Ábhar ‘iontais’ maíomh an Aire Oideachas gur chun leas na Gaeilge curaclam nua le huaireanta laghdaithe

Tá iontas déanta de mhaíomh an Aire Norma Foley go gcuirfidh an curaclam bunscoile nua feabhas ar fhoghlaim na Gaeilge, in ainneoin go gcaithfear níos lú ama ag múineadh na teanga i bhformhór scoileanna na tíre

Ábhar ‘iontais’ maíomh an Aire Oideachas gur chun leas na Gaeilge curaclam nua le huaireanta laghdaithe

Deir an tAire Oideachais gur athrú chun feabhais ó thaobh sealbhú na Gaeilge curaclam nua a laghdóidh an méid ama a bheidh ar fáil do theagasc na teanga sa bhunscoil.

Dúirt an tAire Norma Foley go raibh “athrú suntasach tagtha ar theagasc agus ar fhoghlaim teangacha i gcoitinne” le tamall agus go gcreideann sí féin “gurb amhlaidh a chuirfidh an curaclam nua seo feabhas ar shealbhú teanga sa Ghaeilge”.

Rinne saineolaithe oideachais, gníomhaithe teanga agus polaiteoirí ar labhair Tuairisc leo iontas de mhaíomh an Aire agus dúirt siad nach raibh bun ná barr leis.

Dúirt n tOllamh Pádraig Ó Duibhir nach raibh “aon fhianaise” ann do mhaíomh an Aire go dtiocfadh feabhas ar fhoghlaim na Gaeilge i measc daltaí bunscoile de thoradh an churaclaim nua.

“Ní fheictear dom go bhfuil aon fhianaise ann go gcuirfidh Creatchuraclam Nua na Bunscoile feabhas ar shealbhú na Gaeilge sa bhunscoil. Mar atá léirithe i dTuarascálacha an Phríomhchigire idir 2010 agus 2020, ní raibh cáilíocht an teagaisc sa Ghaeilge inchurtha le teagasc an Bhéarla nó teagasc na Matamaitice.”

Sa tuarascáil is déanaí ón bPríomhchigire sa Roinn Oideachais, a foilsíodh anuraidh, dúradh go bhfuil “torthaí foghlama na ndaltaí i nGaeilge i scoileanna Béarla ina n-ábhar mór imní”.

Deir Ó Duibhir, atá ina Stiúrthóir ar SEALBHÚ, ionad teangeolaíochta in Ollscoil Chathair Bhaile Átha Cliath, go bhfuil laghdú 37% tagtha ar an méid ama a chaitheann daltaí bunscoile ag foghlaim na Gaeilge le thart ar 20 bliain anuas agus go mbíonn tionchar mór aige sin ar chumas daltaí an Ghaeilge a thabhairt leo.

“Agus Creatchuraclam Nua na Bunscoile curtha i bhfeidhm agus na leasuithe a rinneadh i gCuraclam 1999, beidh laghdú 500 uair an chloig ar theagasc Gaeilge sna blianta bunscoile.

“Ní haon ionadh gur thuairiscigh go leor múinteoirí Gaeilge san athbhreithniú ar chur i bhfeidhm na Sraithe Sóisearaí nach raibh cumas maith go leor sa Ghaeilge ag daltaí chun tabhairt faoin sonraíocht don tSraith Shóisearach agus iad a aistriú ón mbunscoil.”

I bhfreagra ar cheist scríofa Dála ó urlabhraí Gaeilge Shinn Féin, Aengus Ó Snodaigh, a dheimhnigh an tAire Foley nach raibh aon athrú i ndán dá plean laghdú 30 nóiméad sa tseachtain a dhéanamh ar theagasc na Gaeilge i ranganna 3-6 in os cionn 90% de bhunscoileanna na tíre mar chuid den chreatchuraclam nua bunscoile.

Deir Ó Snodaigh le Tuairisc go raibh díomá air leis an méid a bhí le rá ag an Aire Foley agus gur léir go raibh, ní den chéad uair, dar leis-sean, neamhaird á déanamh aici ar “gach saineolas agus gach comhairle maidir leis an nGaeilge”.

“Tá sí ag cruthú ainm di féin i measc na n-airí oideachais is frithGhaelaí ó bunaíodh an Stát leis an dearcadh seo atá ‘ar nós cuma liom’ faoin drochthionchar dearbhaithe a bheadh ag a cuid cinntí ar theagasc agus ar thodhchaí na teanga náisiúnta,” a deir Ó Snodaigh.

“Léirigh taighde de chuid an CNCM ón mí seo caite, dá mhéid teagmhála a bhíonn ag páistí bunscoile leis an nGaeilge is ea is mó a thaitníonn sí leo. Mar mhúinteoir, ba chóir go dtuigfeadh an tAire Foley é sin.

“Ní fhéadfaí a mhaitheamh di ciorruithe a dhéanamh ar uaireanta teagmhála sa Ghaeilge tar éis don taighde sin a bheith foilsithe.

