Dochar mór déanta do na Daonlathaithe Sóisialta ag scannal Hayes

Tá cáil na nDaonlathaithe Sóisialta bunaithe ar a n-íomhá mar pháirtí glan a chloíonn lena   gcuid prionsabal

Dochar mór déanta do na Daonlathaithe Sóisialta ag scannal Hayes

An dtiocfaidh na Daonlathaithe Sóisialta slán as an scannal faoi Eoin Hayes, an Teachta Dála nuathofa i gCuan Bhaile Átha Cliath Theas agus iarfhostaí de chuid Palantir, an comhlacht a chuireann seirbhísí faisnéise is intleachta saorga (AI) ar fáil d’Fhórsaí Cosanta Iosrael?

D’éirigh go hiontach leis na Daonlathaithe Sóisialta san olltoghchán, agus iad ag gnóthú aon suíochán déag, ina measc ceann Eoin Hayes. Mheall siad na vótaí a thug an líon suíochán sin dóibh toisc iad a bheith nua, úr, fuinniúil agus saor ó aon nasc leis an déine nó tréigean a bprionsabal.

Rinne na Daonlathaithe Sóisialta rud mór dá dtacaíocht do Phalaistínigh Gaza agus cháin siad an Rialtas go tréan mar gheall ar an seasamh a ghlac siad i leith an chogaidh i nGaza agus teip an rialtais Bille na gCríocha Gafa a rith.

D’iarr siad freisin go gcuirfí smachtbhannaí níos déine ar chomhlachtaí atá ag baint brabúis as an gcogadh i nGaza.

Ar ndóigh ar na comhlachtaí a bhí ag déanamh airgid as sléacht Ghaza agus as ceangal le fórsaí armtha Iosrael bhí Palantir, comhlacht a  a raibh 7,000 scair aige ón uair a bhí sé ag obair leo idir 2015-2017.

Tháinig sé aniar aduaidh ar an bpáirtí, is cosúil, ach d’éirigh an t-achrann mar gheall ar eolas bréagach a thug Hayes faoin scéal.

Dúirt sé gur dhíol sé a chuid scaireanna sa gcomhlacht sular toghadh é sna toghcháin áitiúla, ach ní raibh sé sin fíor. Chuir na Daonlathaithe Sóisialta a bhallraíocht sa bpáirtí ar fionraí mar gheall air sin.

Ach, mar bharr ar an donas, tháinig eolas amach a léirigh go raibh cúlra amhrasach ag comhlacht Palantir ón tús, mar gur le hinfheistíocht ón CIA a cruthaíodh é.

Chruthaigh an comhlacht cláir chun sonraí a bhailiú ó na meáin shóisialta, ó thaifid fóin agus idirlín, agus iad ag soláthar teicneolaíocht faireachais chonspóideach do chuideachtaí agus do rialtais.

Cuireadh lena raibh á thairiscint acu chun teicneolaíocht AI a sholáthar do ghnólachtaí agus d’airm lena n-áirítear Fórsaí Cosanta Iosrael (IDF). Tá sé de chumas ag an mbogearra SOM, a úsáidtear i nGaza, spriocanna sonracha a aithint le haghaidh ionsaithe drón agus stailceanna aeir.

Séanann Hayes go raibh aon bhaint aige leis an ngné sin den obair nuair a bhí sé fostaithe ag Palantir agus deir sé gur ag obair i réimsí an IT agus HR a bhí sé. Ach ó cuireadh tús le hionsaí Iosrael ar Ghaza tá luach scaireanna sa gcomhlacht ardaithe as cuimse. Tá brabús as cuimse déanta acu siúd a raibh scaireanna acu sa gcomhlacht, Hayes ina measc.

Ní féidir dearmad a dhéanamh ar an mbunghné seo den chomhlacht Palantir agus ráitis na nDaonlathaithe Sóisialta faoi Gaza á meas, agus is í an fhíric sin atá ag cothú na ndeacrachtaí is measa dóibh. Cén chaoi go bhféadfadh siad glacadh le Hayes mar iarrthóir?

Tá gné eile den scéal seo mar gur éirigh le Hayes suíochán Chris Andrews, Sinn Féin, a bhaint. Tá Andrews ar dhuine de na daoine is gníomhaí i bpolaitíocht na hÉireann i dtaobh na Palaistíne. Bhí sé chun tosaigh i ngach aon agóid faoin scéal, agus é bainteach freisin leis an gcabhlachán a dhein iarracht bac Iosrael ar Ghaza a bhriseadh.

Tá sé deacair a shamhlú go dtoghfaí Hayes seachas Andrews dá mbeadh an t-eolas faoi Palantir ag na vótóirí roimh ré. Go deimhin féin tá roinnt daoine sa dáilcheantar a thug vóta dó ag rá nach ndéanfaidís é dá mbeadh an scéal seo ar eolas acu.

Inafhianaise sin tá Sinn Féin ag rá gur chóir do Hayes éirí as an suíochán. Ní cosúil go ndéanfaidh Hayes rud ar bith dá shórt ach cuireann sé leis an mbrú agus leis an náiriú atá ag luí ar na Daonlathaithe Sóisialta.

Ní fheicim gur féidir leo é a ligean ar ais sa bpáirtí, ach ardaíonn an scéal ceist mhór faoin scrúdú a dhéanann an páirtí ar dhaoine atá ag iarraidh a bheith ina n-iarrthóirí acu. Is léir, ar a laghad, nár chuir siad na ceisteanna cearta air agus nach ndearna siad aon fhiosrú faoin gcomhlacht iad féin.

Mhaígh na Daonlathaithe Sóisialta gur páirtí glan a bhí iontu, gur dhearbhaigh siad a gcuid prionsabal is gur chloígh siad leo. Is ar an mbonn sin atá siad ag iarraidh páirt a ghlacadh i gcainteanna rialtais, ag tabhairt le fios nach mbeadh siad sásta páirt a ghlacadh in aon rialtas nach réiteoidh géarchéim na tithíochta, mar shampla.

Agus is ar an mbonn céanna atá siad ag caint le Sinn Féin faoi aontas sa fhreasúra de chineál éigin a dhéanamh.

Má dhéanann siad an cinneadh mícheart faoin scéal seo beidh smál orthu nach n-imeoidh. Tá an páirtí i mbaol.

Fág freagra ar 'Dochar mór déanta do na Daonlathaithe Sóisialta ag scannal Hayes'