D’fhéadfadh go bhfuil Gaelscoil nua i ndán do cheantar Dhroim Conrach agus Marino i mBaile Átha Cliath.
Bhain conspóid mhór le cinneadh na Roinne Oideachais roimhe seo diúltú d’iarratas ar ghaelscoil nua i dtuaisceart Bhaile Átha Cliath, iarratas a raibh os cionn 330 teaghlach luaite leis.
Ach tá bunscoil nua ocht seomra ranga i gceantar Dhroim Conrach agus Marino ar an liosta a foilsíodh ar maidin de na scoileanna nua atá le bunú ag an Roinn Oideachais as seo go ceann ceithre bliaina. De réir an liosta sin, bunófar an scoil nua i dtuaisceart Bhaile Átha Cliath in 2019.
Rinne Oifig an Choimisinéara Teanga imscrúdú maidir le cinneadh na Roinne Oideachais diúltú don iarratas a rinne an Foras Pátrúnachta cheana ar scoil nua lán-Ghaeilge a bhunú i gceantar Dhroim Conrach agus Marino i agus beidh torthaí an fhiosrúcháin sin ar fáil go luath.
Idir an dá linn, dúirt Caoimhín Ó hEaghra, Ard-Rúnaí an Fhorais Phátrúnachta, le Tuairisc.ie ar maidin go raibh sé “thar a bheith dóchasach” gur gaelscoil a bheadh sa scoil nua.
“Tá an-áthas orainn go bhfuil scoil nua sa cheantar sin [Droim Conrach agus Marino] ar an liosta nua agus é léirithe cheana againn sa phróiséas pátrúnachta deireanach go bhfuil éileamh mór ar ghaelscoil ansin. Bhí an-díomá orainn nár glacadh leis an iarratas sin ach tá muinín againn anois gur gaelscoil a bheidh sa scoil a bhunófar ann an bhliain seo chugainn,” a dúirt Caoimhín Ó hEaghra.
42 scoil nua, idir bhunscoileanna agus iarbhunscoileanna, atá ar an liosta a d’fhoilsigh an Roinn Oideachais ar maidin agus ní fios go fóill cén pátrún a bheidh ag na scoileanna sin nó cé acu an scoileanna Béarla nó scoileanna lán-Ghaeilge a bheidh iontu. Reáchtálfar próiseas pátrúnachta do na scoileanna ar fad ar an liosta.
Dúirt Caoimhín Ó hEaghra gur 25% de thuismitheoirí a chuirfeadh a leanaí chuig Gaelscoil dá mbeadh a leithéid ar fáil gar dóibh, ach nach bhfuil polasaí na Roinne maidir le scoileanna nua a bhunú ag freastal ar an “mionlach mór” sin mar ba chóir.
Níl aon scoil nua lán-Ghaeilge i measc na scoileanna nua atá á mbunú i mbliana.
In ainneoin go dtuairiscítear go minic borradh mór a bheith faoi bhunú gaelscoileanna, níor bunaíodh sa stát le cúig bliana anuas ach dhá ghaelscoil nua: Gaelscoil na Fuinseoige, i mBaile na nGabhar/Stigh Lorgan i mBaile Átha Cliath, ar bunaíodh í in 2016, agus Gaelscoil an Chaisleáin i mBaile an Chollaigh i gCorcaigh, ar bunaíodh í in 2017. Seacht gcinn de Ghaelscoileanna nua a bunaíodh ó 2011.
Tá ráite ag an bhForas Pátrúnachta go dteastódh ar a laghad 200 Gaelscoil nua sa chúig go deich mbliana romhainn chun freastal ar an éileamh atá ann ar an ngaeloideachas.
I ráiteas a chuir an eagraíocht Gaeloideachas ar fáil do Tuairisc.ie ar maidin, dúradh go bhféadfadh scoileanna lán-Ghaeilge a bheith ag teastáil i ngach ceann de na ceantair atá luaite ag an Roinn Oideachais agus Scileanna ar an liosta de na scoileanna nua a foilsíodh inniu.
Dúirt Gaeloideachas go bhfuil fáilte acu “roimh theagmháil ó éinne” maidir leis an bpróiseas a leanfaidh fógra na Roinne Oideachais. Tá Gaeloideachas agus an Foras Pátrúnachta i mbun anailíse faoi láthair ar liosta na Roinne Oideachais féachaint cad iad na ceantair ar leith a mbeidh siad ag díriú orthu.
Thug Gaeloideachas le fios leis go léiríonn na staitisticí atá bailithe go bhfuil ró-éileamh i bhformhór na scoileanna lán-Ghaeilge i mBaile Átha Cliath agus sna contaetha in aice leis. Dúradh go raibh ró-éileamh i gceist chomh maith i gCill Chainnigh agus i gcathair Chorcaí agus na ceantair ina timpeall.
Dúradh go raibh roinnt scoileanna lán-Ghaeilge sna ceantair sin “ag diúltú do líon suntasach páistí de dheasca ró-éilimh ar áiteanna”.
“Déanfar comhairliúchán leis na scoileanna sna ceantair atá ainmnithe ag an Roinn maidir lena staid chóiríochta, a bpleananna forbartha agus a gcumas fáis,” a dúradh i ráiteas Gaeloideachas.
Fág freagra ar 'Dóchas faoi Ghaelscoil do thuaisceart BÁC agus scoil nua geallta do cheantar Dhroim Conrach agus Marino'