Diúltaithe do gach cúrsa eile Breatimeachta in Westminster

Theip ar an iarracht is déanaí teacht ar chomhaontú traspháirtí faoin mBreatimeacht i bparlaimint Breataine agus gan ach deich lá fágtha go dtí an spriocdháta Breatimeachta is déanaí

Diúltaithe do gach cúrsa eile Breatimeachta in Westminster

Vótáil feisirí parlaiminte in Westminster anocht i gcoinne ceithre mholadh eile mar mhalairt ar mhargadh Theresa May.

Reáchtáladh na vótaí táscacha anocht in iarracht eile ag feisirí smacht a fháil ar an mBreatimeacht agus cúrsa eile a leagan amach dó.

Ach theip ar an iarracht is déanaí teacht ar chomhaontú traspháirtí sa pharlaimint agus gan ach deich lá fágtha go dtí an spriocdháta Breatimeachta is déanaí.

Ba iad na moltaí ar caitheadh vóta orthu aréir ná aontas custam nua; ‘cómhargadh 2.0’, nó socrú ar chuma cheann na hIorua;  reifreann eile faoin mBreatimeacht; agus rún a chuirfeadh Airteagal 50 ar ceal le cur ar chumas na parlaiminte Breatimeacht gan mhargadh a chosc.

Cé nár glacadh le haon cheann acu, ní raibh ach móramh beag de thriúr i gcoinne mholadh Ken Clarke faoin aontas custam agus móramh de 12 a bhí i gcoinne an dara reifreann. D’fhógair Nick Boles, an feisire a mhol an ‘cómhargadh 2.0′, i ndiaidh na vótaí go raibh faoi éirí as na Tóraithe toisc ‘a neamhghéilliúla’ is atá an páirtí.

Mar ar tharla an tseachtain seo caite, tugadh ordú d’airí rialtais staonadh ó vótáil agus tugadh saorvóta d’fheisirí na dTóraithe.

Tuairiscíodh níos túisce tráthnóna inné go bhféadfadh go mbeadh vóta an tseachtain seo chugainn ann idir margadh May agus an rún is mó a gheobhadh tacaíocht anocht

Tuairiscítear leis go raibh lucht tacaíochta Theresa May ag súil go meallfaí dóthain tacaíochta do leagan den Bhreatimeacht nach mbeadh chomh dian ionas go gcuirfí ar a súile do na Breatimeachtóirí is diongbháilte sa pharlaimint gurb é margadh May an Breatimeacht is crua atá ar fáil dóibh.

Dúirt urlabhraí Breatimeachta an DUP Sammy Wilson nach mbeifí ag tacú le margadh May ba chuma cad a tharlódh toisc go “scarfadh” an socrú sin aontachtaithe ón “tír ar throid siad le fanacht inti”.

Cheadaigh an tAE don Bhreatain an Breatimeacht a chur siar go dtí an 12 Aibreán agus más faoi Theresa May Breatimeacht gan mhargadh a sheachaint an lá sin beidh uirthi plean nua a chur faoi bhráid an Aontais roimhe sin agus síneadh ama níos faide a lorg an tseachtain seo chugainn.

Fág freagra ar 'Diúltaithe do gach cúrsa eile Breatimeachta in Westminster'