‘Dóchas’ ann go bhfuil líon na gcásanna den choróinvíreas ag éirí níos ‘seasmhaí’

Tá ráite ag NPHET go mbeidh ar an teaghlach go léir féinleithlisiú ar feadh suas le trí lá sa chás go mbeifí ag fanacht ar thoradh tástála don ghalar ar pháiste scoile

‘Dóchas’ ann go bhfuil líon na gcásanna den choróinvíreas ag éirí níos ‘seasmhaí’

Pictiúr: Leah Farrell/RollingNews.ie

Deir an Príomh-Oifigeach Leighis gníomhach, an Dr Ronan Glynn, go bhfuil an chuma ar an scéal go bhfuil líon na gcásanna Covid-19 in Éirinn ag éirí níos seasmhaí le roinnt laethanta anuas.

Cé go ndúirt an Dr Glynn gur “údar uchtaigh” é sin agus go bhfuil “dóchas” aige gur i bhfeabhas a rachaidh cúrsaí maidir le scaipeadh an ghalair as seo go ceann roinnt laethanta, dúirt sé go gcaithfí a bheith cúramach gan na maidí a ligean le sruth.

“D’fhéadfadh seo dul bealach amháin nó bealach eile,” ar sé.

52 cás nua den ghalar a fógraíodh inné, i gcomparáid le 147 cás Dé Luain seo caite. Ba iad an 52 cás a fógraíodh inné an líon is lú cásanna a fógraíodh aon Luan ón 3 Lúnasa. 42 cás a fógraíodh Dé Domhnaigh, an líon is lú cásanna a fógraíodh aon Domhnach ón 26 Iúil.

Idir an dá linn, deimhníodh tráthnóna inné go mbeadh ar an teaghlach go léir féinleithlisiú ar feadh suas le trí lá sa chás go mbeifí ag fanacht ar thoradh tástála don ghalar a chuirfí ar pháiste scoile. D’fhéadfadh go mbeifí ag fanacht idir 48 agus 72 uair an chloig ar thoradh ar a leithéid de thástáil, a dúradh.

Dúirt an Dr Ronan Glynn gurb í an tseachtain seo a neosfadh cé acu an bhfuil ag éirí leis na srianta is déanaí a tugadh isteach chun dul i ngleic le scaipeadh an ghalair. Ní raibh aon dáta aige go fóill d’athoscailt na dtithe tábhairne, a dúirt sé.

Fógraíodh tráthnóna inné go raibh deireadh curtha leis na srianta dianghlasála a bhí i bhfeidhm i gCill Dara le trí seachtaine anuas.

Dúirt an tAire Sláinte Stephen Donnelly gur “cloch mhíle” a bhí sa bhfógra.

“Is cúis áthais dom a fhógairt inniu gur féidir linn deireadh a chur leis na srianta sláinte poiblí breise i gCill Dara. Tuigim gur tréimhse dheacair a bhí ann do dhaoine agus do lucht gnó i gCill Dara. Tá beatha daoine ina bpobal féin agus ar fud na tíre sábháilte acu de bharr a n-iarrachtaí.

“Cloch mhíle mhór atá inniu againn. Cruthaíonn an fhianaise ó Chill Dara, Laois agus Uíbh Fhailí go n-éiríonn leis na beartais áitiúla. Agus an méid sin ar eolas againn beidh sé ina chuid thábhachtach dár bpleananna chun laghdú a dhéanamh ar scaipeadh an Covid-19 fad is atá ár sochaí agus ár ngeilleagar á n-athoscailt againn,” arsa an tAire Sláinte, Stephen Donnelly.

Bhí cruinniú inné ag NPHET faoi na srianta i gCill Dara agus ba í an chomhairle a bhí acu i ndiaidh an chruinnithe sin ná deireadh a chur leis na beartais dianghlasála a tugadh isteach mar gheall ar bhrúisc cásanna.

Ar an 7 Lúnasa iarradh ar mhuintir Chill Dara, Laoise agus Uíbh Fhailí fanacht laistigh dá gcontae mura raibh taisteal riachtanach i gceist.

Cuireadh deireadh leis na srianta sa dá chontae eile tar éis coicíse, ar an 21 Lúnasa. Cuireadh síneadh coicíse leis na srianta taistil agus eile i gcás Chill Dara, mar a raibh líon na gcásanna den ghalar fós roinnt mhaith níos airde ná an chuid eile den tír.

30.6 cás den ghalar in aghaidh gach 100,000 duine atá sa stát le coicís anuas, de réir na bhfigiúirí is déanaí ón Lárionad Eorpach um Ghalair a Chosc agus a Rialú. Laghdú é seo ar fhigiúir an lae inné – 31.2.

Idir an dá linn, d’fhógair Roinn Sláinte an Tuaiscirt inniu 58 cás eile den Covid-19. Ní raibh bás ar bith eile de dheasca an ghalair le fógairt ó thuaidh.

Bhí 33 duine sna hospidéil ó dheas aréir a raibh tástáil dhearfach faighte acu don Covid-19 agus bhí cúigear acusan in aonad dianchúraim.

17 othar atá buailte ag an Covid-19 atá in ospidéil ó thuaidh den teorainn agus beirt atá in ICU.

2,337 duine a fuair bás de dheasca an ghalair in Éirinn ó thosach na paindéime,1,777 duine ó dheas den teorainn agus 560 duine ó thuaidh di.

36,058 cás den ghalar atá deimhnithe ag na húdaráis sláinte, 28,813 cás ó dheas agus 7,245 ó thuaidh.

Fág freagra ar '‘Dóchas’ ann go bhfuil líon na gcásanna den choróinvíreas ag éirí níos ‘seasmhaí’'