Díol suntais chomh dearfach is a bhí an DUP faoi thréithe an Phápa Proinsias

Bhí caint fhrithphápach, ar nós ‘striapach na Róimhe’, de dhlúth agus d’inneach i reitric pholaitiúil an DUP ar feadh na mblianta

Díol suntais chomh dearfach is a bhí an DUP faoi thréithe an Phápa Proinsias

Beidh deis ag Teachtaí Tionóil in Stormont an Pápa Proinsias a chomóradh. Rinne an Ceann Comhairle, Edwin Poots, comhbhrón ar bhás Phroinsiais leis na daoine go léir i measc an phobail a bhí faoi bhrón agus dúirt go n-eagrófaí seisiún Tionóil chun ómós a léiriú.

Scrúdófar oidhreacht an Phápa ón Airgintín amach anseo ach ba léir ó na ráitis chomhbhróin ó cheannairí na n-eaglaisí Protastúnacha in Éirinn – Eaglais na hÉireann, an Eaglais Phreispitéireach agus an Eaglais Mhodhach go raibh tionchar ag Proinsias ar dhaoine lasmuigh den Eaglais Chaitliceach. Theip air maidir le ról na mban agus maidir le fuascailt chríochnúil a fháil ar scannal na mí-úsáide, ach chuaigh a chúram do na bochtáin, do dhaoine ar an imeall agus dóibh sin atá ag fulaingt foréigin, go háirithe in Gaza, i gcion ar phobal fairsing.

Díol suntais i dTuaisceart Éireann ab ea chomh dearfach is a bhí an DUP faoi thréithe an Phápa Proinsias agus díol suntais a gcomhbhá leis na fíréin Chaitliceacha, feartlaoi as an gcoitiantacht ón gceard sin.

Bhí ráiteas Edwin Poots ag teacht le teachtaireacht chomhbhróin a d’eisigh ceannaire a pháirtí, Gavin Robinson. Dúirt ceannaire an DUP go raibh sé tábhachtach go n-aithneofaí an meas agus an urraim a bhí ag go leor ar cheannaire umhal na hEaglaise Caitlicí. Thairg LeasChéad-Aire an Tuaiscirt, Emma Little-Pengelly a comhbhrón freisin ag rá go raibh ardmheas ar an bPápa Proinsias i dTuaisceart Éireann, sa Bhreatain Mhór agus in Éirinn. ‘Go dtuga Dia sólás do lucht mairgní,’ ar sí.

Ní nuacht an méid sin, arsa tusa, níl ann ach gnáthiompar sibhialta. Nach ndearna polaiteoirí as gach ceard den domhan an rud céanna? Is fíor sin ach is mór an t-athrú é i bpáirtí a mbíodh maslú na hEaglaise Caitlicí mar chomhartha sóirt air.

Chonacthas an sampla ba mhíchuibheasaí den gcur chuige sin i bParlaimint na hEorpa i 1988 nuair a bhéic Ian Paisley, nach maireann, ar an bPápa Eoin Pól 11 gurb é an tAinchríost é. Caitheadh an feisire Eorpach Paisley amach ach níor cháin a lucht leanúna é agus ní raibh náire ar bith air. Bhí an frithphápachas, caint ar nós ‘striapach na Róimhe’, de dhlúth agus d’inneach ina reitric pholaitiúil agus chreidimh ar feadh na mblianta.

Nuair a fuair an Pápa Eoin bás i 1963 dúirt Paisley go raibh ‘an peacach Rómhánach in Ifreann’. In 2005, áfach, nuair a bhí sé ag druidim le roinnt na cumhachta in Stormont rinne sé comhbhrón, más go patuar é, leis an bpobal Caitliceach faoi bhás Eoin Pól 11.

Níos deireanaí ba chosúil go raibh drogall ar Peter Robinson mar cheannaire an DUP a rá go mbeadh fáilte roimh an bPápa Proinsias sa Tuaisceart. In 2018 níor fhreastail Arlene Foster ar ócáid leis an bPápa i mBaile Átha Cliath. Níor shásaigh sí Caitlicigh abhus leis an leithscéal go raibh dátaí dialainne ag teacht salach ar a chéile.

D’ainneoin forbairt an éacúiméineachais tá Protastúnaigh áirithe, roinnt Preispitéireach agus an Eaglais Shaor-Phreispitéireach, a bhunaigh Ian Paisley, ina measc, a easaontaíonn le cuid de bhunphrionsabail an teagaisc Chaitlicigh. Dá bharr sin tugann roinnt an t-eiteachas as éadan do Chaitlicigh. Ní ghlacann roinnt páirt i gcomhshearmanais, agus a cheart sin acu agus tá daoine ina measc siúd atá caoinfhulangach faoi reiligiún.

Ach i sochaí ina bhfuil seicteachas fós coitianta is minic a bhíonn fuath don Chaitliceachas ar taispeáint, é le clos nuair a bhíonn dreamanna ógánach ag tabhairt aghaidh ar a chéile nó sa cheol ag máirseálacha dílseacha le linn shéasúr na bparáidí a thosaigh Dé Luain.

Ar na drochlaethanta abhus cheapfá nach raibh dul chun cinn ar bith déanta maidir le hathmhuintearas nó cothromaíocht urraime. Mar sin féin níl maslú na gCaitliceach chomh lárnach i soiscéal an DUP is a bhíodh. Is mór an gar é fiú mura bhfuil ann ach seift atá bunaithe ar riachtanas. Ní teaictic chríonna í an tarcaisniú má tá siad ag iarraidh fiúntas na Ríochta Aontaithe a dhíol le Caitlicigh.

Tuar dóchais is ea an freagra ar bhás an Phápa Proinsias ó aontachtaithe sinsearacha.

Fág freagra ar 'Díol suntais chomh dearfach is a bhí an DUP faoi thréithe an Phápa Proinsias'

  • Eoin Ó Murchú

    Striapach na Róimhe nó Striapach Bhabalóin?