Deir an Cumann Gaelach in Ollscoil na Banríona go leanfar leis an bhfeachtas ar son comharthaí dátheangacha ar an gcampas in ainneoin go bhfuil sé tugtha le fios ag bainistíocht na hollscoile nach bhfuil sé i gceist comharthaíocht nua a chur in airde.
Tá a n-ainm curtha ag breis is 1,000 duine le hachainí go gcuirfí an Ghaeilge ar chomharthaí timpeall na hollscoile agus reáchtáladh agóid ar an gcampas i mBéal Feirste an tseachtain seo caite mar chuid den fheachtas.
Chas ionadaithe ón gCumann Gaelach le bainistíocht na hollscoile an tseachtain seo chun an scéal a phlé. Dúirt urlabhraí ón gCumann Gaelach gur chlis ar na cainteanna, áfach, agus gur thug lucht na hollscoile nach mbeadh siad sásta airgead a chaitheamh ar bhuanchomharthaí dátheangacha.
Dar leis an gCumann Gaelach, tugadh le fios go bhféadfaí an Ghaeilge a úsáid i measc teangacha eile ar chomharthaíocht dhigiteach, ach níl an grúpa mac léinn sásta leis sin mar réiteach.
“Aithníonn an Cumann Gaelach an tábhacht a bhaineann le comharthaíocht dhigiteach ilteangach, agus tacaíonn muid lenár gcampas a dhéanamh níos cuimsithí agus níos fáiltí do na mic léinn idirnáisiúnta atá ag staidéar anseo agus a chuireann go mór leis an phobal bhríomhar agus ilchultúrtha atá muid ag iarraidh a chaomhnú ar an champas.
“Ní leor é seo do na Gaeil in Ollscoil na Banríona a íocann a gcuid táillí bliain i ndiaidh bliana,” a dúradh.
Dúirt an Cumann Gaelach gur údarás poiblí atá in Ollscoil na Banríona agus go bhfuil dualgas air an Ghaeilge a chaomhnú agus a chur chun cinn ar an gcampas.
Tá iarrachtaí ar bun ag an gCumann Gaelach ó 2017 tabhairt ar na húdaráis comharthaíocht dhátheangach a chur in airde arís ach níl glactha ag lucht bainistíochta hollscoile leis an moladh go fóill.
Bhí comharthaíocht dhátheangach le feiceáil i bhfoirgneamh aontas mac léinn na hollscoile tráth ach cinneadh i 1997 í a bhaint anuas chun mic léinn aontachtacha a mhealladh.
Dúirt an Cumann Gaelach nach bhfuil siad chun géilleadh ar an gceist agus go leanfaidh leis an bhfeachtas go dtí go dtabharfar isteach an chomharthaíocht dhátheangach.
Idir an dá linn, is ag agóidíocht i gcoinne comharthaí dátheangacha a bhí cúpla scór duine a bhailigh i Mórstáisiún Lárnach Bhéal Feirste ag tús na seachtaine.
Reáchtáladh an agóid i gcoinne chinneadh an Aire Bonneagair, Liz Kimmins Shinn Féin, comharthaíocht i nGaeilge agus i mBéarla a chur in airde sa lárionad iompair nua.
Léirigh cuid díobh siúd a chruinnigh ag an agóid oíche Dé Luain míshásamh faoin gcinneadh sin á rá nach ndeachaigh an tAire ná a roinn i gcomhairle le muintir na háite.
“Níl muid in Éirinn, tá muid in Ulaidh. Ní hí ár dteanga í. Ní hí ár dteanga dhúchais í, ach oiread. Tá a fhios agat, is teanga Ghaelach í as tír iasachta,” a dúirt fear amháin leis an Irish News.
Is i mBéarla amháin atá na comharthaí sa stáisiún i láthair na huaire ach d’fhógair an tAire Kimmins an mhí seo caite go raibh comharthaíocht dhátheangach le cur in airde.
Meastar gur thart ar £120,000 a chosnóidh sé na comharthaí nua a chur in airde ach tá stop curtha leis an bpróiseas deartha toisc go bhfuil cás dlí tugtha ag an ngníomhaí dílseach Jamie Bryson i gcoinne na Roinne Bonneagair
Tá cáineadh déanta ag an DUP ar an gcinneadh chomh maith agus é ráite ag ceannasaíocht an pháirtí nár chóir go mbeadh an cinneadh fógartha ag Kimmins gan é a phlé le feidhmeannas Thuaisceart Éireann.
An Buachail Báire
Cén chostas a bhí ar na comharthaí Béarla a chur in airde?