Díol spéise an scéal a mhíníonn cé as ar baisteadh comórtas na Luaithe

As seo go dtiocfaidh an tseachtain dheireanach d’Iúil ní bheidh i gceist I Sasana agus san Astráil ach an imirt idir a bhfoirne cruicéid i gcomórtas ar cuireadh tús leis 140 bliain ó shin

Díol spéise an scéal a mhíníonn cé as ar baisteadh comórtas na Luaithe

An t-am seo de bhliain is nós liom píosaí a chaitheamh ar an bportach. Bíonn saoithe go leor i mo thimpeall. Tá siad i bhfad níos oilte ná mise ar an gceard. Cén tiús ba cheart a bheith sa bhfód a bhaintear le linn drochaimsire? Cé acu is fearr í a ghróigeadh ar an gcaoi a ndéantar sin i gConamara (ar chuma na pirimide) ná ‘gróigeadh na bhFrancach’ mar a bhíonn in áiteacha eile?

Ní fhaca mé aon chruthúnas ariamh go raibh sleádóirí sa tír áirithe sin, ach má bhí ba nós leo na fóid a fhágáil os cionn a chéile i bhfoirm cearnóige, más fíor a gcloisim.

Is minic freisin an luaith nó an luaithreach tarraingthe anuas – mianach an fhóid as a dtagann an luaith bhuí agus mallachtú na sprémhóna as a dtagann an luaithe ghlas. As fód ar bheagán teasa a thagann sí siúd agus is mó de ghráin atá ag an sleádóir uirthi siúd ná atá ag an diabhal ar an uisce coisricthe.

Agus muid suite ar bhruach an lá faoi dheireadh ag ligean ár scíthe, dúirt mé le teann diabhlaíochta gur mhór i gceist an luaith freisin faoi láthair ar fud Shasana agus na hAstráile agus gurb amhlaidh a bheas go dtiocfaidh deireadh na míosa seo chugainn.

Chaith siad siar an braon deiridh a bhí ina gcuid cupán agus thug aghaidh ar ais ar a gcuid paistí go dtiocfadh siad i mbun rud éicint níos fiúntaí ná a bheith ag éisteacht le leibidínteacht.

An seans amháin féin a mhíniú a dhéanamh ar a raibh i gceist agam, ní bhfuair mé. Ní iontas sin. Níl rud is fearr liom ná a bheith ag piocadh orthu.

Cén bhrí ach go mba í an fhírinne a bhí freisin agam. As seo go dtiocfaidh an tseachtain dheireanach d’Iúil ní bheidh i gceist sa dá thír sin ach an imirt idir a bhfoirne cruicéid i gcomórtas ar cuireadh tús leis 140 bliain ó shin. ‘An Luaith’.

‘Cruicéad Tástála’ a thugtar ar leagan amach an chluiche mar a imreoidh Sasana agus an Astráil é. D’fhéadfadh aon chluiche amháin maireachtáil ar feadh 5 lá agus tá sraith cúig cinn acu leagtha amach idir seo agus an 19ú Iúil.

Bhí ceithre lá imeartha déanta i Birmingham (Edgbaston) Dé Máirt seo caite agus an ghrian ag dul i dtalamh nuair a bhuaigh an Astráil. Leanfar di i Lord’s an tseachtain seo chugainn, as sin go Leeds (Headingley), Manchester (Old Trafford) sular bhfeicfear críoch na sraithe seo san Oval i Londain an lá deireanach den mhí seo chugainn.

Suim soip níl agam sa gcluiche a bheifear a imirt sna háiteacha sin ach is díol spéise an scéal a mhíníonn cé as ar baisteadh comórtas na Luaithe, agus cén fáth gur beag an gean atá ag na hiomaitheoirí ar a chéile – rud a mbeidh tuiscint mhaith air ag Éireannaigh agus ag pobail choilínithe eile air.

Ba sa mbliain 1877 a d’imir an Astráil agus Sasana a chéile den chéad uair ariamh i dteist chruicéid agus bhuaigh na Sasanaigh ar bheagán dua i Melbourne.

Cúig bliana dár gcionn thugadar aghaidh ar a chéile san Oval i Londain agus cé go mba bheag súil a bhí leis, ba iad na hAstrálaigh a bhuaigh. Ní bréag a rá gur chuir a raibh tarlaithe alltacht orthu siúd a chéadcheap an cluiche agus a mheas go mba leo é ar chuile bhealach.

I nuachtán a raibh The Sporting Times mar ainm air foilsíodh tuairisc bháis fhonóideach ag fógairt bás an chluiche i Sasana. ‘The body will be cremated and the ashes taken to Australia,’ a dúradh sa bhfógra.

