Diúltaithe d’áiteamh go raibh díolúine ón nGaeilge ag dul do ‘Dublin Port’ ar bhonn ‘ealaíne’

Chinn an Coimisinéir Teanga gur sháraigh comhartha mór ‘Dublin Port’ ar an tslí isteach chuig an gcalafort an reachtaíocht teanga

Diúltaithe d’áiteamh go raibh díolúine ón nGaeilge ag dul do ‘Dublin Port’ ar bhonn ‘ealaíne’

Bhí easaontas idir an Coimisinéir Teanga agus Comhlacht Chalafort Bhaile Átha Cliath faoi cé acu an saothar ealaíne, nó comhartha poiblí nó an dá rud a bhí i bpainéal mór cruach ag an gcalafort.

Thosaigh an plé nuair a rinneadh gearán le hoifig an Choimisinéara faoi chomhartha mór i mBéarla amháin a bhí curtha in airde ag Comhlacht Chalafort Bhaile Átha Cliath ar Bhóthair an Phoirt Thoir.

‘Dublin Port’ atá greanta ar an bpainéal cruach ar an tslí isteach chuig an gcalafort.

Dá nglacfaí leis gur chomhartha poiblí a bhí ann chaithfeadh sé, de réir na reachtaíochta teanga, a bheith i nGaeilge nó dátheangach.

Ach mhaígh an Comhlacht Calafoirt le linn imscrúdú an Choimisinéara nach comhartha a bhí sa bpainéal cruach ach “suiteán”, nó ‘installation ealaíne’ a bhí ina dhlúthchuid den athfhorbairt a rinneadh ar an láthair in 2017.

Dúradh gur bhalla dealbhóireachta de chruach corten a bhí ann agus go mba “léiriú ealaíonta nua-aimseartha” é ar an gcruach a bhíodh á húsáid sa phort san am a chuaigh thart.

Dúirt an comhlacht gur osclaíodh cuid den “limistéar athfhorbartha” don phobal “mar spás ealaíne, ailtireachta agus staire agus é mar chuspóir an ceangal idir an calafort agus an chathair a athdheimhniú agus a threisiú”.

Luaigh siad dá réir, mar chosaint ar ‘Dublin Port’ amháin a bheith le feiceáil, foráil sna rialacháin teanga a thugann díolúine do chomhartha “ar díol spéise é ó thaobh na healaíne, na hailtireachta nó na staire de”.

Ghlac an Coimisinéir leis go raibh gnéithe suntasacha ealaíne agus ailtireachta ag baint leis an bpainéal cruach ach dúirt sé gur léir go raibh sé ag feidhmiú mar chomhartha sa ghnáthchiall chomh maith.

Chinn sé dá réir nár bhain an díolúine leis an gcás seo agus gur ghá cloí leis na rialacháin.

“Is léir go dtugann an inscríbhinn le fios don té atá ar an mbóthar poiblí go bhfuil an calafort in aice láimhe,” a dúirt an Coimisinéir.

Dúirt sé chomh gur bhain an díolúine le comharthaí a bhí ann roimh an 1 Márta 2009.

“B’ionann glacadh lena mhalairt agus forléiriú áiféiseach ar na Rialacháin,” arsa an Coimisinéir.

Threoraigh an Coimisinéir go gcuirfeadh Comhlacht Chalafort Bhaile Átha Cliath moltaí chuige faoin tslí a gcloífí le riachtanais na rialachán  taobh istigh de shé seachtaine ó dháta na tuarascála agus dá mbeidís sásúil, go mbeadh na moltaí sin curtha i bhfeidhm laistigh de shé mhí.

Fág freagra ar 'Diúltaithe d’áiteamh go raibh díolúine ón nGaeilge ag dul do ‘Dublin Port’ ar bhonn ‘ealaíne’'