‘Dlí Dháithí’ le tosú ar an dáta céanna ar cuireadh Dáithí Mac Gabhann ar liosta d’aistriú croí cúig bliana ó shin

Tabharfar feidhm ar an 1 Meitheamh do ‘Dlí Dháithí’, an dlí nua faoin deonú orgán atá ainmnithe i ndiaidh cainteoir Gaeilge as Béal Feirste

‘Dlí Dháithí’ le tosú ar an dáta céanna ar cuireadh Dáithí Mac Gabhann ar liosta d’aistriú croí cúig bliana ó shin

Beidh dlí nua faoin deonú orgán atá ainmnithe i ndiaidh cainteoir Gaeilge óg as Béal Feirste á chur i bhfeidhm sa Tuaisceart ar an 1 Meitheamh.

Tráthnóna a dheimhnigh an Roinn Sláinte le Máirtín Mac Gabhann, athair Dháithí, an buachaill óg a bhfuil aistriú croí de dhíth air, go mbeidh feidhm le ‘Dlí Dháithí’ sa Tuaisceart ón chéad lá Meitheamh ar aghaidh.

Chuir Rí Séarlas III Shasana a lámh leis an dlí nua aréir.

In Westminster a tugadh an dlí isteach mar nach bhfuil Stormont ag feidhmiú faoi láthair.

De réir ‘Dlí Dháithí’, beidh gach duine fásta sa Tuaisceart áirithe mar dheontóir orgáin seachas sa chás go roghnaíonn siad gan a bheith ina ndeontóir orgáin.

Ag labhairt dó le Tuairisc, dúirt Máirtín Mac Gabhann gur “bua mór eile” dá bhfeachtas é go mbeidh feidhm á tabhairt do Dhlí Dháithí an dáta céanna ar cuireadh ainm a mic ar liosta feithimh fá choinne deonú croí cúig bliana ó shin.

“Lá mór ceiliúrtha a bheas ann, agus dáta thar a bheith speisialta é i scéal Dháithí ó tharla gur ar an chéad lá de mhí an Mheithimh 2018 a chuir muid ainm Dháithí ar liosta feithimh,” a dúirt sé.

Bhí Dáithí 14 mí nuair a fuair Máirtín Mac Gabhann agus Seph Ní Mhealláin, beirt Ghaeilgeoirí as Béal Feirste, amach go raibh aistriú croí de dhíth air agus chuir siad tús le feachtas chun an dlí maidir le deonú orgán a leasú.

Dúirt Máirtín Mac Gabhann gur thug an scéal “ardú meanman mór” do Dháithí agus don teaghlach ar fad.

“Tá muid buíoch do gach duine a thacaigh le Dáithí, leis an fheachtas agus leis na polaiteoirí a chuidigh linn,” a dúirt sé.

Mhol Státrúnaí Thuaisceart Éireann, Chris Heaton-Harris, agus na feisirí parlaiminte in Westminster an “misneach” agus an “dúthracht” a léirigh Dáithí agus a thuismitheoirí ina bhfeachtas ar son na reachtaíochta nua.

Cinneadh Dlí Dháithí a thabhairt isteach in Westminster i ndiaidh gur theip ar iarrachtaí Státrúnaí Thuaisceart Éireann, Chris Heaton-Harris, feidhmeannas Stormont a chur ar bun ar feadh aon lá amháin chun leasú ar an reachtaíocht deonaithe orgán a dhéanamh.

Bhí Daithí, a thuismitheoirí agus a dheirfiúr beag, Cairbre, i láthair in Westminster an tseachtain seo caite nuair a ritheadh an bille ina ndearnadh leasú ar Dhlí Dháithí.

Dúirt Máirtín Mac Gabhann go raibh “lá mór iontach” acu in Westminster agus gur cuireadh “an-fháilte” rompu.

“Ní dóigh liom go raibh a leithéid de lá ann i dTeach na Parlaiminte cheana. Bhí gach duine chomh tógtha sin faoi Dháithí a bheith i láthair. Tá muid ag fáil cártaí buíochais ó fheisirí parlaiminte éagsúla le seachtain anuas. Fuaireamar cárta ó na Tóraithe agus ó Pháirtí an Lucht Oibre inniu,” a dúirt Máirtín Mac Gabhann.

Beidh oíche ar son Dháithí agus ‘Dlí Dháithí’ ar siúl i mBéal Feirste ar an 31 Márta.

Fág freagra ar '‘Dlí Dháithí’ le tosú ar an dáta céanna ar cuireadh Dáithí Mac Gabhann ar liosta d’aistriú croí cúig bliana ó shin'