Diúltaithe d’achomharc an Stáit maidir le Gaeilge ar phacáistiú táirgí leighis

Seasadh sa Chúirt Achomhairc le cinneadh na hArd-Chúirte i mBaile Átha Cliath agus cinneadh na Cúirte Breithiúnais i Lucsamburg faoi mhaíomh an fhir Ghaeltachta Peadar Mac Fhlannchadha gur sárú ar threoir Eorpach é gan an Ghaeilge a bheith á húsáid freisin ar tháirgí leighis d’ainmhithe sa tír seo

Diúltaithe d’achomharc an Stáit maidir le Gaeilge ar phacáistiú táirgí leighis

Tá dearbhaithe ag an gCúirt Achomhairc gur theip ar an Stát feidhm mar is ceart a thabhairt sa dlí do threoir de chuid na hEorpa go gcaithfeadh Gaeilge agus Béarla a bheith ar lipéid agus pacáistiú táirgí leighis d’ainmhithe.

Diúltaíodh sa chúirt d’achomharc an Stáit i gcoinne chinneadh na hArd-Chúirte mí an Mheithimh seo caite gur cheart go mbeadh Gaeilge agus Béarla ar na lipéid d’ainmhithe.

Cuireann cinneadh na Cúirte Achomhairc i mBaile Átha Cliath inniu clabhsúr ar chás arbh é an chéad chás as Gaeilge a tháinig os comhair Chúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh i Lucsamburg.

Peadar Mac Fhlannchadha, atá ina Leas-Ardrúnaí ar Chonradh na Gaeilge, a thug an cás in aghaidh an Aire Talmhaíochta agus an Stáit agus é ag maíomh gur sárú ar threoir Eorpach é gan an Ghaeilge a bheith á húsáid freisin ar tháirgí leighis sa tír seo.

Dúradh i mbreithiúnas na Cúirte Achomhairc inniu go raibh Mac Fhlannchadha “i dteideal” an Ghaeilge a bheith ar fáil dó ar na lipéid mar chainteoir Gaeilge agus mar thomhaltóir táirgí tréidliachta”.

Ar bhonn práinne a éisteadh an cás mar ón 28 Eanáir 2022 ar aghaidh, beidh saoirse ag ballstáit an Aontais Eorpaigh maidir le lipéadú agus beidh cead ag an Stát Béarla nó Gaeilge a roghnú do na lipéid.

Ar an mbonn sin, leasaíodh sa Chúirt Achomhairc an chuid sin de chinneadh na hArd-Chúirte go gcaithfí rialacháin a thabhairt isteach a d’éileodh go mbeadh na lipéid i nGaeilge agus i mBéarla.

Cé go bhfágann sin nach mbeidh aon éifeacht phraiticiúil ag an gcinneadh ar chás na lipéad, meastar go bhfuil prionsabal tábhachtach leagtha síos ag an gCúirt Achomhairc.

Is é sin go bhfuil an ceart ag an saoránach tabhairt ar Rialtas na hÉireann treoir de chuid an Aontais Eorpaigh a chur i bhfeidhm i gceart sa stát seo má theipeann ar an Rialtas sin a dhéanamh agus má chuireann an teip sin isteach ar an saoránach.

D’ordaigh an Chúirt Achomhairc go mbeadh costais iomlán dlí Pheadair Mhic Fhlannchadha le híoc ag an stát.

Mhaígh an Stát – an tAire Talmhaíochta agus an tArd-Aighne – nár bhain ceist na Gaeilge ar na lipéid le hábhar mar go raibh an treoir ag dul in éag agus mar nach raibh aon éifeacht ag an treoir.

Mhaígh lucht dlí Pheadair Mhic Fhlannchadha go raibh an treoir chéanna ‘soiléir, beacht agus neamhchoinníollach’.

Chinn an Chúirt Bhreithiúnais i Lucsamburg mí an Mhárta go gcaithfeadh an Ard-Cúirt in Éirinn a dhearbhú gur theip ar an Stát cloí leis an treoir gur gá an Ghaeilge a chur ar lipéid agus pacáistiú táirgí leighis d’ainmhithe.

Is ina dhiaidh sin a thug an Stát an cás chomh fada leis an gCúirt Achomhairc.

Fág freagra ar 'Diúltaithe d’achomharc an Stáit maidir le Gaeilge ar phacáistiú táirgí leighis'

  • Amhairghin Liam Ó Caoindealbháin

    An Rialtas ag moladh is ag maíomh astu féinig go bhfuil an Ghaeilinn anois ina teanga oibre san AE, ach fós níl siad ag comhlíonadh a ndualgais féin maidir le cearta teanga sa tír seo. Cén mhaitheas atá ann má tá trí scór aistritheoir sa bhreis thall sa Lucsamburg mura bhfuil an Rialtas atá againn in Éirinn dáiríre faoi cheist na teangan. Is léir nach bhfuil aon suim acu an Ghaeilinn a choinneáil mar teanga éigeantach ar na lipéidí nuair a thagann an deis chun fáil réidh leis an stádas atá aici ag deireadh na míosa seo. Náireach.

  • Dónall

    Cén costas a sheas Conradh na Gaeilge don rud seo ar fad ó thús go críoch? Dá mbeidís chomh maith ag seasamh an fód do chearta teanga mar atádar do lipéad ar mhála beatha do ghadhar bheadh muinnín de chineál astu!! An díreach seó atá ar siúl acu? Airgead an cháin íocóra atá anseo….príorachtaí ar leith ag an gConradh agus is léir go bhfuil an teanga i bhad síos an liosta, más ann dó in aon chor acu?!

  • Éamonn Ó Gribín

    Cé mhéad airgid a chaith an rialtas ar an achomharc?
    Maidir le ; “Ar an mbonn sin, leasaíodh sa Chúirt Achomhairc an chuid sin de chinneadh na hArd-Chúirte go gcaithfí rialacháin a thabhairt isteach a d’éileodh go mbeadh na lipéid i nGaeilge agus i mBéarla.”
    Ina dhiaidh sin is uile, “Tá dualgas ar an Stát an Ghaeilge a chur chun cinn agus a chothabháil. Bheadh sé ag sárú an dualgais sin dá bhfógródh sé go buan go ndéanfaí feidhmeanna áirithe de chuid an Stáit a dhéanamh i mBéarla agus i mBéarla amháin, gan aird ar mhianta saoránach a bheadh inniúil an Ghaeilge a úsáid ina ngnóthaí leis an Stát agus a chuid ball agus ar mhian leo an Ghaeilge a úsaid sna réimsí feidhmeanna sin.” (Tagairt: TREOIRLÍNTE d’ullmhú Scéime. Lth 5. https://www.coimisineir.ie/userfiles/files/Treoirlinte_do_Scimeanna_faoin_Acht.pdf )