Diúltaithe ag an Úcráin d’éileamh na Rúise go dtabharfaí suas Mariupol

Scriosadh ionad siopadóireachta mór in Kyiv in ionsaí sliogán inar maraíodh ar a laghad ochtar

Diúltaithe ag an Úcráin d’éileamh na Rúise go dtabharfaí suas Mariupol

Dhiúltaigh an Úcráin d’éileamh na Rúise go dtabharfaí suas Mariupol, an chathair chalafoirt faoi léigear sa deisceart.

Tuairiscítear chomh maith inniu gur maraíodh ar a laghad ochtar in ionsaí sliogán a rinne an Rúis ar ionad siopadóireachta mór agus ceantar cónaithe in Kyiv.

Buaileadh an t-ionad siopadóireachta agus roinnt tithe sa cheantar i bpríomhchathair na hÚcráine.

Tá cuirfiú fógartha ag méara Kyiv idir 8pm Dé Luain agus to 7am Dé Céadaoin, am na háite.

Idir an dá linn, dhiúltaigh an Úcráin glan d’éileamh na Rúise go ngéillfeadh na saighdiúirí atá ag cosaint Mariupol dóibh.

D’éiligh roinn cosanta na Rúise go dtabharfadh saighdiúirí na hÚcráine sa chathair chalafoirt suas iad féin roimh 5am Dé Luain.

“Cuirigí uaibh bhur gcuid arm,” arsa an Coirnéal-Ginearál, Mikhail Mizintsev, stiúrthóir ionad náisiúnta um bhainistíocht cosanta na Rúise. “Tá tubaiste dhaonnúil tarlaithe. Gach aon duine a chuireann uaidh a chuid arm gealltar go mbeidh bealach sábháilte acu amach as Mariupol.”

Dúirt leas-phríomhaire na hÚcráine, Iryna Vereshchuk, nach raibh lá rúin acu géilleadh.

“Ní féidir aon chaint a dhéanamh ar ghéilleadh, ná ar airm a chur ar leataobh. Tá an Rúis curtha ar an eolas againn faoin méid sin cheana.

“In áit am a chur amú ar ocht leathanach de litreacha, níl le déanamh ach bealach éalaithe a oscailt,” arsa Iryna Vereshchuk.

Tá sé curtha i leith na Rúise ag Volodymyr Zelensky, Uachtarán na hÚcráine, go bhfuil coireanna cogaidh déanta acu in Mariupol, cathair faoi léigear i ndeisceart na tíre.

Agus an troid ag dul ar aghaidh anois i lár na cathrach meastar scrios nó díobháil a bheith déanta do 90% d’fhoirgnimh Mariupol.

Agus í timpeallaithe ag an Rúis le trí seachtaine, tá 300,000 duine teanntaithe in Mariupol, gan aon chumhacht ná uisce acu agus bia gann.

Agus nach mór mí caite ó thús an ionraidh tuairiscítear nach bhfuil aon dul chun cinn rómhór á dhéanamh ag ceachtar taobh. Tuairiscítear go bhfuil cur chuige na Rúise ag éirí níos brúidiúla agus níos mó ionsaithe á ndéanamh ar shibhialtaigh acu.

Dúirt an tUachtarán Volodymyr Zelensky, gur fhuadaigh fórsaí na Rúise conbhua fóirithinte gar do Kharkiv in oirdheisceart na tíre agus go raibh contúirt mhór ag baint i gcónaí leis na hiarrachtaí atá ann cabhair dhaonnúil a sholáthar do na daoine atá sáinnithe in Mariupol.

Inniu an 25ú lá den chogadh san Eoraip a thosaigh nuair a chuir an Rúis tús lena n-ionradh ar an Úcráin ar an 24 Feabhra.

Maraíodh nó gortaíodh na mílte ó thús an ionraidh agus tá níos mó ná 10 milliún duine teite óna mbailte.

Tá scrios déanta ar fud na tíre ag an mbombardú atá ar bun ag fórsaí na Rúise.

Fág freagra ar 'Diúltaithe ag an Úcráin d’éileamh na Rúise go dtabharfaí suas Mariupol'