‘Do bhíos ag staggeráil ar fuaid na h-áite’ – léargas nua i seanlitreacha ar shaol Sheáin Uí Ríordáin

Maítear go bhfaightear léargas eile ar an Ríordánach i mbailiúchán litreacha ‘a bhréagnaíonn’ an íomhá dá shaol uaigneach a bhí millte ag an eitinn,

‘Do bhíos ag staggeráil ar fuaid na h-áite’ – léargas nua i seanlitreacha ar shaol Sheáin Uí Ríordáin

Deirtear go bhfuil léargas eile ar shaol an mhórfhile Seán Ó Ríordáin ar litreacha a bronnadh ar Choláiste na hOllscoile Corcaigh le déanaí.

Chuir drochshláinte as don Ríordánach ar feadh a shaoil agus cé go luaitear go minic na deacrachtaí sláinte a bhí aige, tá greann agus rógaireacht an fhile le feiceáil sna litreacha a scríobh sé i dtreo dheireadh a shaoil.

“Do bhíos in Cork City ó shoin. Do mhothaíos very sick agus temperatury agus I cudnt eat pioc. Do bhíos ag staggeráil ar fuaid na h-áite,” a scríobh Ó Ríordáin i gceann de na litreacha.

An Dr Ailbhe Ní Ghearbhuigh, an Dr Stiofán Ó Cadhla, an Dr Ríona Ní Churtáin. Pictiúr: Daragh Mac Suibhne/Provision

Ba idir na blianta 1967 agus 1976 a scríobhadh na litreacha sa bhailiúchán agus is chuig a dhlúthchara, Isobel O’Shea, a scríobh Ó Ríordáin an comhfhreagras.

“Duine de mhórfhilí na hÉireann ab ea Seán Ó Ríordáin agus is mór an tionchar a d’imir – agus a imríonn fós – ar scríbhneoirí na tíre seo,” a dúirt an Dr Ailbhe Ní Ghearbhuigh, léachtóir i Roinn na Nua-Ghaeilge i gColáiste na hOllscoile Corcaigh agus í ag trácht ar an gcomhfhreagras.

“Faightear léargas eile ar an Ríordánach sna litreacha seo a bhréagnaíonn an íomhá dá shaol uaigneach a bhí millte ag an eitinn. Tá tábhacht nach beag ag an mbailiúchán seo d’éinne ar spéis leo tráchtaireacht ar chúrsaí polaitiúla agus cultúrtha in Éirinn sna 1960idí agus 70idí.”

Tá líníochtaí beaga tarraingthe ag an Ríordánach i roinnt de na litreacha chomh maith, ceann d’Éamon de Valera agus ceann eile dá bhean tí, Liz, a deir sé a chaitheann níos mó ama ag tabhairt aire dá phuisíní ná a chaitheann sí ag glanadh an tí.

An tOllamh Louis de Paor, Ollscoil na Gaillimh, an tOllamh Emerita Patricia Coughlan. Pictiúr: Daragh Mac Suibhne/Provision

Is le linn tréimhse ríthábhachtach i saol an Ríordánaigh a scríobhadh na litreacha agus é ag druidim níos mó i dtreo an phróis, seachas an fhilíocht.

Ceapadh Ó Ríordáin ina léachtóir páirt-aimseartha i gColáiste na hOllscoile, Corcaigh i 1967 agus bhí sé ina scríbhneoir cónaitheach san institiúid chéanna idir 1969 agus 1976.

Is i 1977 a bhásaigh Ó Ríordáin agus é trí scór bliain d’aois.

Reáchtáladh ócáid speisialta san ollscoil le gairid chun comóradh a dhéanamh ar 70 bliain ó foilsíodh an cnuasach Eireaball Spideoige leis an Ríordánach. Bhí an tOllamh Louis de Paor, an Dr Ríona Ní Churtáin, an tOllamh Patricia Coughlan agus an Dr Stiofáin Ó Cadhlan ina measc siúd a rinne ceiliúradh ar shaothar an fhile ag an ócáid.

“Tá cáil idirnáisiúnta ar Sheán Ó Ríordáin mar dhuine de na filí Gaeilge ba mhó cumas sa 20ú haois. Tá leabharlann phearsanta an Ríordánaigh ar caomhnú cheana féin againn i gColáiste na hOllscoile, Corcaigh, agus is mór an onóir dúinn na litreacha tábhachtacha seo a chur leis an leabharlann sin anois agus iad a bheith ar fáil do lucht taighde agus do mhic léinn i gcoitinne,” a dúirt Crónán Ó Doibhlin, Ceannasaí na mBailiúchán san ollscoil.

 

 

 

Fág freagra ar '‘Do bhíos ag staggeráil ar fuaid na h-áite’ – léargas nua i seanlitreacha ar shaol Sheáin Uí Ríordáin'