‘Bua mór’ do Ghael óg as Béal Feirste in Westminster, glactha le ‘Dlí Dháithí’ faoin deonú orgán 

Bhí Dáithí Mac Gabhann, atá ar liosta feithimh fá choinne deonú croí le ceithre bliana go leith, ag croitheadh láimhe ar fheisirí parlaiminte ó ghailearaí Westminster nuair a bhí ‘Dlí Dháithí’ á phlé

‘Bua mór’ do Ghael óg as Béal Feirste in Westminster, glactha le ‘Dlí Dháithí’ faoin deonú orgán 

Pictiúr: Twitter/@Donate4Daithi

Údar “mór dóchais” go bhfuil dlí nua faoin deonú orgán, atá ainmnithe i ndiaidh Gael sé bliana d’aois as Béal Feirste, i ndiaidh an chéim dheireanach a chur de i dTeach na Parlaiminte in Westminster.

Bhí Dáithí Mac Gabhann, atá ar liosta feithimh fá choinne deonú croí le ceithre bliana go leith, ag croitheadh láimhe ar fheisirí parlaiminte ó ghailearaí Westminster nuair a bhí ‘Dlí Dháithí’ á phlé.

De réir ‘Dlí Dháithí’, beidh gach duine fásta sa Tuaisceart áirithe mar dheontóir orgáin seachas sa chás go roghnaíonn siad gan a bheith ina ndeontóir orgáin.

Chuir Státrúnaí Thuaisceart Éireann, Chris Heaton-Harris, fáilte mhór roimh Dháithí Mac Gabhann agus a thuismitheoirí, Seph Ní Mhealláin agus Máirtín Mac Gabhann, beirt chainteoirí Gaeilge atá i mbun feachtais le roinnt blianta chun an dlí maidir le deonú orgán a leasú.

Mhol Státrúnaí Thuaisceart Éireann, Chris Heaton-Harris, agus na feisirí parlaiminte ar fad a labhair faoi ábhar, an “misneach” agus an “dúthrachta léirigh Dáithí agus a thuismitheoirí ina bhfeachtas ar son na reachtaíochta nua.

“Tá a fhios agam go ndeachaigh scéal Dháithí agus an troid atá déanta ag tuismitheoirí Dháithí ar son athraithe i dtaobh deonú orgáin i bhfeidhm go mór ar gach duine sa teach seo,” a dúirt sé.

Dúirt sé, áfach, nár cheart go mbeadh ar mhuintir Dháithí an turas go Westminster a dhéanamh agus go raibh “díomá” air nár tugadh an dlí isteach fríd Stormont.

“D’fhéadadh an dlí a bheith tugtha isteach in Stormont agus ba cheart gur ansin a thabharfaí isteach é,” a dúirt Státrúnaí Thuaisceart Éireann.

“Cás speisialta” a bhí i gcás Dháithí, a dúirt sé agus mhol sé feisirí parlaiminte Westminster as “bealach a aimsiú” leis an reachtaíocht a achtú an t-earrach seo mar a bhí beartaithe, a dúirt sé.

Mar leasú ar an Northern Ireland (Executive Formation) Bill a tugadh ‘Dlí Dháithí’ isteach in Westminster. Tá glactha anois leis an bhille ag an pharlaimint agus rachaidh sé ar aghaidh go dtí Teach na dTiarnaí.

Is i nGaeilge a ghabh Claire Hanna, an Feisire Parlaiminte de chuid an SDLP, comhghairdeas le Dáithí agus lena mhuintir as an fheachtas ar son ‘Dlí Dháithí’.

“Tá tú i do chodladh anois, a Dháithí, i ndiaidh an turais. Cinnte, maith thú, bhí sibh tuirseach i ndiaidh an taistil.

“Tú féin, do mhamaí, do dhaidí, agus anois do dheirfiúr bheag, ba chóir daoibh a bheith an-bhródúil as an bhfeachtas a throid sibh, as an misneach a léirigh sibh, as an bhua mór a bhain sibh amach le chéile. Iarraim ar Dhia go mbeidh dea-scéal agus croí nua agat,” a dúirt an Feisire Parlaiminte ón SDLP.

Dúirt an feisire de chuid Pháirtí Náisiúnach na hAlban, Richard Thomson gur “buachaill inspioráideach agus suáilceach” é Dáithí Mac Gabhann agus gur éirigh leis páirtithe sa Tuaisceart “a thabhairt le chéile”.

Dúirt Thomson gur léiriú é ‘Dlí Dháithí’, a tháinig os comhair an Fheidmeannais ó thuaidh dhá bhliain ó shin den chéad uair, ar an mhéid “a d’fhéadfaí a bhaint amach dá mbeadh Stormont ag obair”.

Dúirt an Feisire Parlaiminte de chuid an DUP, Jim Shannon, go raibh “ardmholadh ar fad tuillte” ag muintir Dháithí Mhic Gabhann as an fheachtas “den scoth” a throid siad ar son dlí a mbeidh ainm Dháithí “luaite leis go deo”.

Fág freagra ar '‘Bua mór’ do Ghael óg as Béal Feirste in Westminster, glactha le ‘Dlí Dháithí’ faoin deonú orgán '

  • jpmorley0@gmail.com

    Is fiú gach rud an pictiúir lonrach álainn sin. Buíochas leis an té a thóg.