Ba chóir go mbeadh Acht Gaeilge don Tuaisceart ina ‘red-line issue’ ag Sinn Féin má bhíonn toghchán ó thuaidh ann, dar le hArd-Rúnaí Chonradh na Gaeilge Julian de Spáinn.
Ag labhairt dó le Tuairisc.ie faoi dhiúltú an Aire Airgeadais Máirtín Ó Muilleoir a rá cé acu an mbeadh nó nach mbeadh cás na Gaeigle ina bhunphrionsabal toghcháin, dúirt de Spáinn go dtuigeann sé don Aire mar go bhfuil plé fós le déanamh ag Sinn Féin faoina straitéis toghcháin. Dúirt de Spáinn, áfach, go mbeadh Conradh na Gaeilge ag súil go mbeadh ceist na teanga ina bunphrionsabal ina gclár toghcháín.
Dúirt sé go mbeadh an eagraíocht i dteagmháil le Sinn Féin agus na páirtithe eile ó thuaidh chun impí orthu ceist Acht na Gaeilge a ghlacadh chucu féin mar bhunphrionsabal.
“Táthar tar éis a léiriú níos mó ná riamh le cúpla mí an gá atá ann le hAcht Gaeilge ó thuaidh. Beimid ag iarraidh ar gach aon pháirtí aird a thabhairt ar cheist na teanga agus a chinntiú go mbeidh sé ar chlár oibre an chéad fheidhmeannais eile,” a dúirt sé.
Luaigh Martin McGuinness ceist na Gaeilge agus ‘biogóideacht’ an DUP i leith na teanga sa litir éirí as a sheol sé chuig Ceann Comhairle Stormont ag tús na seachtaine.
Agus é faoi agallamh ag Séamus McKee ar an gclár Evening Extra ar BBC Uladh inné, dhiúltaigh an tAire Ó Muilleoir a rá cé acu an mbeadh nó nach mbeadh ceist an Achta Gaeilge ina bunphrionsabal toghcháin ag a pháirtí.
Dúirt Ó Muilleoir go gcaithfeadh an DUP meas a léiriú ar phobail éagsúla an Tuaiscirt amach anseo agus a gceart a thabhairt dóibh, an pobal aerach agus pobal na Gaeilge ina measc, ach níor thug sé freagra díreach ar cheist McKee faoin Acht Gaeilge.
Fearn
Líne dhearg na gcoimiceán in Damaisc, leoga!
Gabriel Rosenstock
Is inspioráid dúinn go léir iad Gaeil Uladh. Go n-éirí go geal leo agus lena gcuid bunphrionsabal.
Theastódh cuid de na bunphrionsabail chéanna – cearta teanga, meas ar an teanga – ó institiúidí agus ó earnálacha go leor i stáitín seo an Deiscirt.