Dóchas áirithe san Iodáil agus sa Spáinn go bhfuil an taoide ag casadh faoi dheireadh

Tá os cionn 30,000 duine san Eoraip básaithe de dheasca na paindéime, ach i Meiriceá atá an líon is mó cásanna deimhnithe

Dóchas áirithe san Iodáil agus sa Spáinn go bhfuil an taoide ag casadh faoi dheireadh

In ainneoin gur airde i gcónaí gach lá líon na mbásanna de bharr Covid-19 sa Spáinn agus san Iodáil ná aon áit eile ar domhan, tá dóchas áirithe go bhfuil an taoide ag casadh faoi dheireadh sa dá thír.

Fógraíodh laghdú inniu ar líon na mbásanna de bharr Covid-19 san Iodáil, an tír is mó ar domhan ina bhfuil daoine curtha den saol ag an ngalar. 727 duine le Covid-19 a cailleadh le lá anuas i gcomparáid le 812 an lá roimhe sin. 13,155 atá básaithe anois. 2,937 cás nua, méadú beag, a tuairscíodh inniu san Iodáil, ach creidtear go bhfuil údar áirithe dóchais sna figiúirí nua go bhfuil an taoide ag casadh.

Tá síneadh ama curtha leis na srianta atá curtha i bhfeidhm ar an Iodáil go dtí an 13 Aibreán agus dóchas áirithe go bhfuil feabhas ag teacht faoi dheireadh ar chúrsaí in ainneoin líon ard na mbásanna gach lá. Sular foilsíodh na figiúirí is déanaí, tráthnóna, dúirt Aire Sláinte na hIodáile Roberto Speranza:

“Ní cóir dúinn a cheapadh gur ionann na dea-chomharthaí seo agus an chontúirt a bheith curtha dínn againn agus ‘gach rud i gceart’ anois. Léiríonn na sonraí go bhfuil muid ar an mbóthar ceart agus go bhfuil rath le feiceáil ar ár gcuid dianbheartas.”

Tá os cionn 9,000 duine curtha den saol sa Spáinn ag paindéim Covid-19.

864 duine eile a bhí buailte ag Covid-19 a cailleadh le lá anuas, an líon is mó daoine a fuair bás in aon lá amháin sa dara tír is mó a bhfuil daoine curtha den saol ag an ngalar.

Tá os cionn 100,000 cás den ghalar deimhnithe sa Spáinn.

Mar sin féin, tá dóchas ag údaráis sláinte na Spáinne gurb amhlaidh go bhfuil moill ag teacht faoi dheireadh ar scaipeadh an víris.

Idir an 15-25 Márta bhí líon na gcásanna nua ag ardú 20% ar an meán gach lá ach ó shin i leith is 12% ar an meán an t-ardú.

Tá os cionn 30,000 duine san Eoraip básaithe de dheasca na paindéime agus is iad an Iodáil, an Spáinn agus an Fhrainc na tíortha is measa atá buailte.

Tá 563 duine eile básaithe de réir na bhfigiúirí is déanaí don Ríocht Aontaithe. 2,352 duine atá básaithe ar fad. Cuireadh tástáil ar 152,979 duine agus fuarthas toradh dearfach ar 29,474 tástáil.

I Meiriceá atá an líon is mó cásanna deimhnithe. Dúirt Donald Trump, a rinne beag is fiú den víreas i dtús aimsire, go raibh “coicís an-an-chrua” roimh an tír.

Tá os cionn 4,000 duine a bhí buailte ag an ngalar básaithe i Stáit Aontaithe Mheiriceá agus deir saineolaithe sláinte na tíre go bhféadfadh gur 240,000 duine a chaillfear. Tá níos mó daoine básaithe de bharr an ghalair i Stáit Aontaithe Mheiriceá ná mar atá sa tSín.

Sa tSín féin, tuairiscíodh go raibh an chéad chás thar tír isteach den ghalar deimhnithe i gcathair Wuhan, mar ar thosaigh an galar. 

Cé go dtuairiscítear gur éirigh leis an tSín an galar a smachtú, tá sé ina imní anois faoi chásanna a bheith ag teacht isteach ó thíortha eile.

Tá leath den domhan anois faoi ordú dianghlasála de shaghas éigin mar gheall ar an bpaindéim a bhfuil an saol ina chíor thuathail aige agus breis is 45,000 básaithe dá bharr.

Fág freagra ar 'Dóchas áirithe san Iodáil agus sa Spáinn go bhfuil an taoide ag casadh faoi dheireadh'