“Tá cur chuige frith-eolaíoch á léiriú ag an Aire Oideachais, agus ní féidir leis sin leanúint ar aghaidh. Tá athrú poirt ag teastáil gan mhoill uaithi, nó athrú Aire.”

Tá imní mhór ar eagraíochtaí teanga agus oideachais faoin laghdú atá beartaithe ar an líon ama a chuirtear ar leataobh don Ghaeilge sa bhunscoil agus beidh agóid eile ar siúl lasmuigh de Theach Laighean inniu faoin gcinneadh sin agus faoi ghnéithe eile de chás na Gaeilge sa chóras oideachais.

Deir Ard-Rúnaí Chonradh na Gaeilge, Julian de Spáinn, nach ndearna ráiteas an Aire ciall ar bith.

“Ní fheiceann muid conas go bhféadfaí a bheith ag súil leis go rachadh an caighdeán Gaeilge chun feabhais má bhíonn leathuair an chloig níos lú sa tseachtain le caitheamh ag na scoileanna atá ag feidhmiú trí mheán an Bhéarla,” arsa de Spáinn. “Ní fheictear dúinn conas, ar aon bhonn inchreidte, go bhféadfadh an ráiteas sin a bheith fíor.

“Luaitear go sonrach sa taighde a rinne SEALBHÚ maidir leis an tSraith Shóisearach nach bhfuil daltaí a thagann ón mbunscoil réidh don tsonraíocht don Ghaeilge sa tSraith Shóisearach. Mura bhfuil siad réidh anois, conas go bhféadfadh leathuair an chloig níos lú cabhrú leis an scéal sin?”

Deir de Spáinn go raibh an próiseas comhairliúcháin chun an curaclam a athrú lochtach toisc nach raibh rogha ann fanacht leis an status quo i dtaobh an méid ama a chaitear ar mhúineadh na Gaeilge agus gur léir go raibh sé i gceist i gcónaí ag an CNCM athruithe a dhéanamh. Dúirt sé nach bhfuil aon fhianaise ann go ndearna an tAire aon phlé ar thionchar an chinnidh an t-am don Ghaeilge a laghdú.

Faoin gcuraclam nua múinfear teanga eile, chomh maith leis an nGaeilge agus an Béarla, do dhaltaí Rang 3-6 agus deirtear go gcaithfear níos mó ama ag múineadh eolaíochta, teicneolaíochta agus innealtóireachta.

Deir de Spáinn go bhfuil an tAire Foley tar éis “am a bhaint den Ghaeilge agus é a thabhairt do mhúineadh an Bhéarla” mar, cé nach bhfuil tús le cur le foghlaim an tríú teanga go dtí Rang a 3, deir sé go bhfuil laghdú le teacht ar an líon ama a chaitear ar theagasc na Gaeilge ó Rang a 1 ar aghaidh.

Dúirt Aire Stáit na Gaeltachta, Patrick O’Donovan, an tseachtain seo caite go raibh “teagmháil” déanta aige leis an Aire Oideachais faoin laghdú ar uaireanta teagaisc na Gaeilge.

Ag labhairt dó sa Seanad an tseachtain seo caite, dúirt Aire Stáit na Gaeltachta Patrick O’Donovan go raibh an plean atá beartaithe ag an Roinn Oideachais uaireanta teagaisc na Gaeilge a laghdú “ag cur isteach go mór” ar dhaoine.

Bhí an t-iar-aire stáit Gaeltachta, an Seanadóir de chuid Fhine Gael, Seán Kyne, ar dhuine eile de na daoine a rinne cáineadh géar ar an bplean nua.

“Is é fírinne an scéil nach bhfuil an curaclam bunscoile nua atá beartaithe ag teacht leis an Straitéis 20 Bliain don Ghaeilge. Ní féidir le Rialtas polasaí nua a thabhairt isteach a thagann salach ar pholasaí eile atá ann cheana féin.”

“Ní aontaím gurb é seo an cinneadh ceart agus ní thacaíonn sé leis an nGaeilge ar chor ar bith i mo thuairim agus tá sé ag dul in aghaidh an Straitéis 20 bliain don teanga,” a dúirt sé.

Mar chuid den athbhreithniú a rinne an Chomhairle Náisiúnta Curaclaim agus Measúnachta ar an gcuraclam, tá sampla tugtha de chlár ama do dhaltaí Ranganna 3-6 i scoil lán-Bhéarla.

D’fhéadfaí, a deirtear, trí uair an chloig agus 45 nóiméad a chaitheamh sa tseachtain ag múineadh an Bhéarla (laghdú 15 nóiméad ar a bhfuil ann faoi láthair), trí uair an chloig a chaitheamh ar mhúineadh na Gaeilge (laghdú 30 nóiméad) agus uair amháin sa tseachtain a chaitheamh ar an tríú teanga.

Tá uair an chloig agus 45 nóiméad curtha ar leataobh mar “am solúbtha”.

I measc na n-athruithe eile atá molta ar an gcuraclam, tuigtear go bhfuil leathuair an chloig níos lú sa tseachtain le caitheamh ar mhúineadh reiligiúin agus go gcuirfear béim níos mó ar chúrsaí folláine.

