Diúltú cead pleanála do mhuintir na Gaeltachta ina chúis imní ag Bord nua Údarás na Gaeltachta

Bhí a gcéad chruinniú inniu ag Bord nuacheaptha Údarás na Gaeltachta agus bhí cúrsaí pleanála tithíochta go mór sa treis

Diúltú cead pleanála do mhuintir na Gaeltachta ina chúis imní ag Bord nua Údarás na Gaeltachta

Bhí cúrsaí pleanála tithíochta go mór sa treis inniu ag an gcéad chruinniú de Bhord nuacheaptha Údarás na Gaeltachta agus plé fada ag baill nua an bhoird  faoi na deacrachtaí a bhíonn ag muintir na Gaeltachta cead pleanála a fháil ina gceantair féin, deacrachtaí, a dúradh, atá ag cur srian ar fhorbairt na Gaeltachta.

Léirigh an Bord nua a n-imní maidir le cead pleanála a bheith á dhiúltú do mhuintir na Gaeltachta agus rinneadh cinneadh go rachfaí i gcomhairle leis an Roinn Cultúir, Oidhreachta agus Gaeltachta chun an scéal a phlé.

Glacadh d’aonghuth le rún ag cruinniú an lae inniu sna Forbacha i gConamara go mbeadh ionadaí ó Údarás na Gaeltachta ar an mBord Pleanála chun go ndéanfaí cás na Gaeilge agus na Gaeltachta a áireamh in obair na heagraíochta sin.

Tugadh le fios i ndiaidh an chruinnithe inniu gur cheadaigh an Bord tograí ina bhfuiltear ag súil 92 post nua lánaimseartha agus ceithre phost páirtaimseartha a chruthú iontu. €7.2 milliún an infheistíocht a dhéanfar sna tograí sin nuair a bheidh siad faoi lán seoil, a dúradh.

Cheadaigh an Bord nuacheaptha chomh maith deontas do Chomhlucht Forbartha na nDéise Teo. chun tabhairt faoi staidéar agus taighde a dhéanamh ar fhorbairt Lárionad Cultúrtha agus Turasóireachta i mBaile na nGall sna Déise.

Tá Comhlucht Forbartha na nDéise ag súil le Lárionad a fhorbairt ina mbeadh seirbhísí turasóireachta, fiontraíochta, cultúrtha agus áiseanna pobail. Déanfar iniúchadh anois ar an gcostas caipitil a bhainfeadh le forbairt dá leithéid. €12,100 a ceadaíodh don taighde.

Tugadh eolas chomh maith do na baill nua faoi staid na pleanála teanga sa Ghaeltacht agus faoi Straitéis 2018-2020 na heagraíochta.

 

Fág freagra ar 'Diúltú cead pleanála do mhuintir na Gaeltachta ina chúis imní ag Bord nua Údarás na Gaeltachta'

  • Sam

    Cé hiad féin? Gan aon ainm luaite le duine ar bith agaibh sa phictiúr? Cuir in aithne dùinn iad!

  • Cordelia Nic Fhearraigh

    Cé hiad ‘muintir na Gaeltachta’ na laetha seo? Nuair atá níos mó Béarla a labhairt ag daoine sa Ghaeltacht ná mar atá Gaeilg. Imeachtaí sóisialta uilig i mBéarla, Béarla sna seirbhísí eaglasta, Béarla sna siopaí agus gnóithí Gaeltachta, spóirt, carthanachtaí, seirbhísí stáit….

    Cá huair a thabharfaí tús áite don Ghaeilg agus líofacht sa Ghaeilg agus ‘muintir na Gaeltachta’ ag cuardú cead pleanála sa ‘Ghaeltacht’??

  • Feardorcha

    Sea, na gnáthghiollaí páirtí is dócha.
    Ní bheadh mórán iontaoibh agam iontu an fód a sheasamh do lucht na teanga maidir le cúrsaí pleanála faraor, ní ansin atá na vótaí ná an t-airgead.