do bhronnadh na ndíolúintí isteach in 2019, mhaígh an Roinn Oideachais go ndéanfaí rud “annamh” agus “eisceachtúil” den díolúine ón nGaeilge ach tá ardú mór tagtha ar líon na ndíolúintí a bhronntar gach bliain ó shin.

Maidir leis an ardú a tháinig ar líon na ndíolúintí nua a bronnadh anuraidh, dúirt an Roinn gur “ardú suntasach” a tháinig ar líon na ndaltaí a tháinig thar sáile ba chúis leis an ardú, ach tá ardú ag teacht i gcónaí ar líon na ndaltaí a fhaigheann díolúine ar bhonn Riachtanais Speisialta Oideachais (RSO).

“In 2019 sular tugadh an córas nua i bhfeidhm, bhí díolúine [ar bhonn RSO] á mbronnadh ar beagnach 1,500 dalta bunscoile in aghaidh na bliana. Tá sé sin ardaithe 145% le trí bliana anuas agus díolúintí á mbronnadh ar os cionn 3,500 dalta,” a deir Ó Duibhir. “Bhí díolúintí á mbronnadh ar 6,000 scoláire iarbhunscoile in aghaidh na bliana. Tá sé sin ardaithe 50% le trí bliana anuas agus díolúintí á mbronnadh ar os cionn 9,000 scoláire.”

Faoin gcóras a tugadh isteach in 2019, cuireadh mar chúram ar phríomhoidí díolúintí ón nGaeilge a cheadú i gcás deacrachtaí foghlama a bheith ag daltaí. Roimhe sin, ba ghá teastas a fháil ó shíceolaí oideachais gairmiúil leis an díolúine sin a fháil.

Deir Ó Duibhir anois go bhfuil príomhoidí “báite” ag iarratais ar dhíolúintí agus go gcreideann tuismitheoirí go bhfuil an Ghaeilge ródheacair do ghasúir áirithe, rud nach bhfuil fíor, a deir sé.

“Tá smacht iomlán caillte agus léiríonn an fás as cuimse atá tagtha le bliain anuas, agus le ceithre bliana ó cuireadh an córas i bhfeidhm, go bhfuil an rud seo ag imeacht le sruth agus go gcuirfidh sé an córas go tóin poill,” arsa Ó Duibhir.

“Bhí mise agus daoine eile ag tuar in 2019 gur seo an toradh a bheadh air agus b’fhearr liom a bheith ag labhairt leat ag rá go raibh mé mícheart ach is dócha go raibh mé coimeádach b’fhéidir sna meastacháin a bhí i mo cheann ag an am agus tá sé níos measa ná mar a shíl mé fiú.”

Deir Ó Duibhir go dteastaíonn tionól saoránach a reáchtáil ar cheist na Gaeilge sa stát mar nach dóigh leis go dtuigeann daoine na “himpleachtaí tromchúiseacha” atá i ndán dúinn má leanann cúrsaí orthu mar atá.

Deir Conradh na Gaeilge gur “teip dhamanta, scannalach” í ceann chóras na ndíolúintí agus gur chóir don Rialtas feidhmiú láithreach chun dul i ngleic léi.

“Táimid ag éileamh ar an Aire Oideachais agus ar an Rialtas trí chéile a aithint go bhfuil éigeandáil sa chóras oideachais ó thaobh na Gaeilge de,” arsa Julian de Spáinn, Ard-Rúnaí an Chonartha.

“Tá beagnach 50,000 dalta ann a bhfuil díolúine acu ó staidéar na Gaeilge. Is teip dhamanta, scannalach í seo agus ba chóir don Aire Oideachais agus don Rialtas ina iomlán feidhmiú láithreach bonn sula bhfaigheann an scéal níos measa arís.

Deir de Spáinn go mbeadh an polasaí #Gaeilge4All, polasaí cuimsitheach don teanga sa chóras oideachais trí chéile, ina leigheas ar an bhfadhb.

“Bheadh an polasaí sin bunaithe ar chur chuige nua agus gach leibhéal den chóras oideachais nasctha le chéile agus ag baint úsáid as an bhFráma Tagartha Comónta Eorpach. Bheadh an cur chuige nua solúbtha agus in ann freastal ar dhaltaí na tíre i slí nach ndearnadh riamh.

“Laghdódh sé an gá le díolúine agus an líon daltaí a bhíonn díbeartha ó fhoghlaim na Gaeilge mar nach bhfuil an córas in ann freastal ar a riachtanas foghlama. Chomh maith leis sin, d’fhreastalódh an cur chuige nua ar dhaltaí a bheadh ag teacht isteach sa chóras déanach in ionad iad a fhágáil amach mar a dhéanann an córas reatha.

Seachas polasaí cuimsitheach a chur i bhfeidhm, mar a gealladh sa Chlár Rialtais, deir de Spáinn go bhfuil cinntí glactha ag an Rialtas seo a dhéanfaidh dochar don Ghaeilge ar nós an cinneadh leathuair an chloig sa tseachtain a bhaint ó mhúineadh na Gaeilge ar feadh sé bliana sa bhunscoil amach anseo.

Fág freagra ar 'FÍSEÁN: ‘Smacht caillte’ ar chóras na ndíolúintí agus baol ann go gcuirfear an Ghaeilge ‘go tóin poill’'

  • An Sléibhteoir

    Tonn poill? Tá an Ghaelainn ar ghrinneal na farraige sa chóras oideachais, agus bhí riamh.
    Is cuma má tá díolúine ag duine amháin agus muna bhfuil a duine eile mar ag deireadh an lae, táid beirt chun an scoil a fhágaint chomh neamhchumasach sa teanga is a chéile.
    Os cionn 100 bliain den chóras oideachais, cá bhfuil an Athbheochan? Cá bhfuil lucht labhartha na Gaelainne?
    Ní fiú a bheith imníoch fé chóras na ndíolúintí má tá an córas óna bhfuil na díolúintí á lorg ina cheap magaidh don teanga. Níl locht agam ar éinne a dhéanfadh iarrach díolúine a fháil dá pháiste ón tseafóid sin ar a ghlaotar “curaclam”.
    Níl Gaelainn á múineadh sna scoileannaibh – tá sí á tachtadh.

  • Pól Ó Braoin

    Tugaim faoi deara gur beag Gaeilge atá acu siúd a chríochnaíos an curaclam Gaeilge. Is beag difríocht a dhéanfaidh an córas díolúintí ar chuma ar bith.

  • Bríd

    Náire shaolta! Cé hiad na Gael a cheadaigh an praiseach seo?

  • Ruán Ó Gliasáin

    B’fhéidir filleadh ar an “ba ghá teastas a fháil ó shíceolaí oideachais gairmiúil leis an díolúine sin a fháil.” mar a bhí cúpla bliain ó shin?