Dóchas go mbeidh an tríú maidhm ag trá sna hospidéil faoi cheann seachtaine

Measann NPHET áfach go mbeidh ar a laghad 25 bás de dheasca an Covid-19 á bhfógairt acu gach lá go ceann roinnt seachtainí

Dóchas go mbeidh an tríú maidhm ag trá sna hospidéil faoi cheann seachtaine

D’fhéadfadh go mbeidh an “dúshlán is mó” sa tríú maidhm den choróinvíreas curtha díobh ag na hospidéil faoi cheann seachtaine, a deir an tOllamh Philip Nolan ó NPHET.

Thosódh líon na n-othar Covid-19 sna hospidéil agus sna haonaid dianchúraim ag laghdú ansin, a dúirt Nolan.

Measann NPHET, áfach, go mbeidh 25 bás de dheasca an Covid-19 á bhfógairt acu gach lá go ceann roinnt seachtainí.

Fiú dá n-éireodh go maith leis an iarracht is déanaí an galar a chur faoi chois, meastar, faoi dheireadh na míosa seo, go mbeidh idir 650-800 othar Covid-19 sna hospidéil gach lá agus idir 100-120 acu sin in ICU.

Níl na cásanna a bhíonn ann de bharr na ráigeanna a tharlaíonn in ospidéil ag deireadh maidhme san áireamh san figiúirí sin, a dúirt an tOllamh Nolan.

Meastar, má éiríonn go maith le cúrsaí, gur i lár mhí Feabhra a bheidh cúrsaí sna hospidéil mar a bhí roimh an tríú maidhm.

Cé go measann NPHET go bhfuil roinnt comharthaí ann go bhfuil an chuid is measa den tríú maidhm curtha dínn againn fad is a bhaineann sé le líon na gcásanna nua den ghalar, táthar ag tuar go mbeidh ráta báis ard ann go ceann tamaill eile. 

Dúirt an tOllamh Philip Nolan gur dóigh le NPHET gur idir 2,000-2,400 othar a bheidh sna hospidéil an uair is mó a bheidh brú ar an gcóras sláinte as tréimhse amach romhainn. Idir 250-300 duine a d’fhéadfadh a bheith sna haonaid dianchúraim.

De réir fhigiúirí an lae inné, 1,789 othar bhí buailte ag Covid-19 a bhí sna hospidéil agus bhí 169 díobhsan in aonad dianchúraim.

208 duine a fuair bás de dheasca an Covid-19 mí Eanáir. Bhain 23 de na básanna sin le ráigeanna sna hospidéil agus bhain 38 acu le ráigeanna i dtithe altranais.

Mar sin féin, dúirt an tOllamh Nolan agus baill eile de NPHET aréir go raibh roinnt comharthaí ann go bhfuil an chuid is measa den tríú maidhm curtha dínn againn fad is a bhaineann sé le líon na gcásanna nua den ghalar.

Cé go ndúradh go raibh fianaise ann go raibh “an cúinne casta againn”, chaithfí iarracht mhór a dhéanamh ar feadh roinnt seachtainí chun an galar a chur faoi smacht arís.

Idir 1 agus 1.3 atá ráta atáirgthe an ghalair le seachtain. Léiriú é sin ar an iarracht mhór atá déanta ag an bpobal an galar a chur faoi chois arís, a dúirt an tOllamh Philip Nolan.

Aimsir na Nollag ba é 4.8 ar an meán líon na ngartheagmhálaithe a bhíodh ag daoine a tholg an galar. 2.3 atá i gceist anois nó gar do 1 má fhágtar as an áireamh daoine sa teaghlach céanna a bhíonn ag bualadh le chéile.

Thug NPHET léargas eile aréir ar an ardú as cuimse atá tagtha ar líon na gcásanna den ghalar le déanaí.

Duine as gach 67 duine sa tír a fuair toradh dearfach ar thástáil don Covid-19 le coicís anuas. Fágann sin gur le coicís anuas a deimhníodh 44% de na cásanna go léir den ghalar a deimhníodh ó thús na paindéime.

3,955 cás nua den choróinvíreas a d’fhógair an Roinn Sláinte tráthnóna inné. 28 duine eile a raibh an galar orthu atá básaithe. 

Dúirt an Dr Tony Holohan, Príomhoifigeach Leighis na Roinne Sláinte gur tubaiste a bhí i ngach bás acusan. 

“Bhásaigh daoine a bhí idir 25 agus 98 bliain d’aois de bharr an Covid-19 agus is tubaiste gach bás acu sin. Caithfimid an líon daoine a mbuailimid leo go sóisialta a laghdú más linn an slabhra scaipthe a bhriseadh agus iadsan is leochailí ó thaobh an ghalair seo a chosaint. Fan sa mbaile agus sábháil daoine ón mbás.”

Dúirt an Dr Ronan Glynn, Leas- Phríomhoifigeach Leighis na Roinne Sláinte go raibh sé ar ár gcumas “cúrsa an ghalair seo sa bpobal a athrú” ach go gcaithfimis “an fód a sheasamh agus fanacht sa mbaile.”

Dúirt an tOllamh Philip Nolan, Cathaoirleach Ghrúpa Samhaltaithe Eipidéimeolaíochta na hÉireann go raibh an ráig seo éagsúil óna bhfacamar san earrach agus go bhféadfadh go bhfuil sí níos measa.

“An-údar imní is ea an chaoi a bhfuil an víreas á tholgadh anois ag daoine i ngach aoisghrúpa sa bpobal agus an baol atá ann go mbeadh gach duine acu sin an-tinn dá bharr… Sin é an fáth go gcaithfimid ar fad cloí leis an gcomhairle sláinte phoiblí agus fanacht sa mbaile, ní hé amháin chun muid féin a chosaint ach an córas ospidéal agus na hoibrithe sláinte chomh maith,” a dúirt Nolan.

Dúirt an Dr Cillian De Gascun, Stiúrthóir na Seirbhíse Tagartha Náisiúnta maidir le Víris, gur dóigh go bhfeicfear cineálacha eile den víreas ag teacht chun cinn ar fud an domhain sna míonna seo amach romhainn.

“Beidh cuid de na cinn nua seo níos tógálaí toisc go ngreamaíonn siad níos faide agus níos fearr don dromchla agus dá réir beidh baol níos mó ann go dtolgfadh duine iad. 

“Ach ní hé sin le rá nach bhfuil an chomhairle sláinte phoiblí chomh héifeachtach céanna ina gcoinne. An scaradh sóisialta, níochán na lámh, mascanna agus fanacht sa mbaile an chosaint is fearr ar an víreas.”

255,839 cás den Covid-19 a deimhníodh in Éirinn go nuige seo, 163,057 cás ó dheas den teorainn agus 92,782 cás ó thuaidh di.

4,021 duine atá básaithe go dtí seo de dheasca na paindéime, 2,488 duine ó dheas den teorainn agus 1,533 duine ó thuaidh di.

Fág freagra ar 'Dóchas go mbeidh an tríú maidhm ag trá sna hospidéil faoi cheann seachtaine'