Díol suntais é an ráta ‘gan creideamh ar bith’ in áiteacha i gConamara

Deir 14% de dhaonra Phoblacht na hÉireann anois go bhfuil siad gan aon chreideamh de réir torthaí Dhaonáireamh 2022

Díol suntais é an ráta ‘gan creideamh ar bith’ in áiteacha i gConamara

An Clochán. Pic: Seán Ó Mainnín/Tuairisc

Ní achar fada é i dtéarmaí Chonamara. As Ros Muc rachaidh tú amach bóthar an tsléibhe chomh fada leis an N59 agus casfaidh tú siar. Is gearr go mbeidh tú sa gClochán. Ach i gcomórtas leis an bpobal a d’fhág tú i Ros Muc leathuair an chloig roimhe sin tá beagnach a thrí oiread mar chéatadán den daonra sa gClochán nach bhfuil creideamh acu. 16% atá gan creideamh sa gClochán agus 6% gan creideamh i Ros Muc. Sin iad na staitisticí i dtorthaí an Daonáirimh a foilsíodh le gairid.  

Is dóigh go bhfuil míniú réasúnach go maith ar an mbearna sin: tá daonra an Chocháin níos óige agus tá meascán cúlraí ciníocha sa mbaile mór. Tá an grúpa is mó den daonra san aoisghrúpa idir 20-30 sa gClochán. Ar an taobh eile den scéal tá 18% de dhaonra Ros Muc os cionn 70 bliain d’aois. 10% atá san aoisghrúpa is sine sin sa gClochán.  

Díol suntais é an ráta ‘gan creideamh ar bith’ in áiteacha i gConamara – níos suntasaí ó thuaidh ná ó dheas. Seo pobal imeallach tuaithe agus saol traidisiúnta go maith ann fós. Ach tá an claonadh sin ar fud na tíre anois.  

Ag coinneáil leis na céatadáin, deir 14% de dhaonra Phoblacht na hÉireann anois go bhfuil siad gan aon chreideamh de réir torthaí Dhaonáireamh 2022. Sin 736,210 duine. Bhí 63% de mhéadú ar an líon daoine a d’fhreagair “gan creideamh” an iarraidh seo i gcomparáid le Daonáireamh 2016 agus tá 187% de mhéadú ar an líon atá gan creideamh anois i gcomparáid le Daonáireamh 2011. Díol spéise é go raibh 60% de mhéadú ar an líon gasúr idir 0-9 mbliana i bPoblacht na hÉireann ar tugadh síos dóibh an iarraidh seo nach raibh creideamh acu.  

Cá bhfuil cúrsaí creidimh agus easpa creidimh ag dul in Éirinn i bhfianaise na n-athruithe seo? 

Má bhreathnaíonn muid ar an taobh eile den doras, tá an líon daoine sa mBreatain a d’fhreagair “gan creideamh” sa Daonáireamh is deireanaí a bhí acusan gafa go dtí 37%. Ach is sa bhFrainc atá an pictiúr is duairce dóibhsean atá ag seasamh leis na bealaí traidisiúnta. De réir suirbhé ansin, ní chreideann 51% de mhuintir na Fraince i nDia ná i spiorad ná i gcumhacht éigin níos airde ná an duine. Ní théann ach 5% de mhuintir na Fraince go hAifreann an Domhnaigh – is ionann sin agus 10% de Chaitlicigh na tíre.  

Níl aon amhras ach go dtaispeánann na staitisticí seo – agus a macasamhail ar fud na hEorpa – go bhfuil na reiligiúin thraidisiúnta sa gcuid seo den domhan faoi léigear sóisialta. Ar ndóigh tá an Eaglais Chaitliceach ina measc. Ach fós féin tá lámh théagartha go maith ag an Eaglais sin sa gcóras bunscoile in Éirinn fós. 

An iomarca de lámh, a deir Cumann Daonnachtaithe na hÉireann.  

Bunaíodh Cumann Daonnachtaithe na hÉireann i 1993 agus cuireann siadsan an bhéim ar ómós agus cothrom na Féinne don chine daonna agus gan eaglais ná creideamh ar bith a chur sa gcomhaireamh. Creideann an Cumann seo go bhfuil an ceangal láidir atá idir an Eaglais Chaitliceach agus 80% de bhunscoileanna Phoblacht na hÉireann as cor leis an saol atá againn inniu. Mínítear gur 69% den phobal atá ina gCaitlicigh sa tír seo anois agus go bhfuil an claonadh i dtreo tuilleadh laghdaithe ar an gcéatadán sin ag teannadh linn. Dúirt urlabhraí de chuid Chumann na nDaonnachtaithe gur dóigh go bhfaigheadh iarrthóir a bheadh ina Chaitliceach post mar mhúinteoir sa gcás agus go mbeadh iarrthóir eile a bheadh chomh maith agus chomh cáilithe céanna sa gcomhaireamh. Ní ceart, a dúradh go mbeadh an cineál sin idirdhealaithe ann ar bhun creidimh.  

Sin ceann de na ceisteanna ‘polaitiúla’ a bhaineann leis an gclaonadh seo cúl a thabhairt leis an gcreideamh. Tá neart eile ann. Go deimhin luann Cumann na nDaonnachtaithe an Bunreacht féin agus an tagairt atá ann do Dhia. Ach tá an lá buailte linn go gcaithfear teacht ar bhealaí le déileáil leis an athrú saoil seo.  

Mar shampla, cloistear scéalta cheana féin faoi ghasúir atá coinnithe amach ón gCéad Chomaoineach agus ón gCóineartú [an Dul faoi lámh Easpaig] de bharr dearcadh a dtuismitheoirí ar chúrsaí creidimh. Tá an ceart sin ag na tuismitheoirí agus cé a déarfadh nach acu atá an ceart uilig. San am céanna is deacair na cúrsaí seo a mhíniú do ghasúir bheaga. Taobh amuigh de chúrsaí creidimh ar fad, cailleann na gasúir seo lá ceiliúrtha agus spleodair.  

Is anseo aríst a thagann ceisteanna faoi chultúr na scoile agus faoi lámh na hEaglaise Caitlicí chun cinn. Ceisteanna iad sin atá crua agus tromchúiseach ach tiocfaidh siad chun cinn níos mó sa tír seo de réir a chéile.  

Ar ndóigh, tá ceisteanna níos bunúsaí agus níos doimhne le cur faoi chruachás na n-institiúidí creidimh, an Caitliceachas san áireamh. Cén t-athrú sóisialta agus daonna atá le teacht mar chomrádaithe ag an bhfreagra ‘gan creideamh ar bith’?  

Tá bóthar eile le treabhadh – bóthar nach mbeidh chomh héasca leis an mbóthar as Ros Muc go dtí an Clochán.  

Fág freagra ar 'Díol suntais é an ráta ‘gan creideamh ar bith’ in áiteacha i gConamara'

  • Sibéal

    “Caitlicigh Chultúrtha” a ligeann don Eaglais Rómhánach smacht a choinneáil ar 80% des na bunscoileanna.