‘Díospóireacht sa dorchadas’ ar siúl ag Coiste Oireachtais na Gaeilge agus eolas breise á lorg acu

Bhí iar-aire Stáit na Gaeltachta Éamon Ó Cuív ina measc siúd a dúirt sa Dáil inné gur chóir sampla de na caighdeáin teanga atá le tabhairt isteach a chur ar fáil do Theachtaí Dála

‘Díospóireacht sa dorchadas’ ar siúl ag Coiste Oireachtais na Gaeilge agus eolas breise á lorg acu

Tá an díospóireacht maidir leis an mBille Teanga nua atá ar siúl ag Coiste Gaeilge an Oireachtas sa Dáil le roinnt seachtainí anuas ag tarlú “sa dorchadas”, dar le Cathaoirleach an Choiste, urlabhraí Gaeilge Shinn Féin Aengus Ó Snodaigh. 

Mhaígh Ó Snodaigh an méid sin toisc gan fáil a bheith ag Teachtaí Dála ar dhréachtaí de na caighdeáin teanga atá le tabhairt isteach faoin mBille.

Bhí a gcúigiú seisiún inné ag an gcoiste a bhfuil plé a dhéanamh acu le roinnt seachtainí anuas ar na leasuithe atá molta ar an mBille Teanga. 

Deirtear i mbille nua an Rialtais, a bhfuil faoi láidriú a dhéanamh ar an Acht Teanga, go dtabharfar isteach córas na gcaighdeán, córas nua ina leagfar amach na dualgais ó thaobh na Gaeilge a bheidh ar chomhlachtaí poiblí. 

Faoi láthair, aontaíonn gach comhlacht poiblí a scéim teanga féin le Roinn na Gaeltachta ach tá an córas sin tite chomh mór sin in aimhréidh gur éirigh an Coimisinéir Teanga as monatóireacht a dhéanamh ar scéimeanna teanga mar gur “cur amú acmhainní” é.

Faoi bhille an Rialtais, leagfaí dualgais chaighdeánacha éagsúla ar chomhlachtaí poiblí ag brath, mar shampla, ar an méid teagmhála a bhíonn acu leis an bpobal. Tá a leithéid de chóras i bhfeidhm cheana féin sa Bhreatain Bheag.

Dúirt Aengus Ó Snodaigh go rabhadar ag “díospóireacht sa dorchadas” mar nach raibh a fhios ag baill Choiste Oireachtais na Gaeilge, na Gaeltachta agus Phobal Labhartha na Gaeilge céard a bheadh i gceist sna caighdeáin nua agus d’iarr sé ar Aire Stáit na Gaeltachta Jack Chambers sampla a chur ar fáil dóibh.

D’iarr Ó Snodaigh ar an Aire Stáit “dréacht, sampla, rud éigin” a chur faoi bhráid an choiste chun go bhfeicfí cad iad na cineálacha dualgas a bhí ar intinn ag an Rialtas do na cineálacha éagsúla comhlachtaí poiblí.

Dúirt iar-aire na Gaeltachta Éamon Ó Cuív go raibh sé tábhachtach go mbeadh sampla de na caighdeáin atá le tabhairt isteach ar fáil do na Teachtaí Dála.

“Ba mhaith liom an chreatlach do na caighdeáin a fheiceáil agus chomh maith leis sin, ba mhaith liom an sprioc-am cinnte a fheiceáil faoi cén uair a bheidh na caighdeáin sin i bhfeidhm.”

Dúirt an Teachta Ó Cuív go mbeadh sé níos feiliúnaí dualgais áirithe a fhágáil sna caighdeáin seachas san acht féin ach go raibh an baol ann dá bhfágfaí an iomarca dualgas iontu nach gcuirfí cuid acu i bhfeidhm riamh.

Spreagadh an díospóireacht nuair nár ghlac an tAire Stáit Chambers le leasú de chuid Uí Shnodaigh agus Shinn Féin a d’fhágfadh go mbeadh dualgas ar chomhlachtaí poiblí faoin acht an pobal a chur ar an eolas trí “thairiscint ghníomhach” faoi na seirbhísí a bhí ar fáil acu trí mheán na Gaeilge. 

Dúirt an tAire Stáit go raibh “tábhacht ar leith” ag baint le ceist na tairisceana gníomhaí, ach go raibh sé ag súil go mbeadh a leithéid de dhualgas luaite go sonrach sna caighdeáin teanga nua.

Níor pléadh ach ocht leasú eile den bhreis is 300 leasú atá molta ar an mbille le linn an tseisiúin dhá uair an chloig sa Dáil tráthnóna inné.

Mheabhraigh leaschathaoirleach an choiste Dara Calleary do na baill ag deireadh an chruinnithe nach raibh ach 47 de na leasuithe pléite go dtí seo. Mhol sé do Chathaoirleach an Choiste litir a scríobh chuig an gCeann Chomhairle chun níos mó ama a fháil chun na leasuithe a phlé. Faoi láthair, ní féidir le coiste teacht le chéile ach ar feadh dhá uair an chloig de bharr na srianta Covid-19 atá i bhfeidhm i dTithe an Oireachtais.

Reáchtálfar an chéad chruinniú eile den choiste Dé Máirt seo chugainn, an 16 Feabhra.

Fág freagra ar '‘Díospóireacht sa dorchadas’ ar siúl ag Coiste Oireachtais na Gaeilge agus eolas breise á lorg acu'

  • Cualáin

    Ní dhearna sé aon chiall go mbeadh comhlachtaí poiblí ag leagan amach a scéim teanga féin.

    An bhfuil Údarás na Gaeltachta clúdaithe faoi seo? Nár cheart go mbeadh scrúdú Gaeilge, scríofa, riachtannach do phostanna atá fógraithe ag UnaG? Tá sé soiléir ó chomhfhreagras uaidh feidhmeannaigh agus daoine sinsireach atá ag plé le ceann de ollthograí ÚnaG i gConamara gur beag Ghaeilge atá acu, agus an-fonn orthu iompú ar an mBéarla.