Mar a tuairiscíodh ar an suíomh seo le déanaí, deirtear i dtaighde nua a rinne an NCCA gur fearr a thaitníonn an teanga le daltaí bunscoile a mbíonn níos mó teagmhála acu leis an nGaeilge.

Fág freagra ar 'Ábhar ‘iontais’ maíomh an Aire Oideachas gur chun leas na Gaeilge curaclam nua le huaireanta laghdaithe'

  • Eoin Ó Riain

    Chuireann sé seo ráiteas Richie Ryan i gcuimhne sa bhliain 1974 nuair a chuir sé deireadh le “Gaeilge Éiginteac: sa stáit shéirbhís “Ba mhaith liom a chur in iúl go soiléir don Teachta nach céim síos é an cinneadh ach a mhalairt. Tá an Ghaeilge agus an Béarla ar aon dul anois agus tig le duine don chéad uair post sa Státseirbhís a bhaint amach gan Béarla…” sa Dáil 5 Nollaig 1974.

  • Gabriel Rosenstock

    Foghlaíocht!

  • jpmorley0@gmail.com

    Bligeardaíocht, bithiúntas & bréagadóireacht. Dánaíocht & léirsiú ‘Oscail Scoil Dhúnchaoin’ de dhíth ar an dtír athuair chun í siúd a chur ina suí.

  • Dónall Mór Mac Billings

    *****************************************************************************************
    http://artpickle.com/index.cfm?artpage=webhome&webtab=testsite&webid=11059
    *****************************************************************************************
    http://artpickle.com/index.cfm?artpage=webhome&webtab=testsite&webid=11074
    *****************************************************************************************
    Facebook/Don MacB Twitter @DonMacBill YouTube @DonallMacB

    !!! SCÉALTA GRINN EILE ÓN CHÓRAS !!!

    —‘Ábhar ‘iontais’ maíomh an Aire Oideachas gur chun leas na Gaeilge curaclam nua le huaireanta laghdaithe’ —-

    —– ‘An ‘díothú digiteach’ a bheidh i ndán don Ghaeilge ceal tacaíochta’ ——

    —– ‘Níos lú ná 1% den chaint i nDáil Éireann i nGaeilge de réir ‘taighde nua’ ——
    .

    Easpa SUIME agus an Cultúr Angla-Mheiriceánach/Iar-Bhreatanach go smior
    sna Teachtaí meánaicmeacha ag riar an córais chaipitiligh.

    Is beag an seans a bheadh ag an Ghaeilge agus a bhí leis an iarracht
    Cosc a chur ar dhíshealbhú a theacht i réim sa tír seo.

    Reabhlóid shoisialach agus deireadh a chur leis an Chóras Caipitileach ina iomlán an leigheas !
    *****************************************************************************************

    Mar a scríobh mé cheana, Sheol litir sa Ghaeilge go dtí an tseirbhís phoiblí nó cuir glaoigh gutháin orthu agus gheobhfar freagra le blas Meiriceánach sa teanga is ansa leo.

    Idir Straitéis 20 Bliain na Gaeilge, Acht na dTeangacha Oifigiúla 2021 agus ‘Taighdí éagsúla’ beidh an mhéar ag iarraidh níos faide leis an Teanga Dhúchais a chur ar na sráideanna arís agus sna siopaí.

    B’feidir go dtarlódh an Ghaeilge a bheith i mbéal an duine a mbeadh suim aige/aici inti i gceann 100 bliain eile.

    Cothaigh ‘SUIM’ sa Teanga in aghaidh an Chultúir Angla-Mhéiriceánaigh ar dtús agus ‘Acht Teanga’ a chur i bhfeidhm sna Sé Chontae gan a thuilleadh moille.

    Sa Deisceart fostaigh aistritheoirí dhátheangacha sna Ranna áirithe rialtais ag obair as lámha a chéile leis na Stáitseirbhísigh agus an Phobal sna Gaeltachtaí agus sna Galltachtaí. Déan an rud céanna sa ‘Dáil’.

    Labhair í agus mairfidh sí sa ‘Dail’ —- ach ar an droch-uair cuireann an Ghaeilge isteach ar an chóras caipitileach agus bainistiú boilisiithe.

    Is mise le dóchas

    Dónall Mór Mac Billings
    Mac na Reablóide Teanga agus Polaitíochtaí

    Iar-Chime Poblachtach (ach Saor anois agus cead mo chinn agam )
    sa Ghaeltacht/Jailteach,
    Príosún Phort Laoise
    Bloc E
    Éire.

    *****************************************************************************************
    http://artpickle.com/Index.cfm?artpage=artistdetail&ID=11059
    *****************************************************************************************
    http://artpickle.com/index.cfm?artpage=artistdetail&artist=D%C3%B3nallTom%C3%A1sMacBillings&id=11074
    *****************************************************************************************

  • Mairead de Faoite

    Náireach, a Aire

    Máiread

  • Criostóir Ó Maonaigh, Melbourne, Na hAstráile

    Tá súil agam go bhfuil muintir na hÉireann beagáinín níos cliste anois ná mar a bhí i 1974.