Níor imríodar a chéile arís go dtáinig Nollaig/Eanáir/Feabhra 1882-1883 nuair a thug na Sasanaigh cuairt chun na hAstráile. Bhaist na meáin ‘the quest to regain the ashes’ ar an turas. Nuair a thugadar an bua leo bronnadh próca ina raibh luaithe an chruicéid ann, mar ó Dhia.

Próca beag atá ann (10.5cm nó 4’) agus ó thug captaen na Sasanach Ivo Bligh abhaile leis é tá sé ar taispeáint in iarsmalann an MCC i Lord’s. Tá sé ráite gur luaithe bata a dódh atá ann, ach níl aon chruthúnas air sin agus ní chuirtear an cheist.

Níor bronnadh an chéad phróca sin ó 1883, ach ó shin beagnach chuile uair a dtagann deireadh leis an iomaíocht idir na tíortha ardaíonn an captaen buacach próca beag de chineál éicint in airde.

Sin cuid den fhinscéalaíocht a bhaineann le comórtas ‘na Luaithe’.

Tugadh ‘Cluiche na nUasal’ ar an gcruicéad ón am ar ceapadh é ar dtús in iardheisceart Shasana timpeall na bliana 1611. Luadh an t-ainm sin leis mar go mba iad an aicme sin ba mhó a chleacht é, ach ba mhian leo siúd a mb’ansa leo é a thabhairt le fios go raibh ionracas ag baint leis nach raibh le cluichí eile.

Ní i gcónaí a bhí sin fíor fiú sa gcomórtas is measúla dá bhfuil ann.

Ba iad na Sasanaigh a bhí ceannasach sa gcruicéad go dtáinig aimsir an Chogaidh Mhóir, ach as sin go dtí 1925 níor bhuaigh siad ach ceann amháin de na 15 Teist a imríodh.

Ach faoin mbliain 1930 ba ag na hAstrálaigh a bhí an t-imreoir ab fhearr ar domhan – Don Bradman.

As féin, ba nós le Bradman pé foireann a bhí ag imirt ina choinne a chéasadh. Scóráil sé 974 rith in aghaidh Shasana i Sraith 1930 – curiarracht a mhaireann go dtí an lá atá inniu ann.

Sa tSraith a lean shocraigh na Sasanaigh seift a tharraingt chucu féin faoina ndíreodh siad caitheamh na liathróide ar fhear an bhata féin, seachas ar an ngeata. D’fhágfadh sin go mbeadh seisean ag díriú air é féin a chosaint agus gan de thriail aige a bheith ar thóir scóranna.

‘Bodyline’ a tugadh air.

Cé gur áitigh siad go diongbháilte nach raibh siad ag sárú aon riail, tharraing a mbeartas clampar, fiú tarraingíodh anuas é i bparlaimintí na dtíortha a bhí i gceist. Níos deireanaí cuireadh athrú ar na rialacha lena leithéid a sheachaint.

Céad bliain dár gcionn meastar ‘Bodyline’ a bheith chomh tábhachtach go bhfuil cláracha teilifíse á ndéanamh fós faoi. Ní móide go mbreathnóidh tú ó thús deireadh air, ach tugann sé léargas ar nimhneas na linne.

Is gaire cruicéad an lae inniu don chluiche cúirtéiseach, dea-bhéasach a bhí i gceist acu siúd a chéadcheap é. Ar ndóigh tá a rian féin fágtha ar an airgead air. Thug suirbhé domhanda a rinneadh le gairid faoi thuarastail lucht spóirt le fios gur i gcispheil na Stát Aontaithe atá siad siúd is mó a thuilleann ($8.32m an duine ar meán).

Cuirfidh sé iontas ort gur i gcruicéad na hIndia atá an pá is gaire dó sin á íoc – meánteacht isteach $5.3m ag imreoirí i bPríomhroinn Chruicéid na tíre sin.

Bíonn cuid d’imreoirí Shasana agus na hAstráile páirteach ansiúd agus saothraíonn a mbunáite idir €1m agus €2m as sin le cur leis an €1m a íoctar sa mbaile leo.

Ach ní mheallann aon chomórtas na meáin sna tíortha sin mar a dhéanann ceann na Luaithe, mar a léiríonn leathanaigh thosaigh na nuachtán nuair a bhuann a ndream féin.

Tá páipéir na hAstráile iad féin in ann an scian a chur go feirc mar a facthas sa Daily Telegraph nuair a bhuaigh an Astráil Comórtas na Luaithe ar a dtoil in 2002.

Fág freagra ar 'Díol spéise an scéal a mhíníonn cé as ar baisteadh comórtas na Luaithe'