Dóchas go mbeidh an chuid eile de Lá na nOráisteach síochánta tar éis maidin chiúin

Is léir go dteastaíonn ón Ord Oráisteach go mbeadh an lá mór i mbliana síochánta agus beifear ag tathant ar dhaoine guaim a choinneáil orthu féin

Dóchas go mbeidh an chuid eile de Lá na nOráisteach síochánta tar éis maidin chiúin

Faoiseamh mór ab ea é nuair a chuaigh paráid Oráisteach thar Ard Eoghain i dtuaisceart Bhéal Feirste ar maidin gan trioblóid dá laghad. Comhlíonadh margadh a rinneadh sa bhFómhar anuraidh chun stop a chur leis an aighneas. Cé nár ghlac easaontóirí poblachtacha in Ard Eoghain leis an margadh bhí póilíní agus iriseoirí níos líonmhaire ná an dornán beag áitritheoirí a bhí i mbun agóide inniu.

Faoi théarmaí an chomhghéillte ceadaíodh an mháirseáil Oráisteach tríd an gceantar náisiúnach ar maidin agus gheall Oráistigh go bhfanfaidís glan ar an gceantar ar a mbealach abhaile. Táthar ag súil nach sárófar an réiteach tráthnóna. Is léir go dteastaíonn ón Ord Oráisteach go mbeadh an lá mór i mbliana síochánta agus beifear ag tathant ar dhaoine guaim a choinneáil orthu féin; is ar an mbealach abhaile a bhíodh trioblóid go hiondúil agus braon sa gcuircín ag cuid den lucht leanúna.

Bhí na mílte ag faire ar na paráidí in 18 ceantar chomh maith leis na máirseálacha tánaisteacha ag daoine ag triall ar na taispeántais mhóra. I mBéal Feirste, i Log an Choire, Contae Ard Mhacha idir Port an Dúnáin agus cathair Ard Mhacha agus i gContae Fhear Manach atá na mór-shlógthaí i mbliana.

Faoiseamh ab ea é gurbh fhéidir aghaidh a thabhairt ar an lá gan aon tubaiste ag na tinte cnámh aréir. B’éigean don tseirbhís dóiteáin tithe a chosaint ó thine ollmhór in oirthear Bhéal Feirste agus chaitheadar an oíche ag doirteadh uisce ar bhloc árasán i Rae an Ghainimh lena chosaint ó thine – scoilt an teas fuinneoga sa bhloc deich stór ach tháinig na háitritheoirí slán.

 

Fág freagra ar 'Dóchas go mbeidh an chuid eile de Lá na nOráisteach síochánta tar éis maidin chiúin'