Diúltaíodh don rún a chuir iarUachtarán Chonradh na Gaeilge, Cóilín Ó Cearbhaill, chun cinn ag Ard-Fheis na heagraíochta go ndéanfaí post lánaimseartha de ról Uachtarán an Chonartha amach anseo.
Chuir Ó Cearbhaill an rún os comhair na dteachtaí a bhí i láthair ag Ard-Fheis an Chonartha in Óstán Chuan na Gaillimhe an deireadh seachtaine seo díreach sular tháinig deireadh lena théarma Uachtaránachta.
“Aithníonn an Ard-Fheis seo gur ar leas na heagraíochta agus na gluaiseachta trí chéile go n-aithneofaí ról Uachtarán Chonradh na Gaeilge mar ról lánaimseartha agus go n-iarrfaí ar an mBuanchoiste na socruithe cuí a réiteach chuige seo,” an rún a mhol an t-iarUachtarán.
Bhí plé bríomhar ann ar an ábhar agus ghlac Ó Cearbhaill le leasú ar a rún. Baineadh an focal ‘réiteach’ agus cuireadh an focal ‘fiosrú’ ina áit, rud a fhágfadh níos lú cumhachta ag an mBuanchoiste dá n-éireodh leis an moladh.
Dúirt Ó Cearbhaill gur bhraith sé go raibh “go leor deiseanna á gcailliúint” ag an eagraíocht toisc nach ról lánaimseartha é ról an Uachtaráin faoi láthair. Dúirt sé go raibh sé tábhachtach ó thaobh fhorbairt na heagraíochta de, go mbeadh an tUachtarán in ann freastal níos mó a dhéanamh ar an eagraíocht, agus gur cheart go mbeadh an tUachtarán in ann freastal níos minice ar imeachtaí an Chonartha.
Bhíothas buartha, áfach, go mbainfí ón íomhá atá ag an bpobal den Chonradh mar eagraíocht dheonach dá gcruthófaí post eile a raibh tuarastal ag baint leis. Dúirt Teachta amháin, ar fhostaí de chuid na heagraíochta é, go mbeadh an Conradh “ag cailleadh ceann de na luachanna is mó atá ag an eagraíocht”, is é sin go bhfuil an taobh deonach ann, chomh maith leis na fostaithe. Dúirt teachta eile go raibh foireann mhéadaithe ag an gConradh le cúpla bliain anuas ar aon chaoi, go raibh an fhoireann sin “ag feidhmiú go héifeachtach”, agus “nach raibh gá” post lánaimseartha a dhéanamh de.
Léiríodh imní freisin faoin srian a chuirfí ar líon na ndaoine a d’fhéadfadh seal a chaitheamh ina nUachtarán toisc post lánaimseartha a bheith ag duine cheana féin. Labhair níos mó ná teachta amháin ar an ábhar sin. Dúirt Ó Cearbhaill cheana gur thuig sé go mbeadh an deacracht sin ann, ach go bhfuil roghanna ag go leor daoine, ag brath ar an gcineál fostaíochta atá acu, sos gairme a thógáil ar feadh bliana a ligfeadh dóibh cúraimí Uachtarán lánaimseartha a ghlacadh chucu féin.
Labhair an teachta ó Ard-Chraobh Chonradh na Gaeilge go láidir ar son an rúin, áfach, agus dúirt go raibh sé tábhachtach go n-éistfí go háirithe le tuairimí na n-iarUachtarán ar an gceist. Thacaigh an Ard-Chraobh le go leor dá ndúirt ag Ó Cearbhaill faoi ról an Uachtaráin, agus na buntáistí a bhainfeadh le post lánaimseartha a dhéanamh de. Tugadh le fios go raibh stádas ag an ról agus go raibh urraim agus meas ag baill an Chonartha ar a n-uachtarán. Dá mba phost lánaimseartha a bhí i gceist, a dúradh, d’fhéadfaí i bhfad níos mó a dhéanamh ar son na heagraíochta.
Cé nár luaigh Ó Cearbhaill tuarastal ina rún, tháinig an tsuim €60-70,000 aníos, agus rinneadh cuid mhaith cainte faoin gcostas a bhainfeadh le tuarastal an uachtaráin dá mba ról lánaimseartha é. Dúradh “go mb’fhearr i bhfad Timirí lánaimseartha” a fhostú leis an airgead a chaithfí ar thuarastal uachtaráin. Chuir an chaint faoin ‘€70,000’ frustrachas ar Chóilín Ó Cearbhaill, a dúirt gur faoin mBuanchoiste a bheadh sé ceisteanna tuarastail a shocrú agus nach gá gurbh é an méid sin a bheadh i gceist ná baol air.
Ag labhairt ar son an rúin, chuir teachta eile ról lánaimseartha Uachtarán CLG i gcomparáid le ról deonach Uachtarán Chonradh na Gaeilge. Dúradh gur sampla maith í uachtaránacht na heagraíochta spóirt de ról intofa lánaimseartha a mbíonn tréimhsí gearra i gceist leis.
Ar deireadh thiar, bhí formhór mór na dteachtaí in aghaidh an rúin go ndéanfaí post lánaimseartha de ról Uachtarán Chonradh na Gaeilge, an tUachtarán nuathofa, Niall Comer, ina measc, agus diúltaíodh don rún dá réir.
Fág freagra ar 'Diúltaithe don mholadh go ndéanfaí post lánaimseartha d’uachtaránacht Chonradh na Gaeilge'