‘D’íosfainnse Lir féin nuair a bheadh mo dhóthain ocrais orm…’

Bhí na healaí chomh tábhachtach sa mheánaois i Sasana gur ag an gCoróin a bhí úinéireacht orthu

‘D’íosfainnse Lir féin nuair a bheadh mo dhóthain ocrais orm…’

Níl a fhios agam ar ith duine ar bith de léitheoirí Tuairisc.ie geampa d’fheoil eala an Nollaig seo? Ar éigean é: turcaí is fearr le daoine anois, cé gur mór ag cuid de na daoine gé bhreá ramhar i gcónaí.

Ní mar sin a bhí cúrsaí riamh sa stair. Dá mbeifeá beo le linn Eilís I a bhí ina banríon ar Shasana, agus gur dhuine den uasalaicme a bheadh ionat, chuile sheans gur feoil eala a bheadh agat ar fhéilte tábhachtacha.

Go deimhin tá oideas ar fáil i gcónaí a mhíníonn an chaoi is fearr leis an eala a réiteach agus a chur chun boird. Tá sé ansin ar an idirlíon. Níl ort ach a dhul go dtí ‘for to dihyte a swan’.

Tuathánach nó duine de chóip na sráide a thabharfaí ar an té a mbeadh sicín ar an bpláta aige an uair sin, is é sin dá mbeadh an diabhal bocht in acmhainn sicín ná cearc a sholáthar.

Maidir leis an turcaí ní raibh sé tugtha go Sasana ná go hÉirinn ar chor ar bith ag an am.

Insítear scéal faoi fhear Gaeltachta a bhí ina shaighdiúir sa gCéad Chath Gaelach i mBeairic na Rinne Móire. Ghoid sé turcaí a bhí pioctha glanta sa gceaintín aimsir na Nollag agus dhíol sé i nGaillimh é. Mharaigh sé eala ansin, phioc sé agus ghlan sé í agus d’fhág sé in áit an turcaí í.

Leisce na bréige, níl mé in ann a rá ar tugadh faoi deara an t-athrú sula raibh sé rómhall.

Insítear scéal eile faoi fhear as Conamara a dúirt go n-íosfadh sé féin eala. Ní fhéadfá é sin a dhéanamh, a dúradh leis, nach raibh a fhios aige gur i riocht ealaí a cuireadh clann Lir. “D’íosfainnse Lir (Lear) féin nuair a bheadh mo dhóthain ocrais orm,” a dúirt an buachaill.

Tá an tríú scéal ann faoi oíche a raibh imirt chártaí ar bhaile áirithe i gConamara. Gé a bhí á himirt nó síleadh gurbh ea ach is éard a bhí inti le fírinne eala.

An té a bhuaigh í thuig sé in am gur diabhlaíocht a bhí ar bun ach in áit casaoid a dhéanamh choinnigh sé a bhéal dúnta agus chuir sé á himirt arís í an oíche dár gcionn.

An té a thug leis í an iarraidh sin ní raibh sé chomh meabhrach leis an gcéad fhear agus d’fhéach sé lena bruith. Ba deacair sin a dhéanamh, a dúirt sé, le chomh righin is a bhí an fheoil a bhí uirthi. Chaith sé amach ag na gadhair í sa deireadh.

Is mairg nach raibh an t-oideas as aimsir na banríona Eilís ar eolas aige.

Bhí na healaí chomh tábhachtach sa mheánaois i Sasana gur ag an gCoróin a bhí úinéireacht orthu. Sa mbliain 1482 thug an Rí Éadbhard IV acht isteach ag dearbhú na húinéireachta ríoga.

Le linn réimeas Anraí VII, leagadh síos dlí go bhféadfaí bliain príosúin a chur ar an té a ghoidfeadh ubh eala.

Bhíodh fear ann ar a dtugtaí an ‘Swan Master’ le ceannas a choinneáil ar na healaí. Tá a leithéid de dhuine ann i gcónaí go deimhin. Chuile bhliain comhaireann sé agus marcálann sé ealaí ar abhainn an Tamais (Thames). Bíonn an Bhanríon Eilís 11 páirteach sa searmanas –an ‘Swan Upping’ mar a thugtar air. Tá sé ina dhlí ar na leabhair i Sasana fós gur coir thréasach ceann de na healaí sin a ghoid agus a mharú.

Ós rud é gur nós linne Éireannaigh a bheith ag aithris de shíor ar nósanna na Sasanach is mór an t-ionadh nár coinníodh nós den chineál céanna sa tír seo.

Dá gcoinneofaí bheadh an tUachtarán Mícheál D. Ó hUiginn ag comhaireamh ealaí i bPáirc an Fhionnuisce chuile bhliain freisin!

Fág freagra ar '‘D’íosfainnse Lir féin nuair a bheadh mo dhóthain ocrais orm…’'

  • Emer

    Bhaineas ard taithneamh as an alt seo. G RMMA.