Dóchas ann go dtabharfar ar ais an liúntas Gaeltachta do mhúinteoirí agus altraí

Tá ceist an liúntais Ghaeltachta, ar cuireadh deireadh leis in 2012, ar chlár plé na gceardchumann sna cainteanna atá ar siúl acu leis an Rialtas faoi chomhaontú pá nua

Dóchas ann go dtabharfar ar ais an liúntas Gaeltachta do mhúinteoirí agus altraí

Tá dóchas ann go n-éireoidh le héileamh go dtabharfaí ar ais an liúntas Gaeltachta a d’íoctaí le hoibrithe sa tseirbhís phoiblí agus lucht na gceardchumann ar aon intinn faoin cheist seo den chéad uair.

Tá comhéileamh á dhéanamh ag Cumann Múinteoirí Éireann [INTO] agus Cumann Altraí agus Ban Cabhrach na hÉireann [IMNO] go dtabharfaí ar ais an liúntas Gaeltachta mar chuid de na cainteanna atá ar siúl ag lucht ceardchumainn agus an rialtas faoi chomhaontú pá nua d’oibrithe na hearnála poiblí.

In 2012, cuireadh deireadh leis an liúntas a d’íoctaí le múinteoirí, altraí agus oibrithe eile sa tseirbhís phoiblí a bhí ag obair sa Ghaeltacht.

Dúirt John Boyle, Ard-Rúnaí an INTO, le Tuairisc go bhfuil sé “níos dóchasaí” go n-éireoidh leis an éileamh an uair seo toisc go bhfuil an INMO ag tacú leis.

Dúirt Phil Ní Sheaghdha, Ard-Rúnaí an IMNO, le Tuairisc, go bhfuil sé “riachtanach” go dtabharfaí ar ais an liúntas Gaeltachta d’oibrithe sa tseirbhís sláinte atá ag obair sa Ghaeltacht le breis daoine a mhealladh.

“Faoi láthair, tá othair sna hionaid chúraim fhadtéarmacha ar na hoileáin nó sa Ghaeltacht, agus níl aon bhéim in aon chor ar sheirbhís a chur ar fáil i nGaeilge dóibh.”

“De réir an dlí anois, ba chóir go mbeadh seirbhísí sa Ghaeltacht ar fáil i nGaelainn agus tá an liúntas Gaeltachta riachtanach le daoine a mhealladh chun na Gaeltachta leis na seirbhísí seo a chur ar fáil do dhaoine,” a dúirt Phil Ní Sheaghdha.

Sna cainteanna deireanacha in 2012, as a dtáinig an comhaontú pá faoina n-íoctar oibrithe san earnáil poiblí faoi láthair, níor glacadh le héileamh an INTO maidir leis an liúntas Gaeltachta a thabhairt ar ais.

“Níor éirigh linn an t-am deireanach nuair a bhí cainteanna ar bun mar nach raibh na ceardchumainn ar aon intinn faoin cheist,” a deir John Boyle, Ard-Rúnaí an INTO.

“Rinne muid tréaniarracht na liúntais seo a fháil ar ais in 2021 ach níor ligeadh dúinn mar go raibh liúntais caillte ag oibrithe eile sna seirbhísí poiblí agus mheas an rialtas nach mbeadh sé cothrom.

“Dá mbeadh beirt bhan ag dul amach ar an bhád farantóireachta go hÁrann Mhór, duine acu ina múinteoir agus duine acu ina banaltra, dúirt an Roinn Airgeadais nach mbeadh sé féaráilte go mbeadh liúntas ag an mhúinteoir agus nach n-íocfaí an liúntas leis an bhanaltra,” a dúirt Boyle.

Dúirt Boyle go raibh sé ag súil le “toradh níos fearr ó na cainteanna an uair seo”.

“Tá muid ag troid an fheachtais seo le dhá bhliain déag ach seo an chéad uair a bhfuil muidne agus an IMNO ar an leathanach céanna agus tá mé níos dóchasaí go mbeidh toradh níos fearr againn ar na cainteanna seo.”

“Tá sé thar am go dtiocfadh deireadh leis na ciorruithe a rinneadh dhá bhliain déag ó shin a d’fhág míchothromas millteanach sa seomra foirne.

“Níl sé cothrom ar chor ar bith go mbeadh múinteoirí áirithe, a raibh an liúntas acu roimh 2012, i dteideal liúntais agus nach bhfuil múinteoirí eile a fuair post ina dhiaidh sin,” a dúirt John Boyle.

Roimh 2012 d’íoctaí liúntas €3,455 le múinteoirí sa Ghaeltacht. Ní bhfuair aon mhúinteoir nua a fostaíodh i ndiaidh 2012 an liúntas Gaeltachta ach íocadh é le hoibrithe a raibh an liúntas acu roimhe sin.

I gcás na ndochtúirí agus na n-altraí sa Ghaeltacht, b’ionann an liúntas agus 8% de thuarastal an oibrí.

Dúirt Phil Ní Shéaghdha gur cheart go mbeadh an liúntas Gaeltachta á íoc leis na hoibrithe uile sa tseirbhís sláinte, cúramóirí baile san áireamh.

“Ní raibh an liúntas ar fáil go forleathan d’altraí agus tá muidne ag rá gur cheart go mbeadh sé ar fáil do gach éinne atá ag obair sna Gaeltachtaí. Ba cheart go mbeadh sé ar fáil do dhaoine atá ag obair i measc an phobail, cúramóirí baile san áireamh.

“Tá sé an-tábhachtach go mbeadh seirbhísí ann do dhaoine atá ag maireachtaint sna Gaeltachtaí agus go háirithe dóibh siúd gurb í an Ghaelainn an teanga dhúchais atá acu,” a dúirt Ní Shéaghdha.

Fág freagra ar 'Dóchas ann go dtabharfar ar ais an liúntas Gaeltachta do mhúinteoirí agus altraí'

  • Sibéal

    Cén “modus operandi” a bheidh in úsáid chun an liúntas a cheadú do mhúinteirí?
    Cur chuige “laissez faire” beag beann ar an teanga atá in uachtar sa seomra fóirne, sna seomraí rangai agus i gclós na scoile mar a bhíodh?

  • Sibéal

    An Ghaeltacht Oifigiúil s bheidh i gceist idir breac agus lánBhéarla..

  • Sinéad

    Ceap magaidh a bheadh ann é a thabhairt ar ais chun buntáiste a bhronnadh ar na béarlóirí atá ag cleachtadh i scoileanna lán-Ghaeilge / Ghaeltachta, cuid acu ceapaithe a bheith ag rith na scoileanna!! Go bhfóire Dia ar na páistí! Bheadh na béarlóirí úd an-Ghaelach am bronnta na liúntas!

  • Colm

    Ach go mbeadh sé teoranta go múinteoirí atá fostaithe i scoileanna a bhfuil aitheanta mar scoileanna Gaeltachta amháin.