Dóchas ag Donnelly gur ‘tamall an-ghearr’ a bheidh snáthaid AstraZeneca ar fionraí

Deir AstraZeneca agus saineolaithe leighis éagsúla go bhfuil na milliúin vacsaín tugtha amach agus nach bhfuil aon fhianaise ann go bhfuil aon cheangal ag an vacsaín le téachtadh fola

Dóchas ag Donnelly gur ‘tamall an-ghearr’ a bheidh snáthaid AstraZeneca ar fionraí

Tá súil ag an Aire Sláinte Stephen Donnelly nach mbeidh dáileadh vacsaín AstraZeneca ar fionraí ach “tamall an-ghearr”. 

Dé Domhnaigh a d’fhógair an Rialtas go rabhthas chun stopadh ag tabhairt na vacsaíne sin faoi láthair “ar eagla na heagla” mar gur tuairiscíodh go raibh fadhb le téachtadh fola ag ceathrar san Iorua a fuair snáthaid AstraZeneca.

Deir AstraZeneca agus saineolaithe leighis éagsúla go bhfuil na milliúin vacsaín tugtha amach agus nach bhfuil aon fhianaise ann go bhfuil aon cheangal ag an vacsaín le téachtadh fola.

Dúirt an tAire Sláinte go raibh súil aige go mbeadh tuairisc dhearfach ón nGníomhaireacht Leigheasra Eorpach (EMA) an tseachtain seo agus go bhféadfaí tosú arís ar an vacsaíniú. Ní raibh aon drogall air stop a chur le dáileadh na snáthaide, a dúirt Donnelly.

Bhí suas le 30,000 duine réidh leis an vacsaín sin a fháil an tseachtain seo agus tá a gcuid coinní curtha ar athlá. 

Solas ag deireadh bliain a bhí an-dorcha is ea na vacsaíní, a deir an tAire Donnelly agus is “iontach go deo” na sonraí atá ar fáil a léiríonn a éifeachtaí agus atá siad. 

Chosain an tAire an clár vacsaínithe agus dúirt go raibh na spriocanna á mbaint amach agus go bhfuair 99% de na daoine atá os cionn 85 bliain an tsnáthaid le trí seachtaine.

Dúirt an Dr Colm Henry, Príomhoifigeach Cliniciúil an HSE, go dtuigeann sé go maith go mbainfeadh an scéal is déanaí faoi AstraZeneca “croitheadh” as muinín an phobail sa vacsaín. 

Dúirt sé, áfach, go gcothódh fiosrúchán dian an EMA an mhuinín sin arís. 

Lá mór a bhí ann inniu sna scoileanna agus 350,000 leanbh agus déagóir ag filleadh ar na seomraí ranga. Tá daltaí uile na bunscoile ar ais ar scoil anois, seachas páistí a bhfuil siad féin nó a muintir leochaileach ó thaobh an víris, agus d’fhill na daltaí iarbhunscoile atá sa gcúigiú bliain inniu chomh maith.  

An 12 Aibreán atá sé i gceist an chuid eile de na daltaí iarbhunscoile a ligean ar ais ach cúrsaí sláinte phoiblí a bheith sábháilte. 

Fág freagra ar 'Dóchas ag Donnelly gur ‘tamall an-ghearr’ a bheidh snáthaid AstraZeneca ar fionraí'