Diarmaid agus Gráinne ainmneacha phríomcharachtair m’úrscéil, agus sin sin!’

LÉAMH AGUS SCRÍOBH: An tseachtain seo: agus carachtair fhicseanúla á mbaisteadh acu, caithfidh scríbhneoirí an lae inniu glacadh leis go bhfuil ainmneacha áirithe tógtha cheana féin

Diarmaid agus Gráinne ainmneacha phríomcharachtair m’úrscéil, agus sin sin!’

Ní dhéanfaidh mé dearmad go brách ar an mbean as Sasana a bhaist ‘Diarmaid’ agus ‘Gráinne’ ar an mbeirt phríomhcharachtar in úrscéal a bhí á scríobh aici. Bhí an bhean seo in aon rang liom i gcúrsa sa scríbhneoireacht chruthaitheach a mbínn ag freastal air fadó, nuair a bhí cónaí orm fós i nGaillimh.

Níor léir ón sliocht a bhí léite amach ag an mbean go raibh aon bhaint ag an úrscéal a bhí idir lámha aici le Tóraíocht Dhiarmada agus Ghráinne (más buan mo chuimhne, lánúin léachtóirí a raibh uisce faoi thalamh i saol acadúil na Gaillimhe ag cur as dóibh ba ea iad ‘Diarmaid’ agus ‘Gráinne’ an úrscéil, seachas lánúin óg a bhí ar a dteitheadh ó Fhionn Mac Cumhaill.)

Mise a chuir an cheist a bhí ar bhéal gach duine sa rang.

‘Ar chuala tú faoin scéal Fiannaíochta riamh?’

‘Scéal Fiannaíochta?’

‘An miotas cáiliúil faoi Dhiarmaid agus Gráinne.’

Ba léir ó aghaidh na mná nár chuala, agus shílfeá nach mó ná sásta a bhí sí go raibh na hainmneacha a shocraigh sise a bhaisteadh ar phríomhphearsana a húrscéil sciobtha cheana féin ag seanchaithe na nGael – ag tarraingt ar mhíle bliain sular leag sí féin méar ar mhéarchlár. 

‘Ach níl ansin ach comhtharlúint! Tá mise ag obair ar an úrscéal seo le trí bliana anuas agus níl mé chun ainmneacha na bpríomhcharachtar a athrú. Diarmaid agus Gráinne atá orthu, agus sin sin.’

‘An dtabharfá ‘Romeo’ agus ‘Juliet’ ar laochra d’úrscéil gan aon bhaint a bheith ag do scéal féin le tragóid Shakespeare?’

‘Ar ndóigh ní thabharfadh.’

Bhí ciúnas sa seomra ranga ansin agus teannas nach beag nuair a thuig bean Shasana nach mbeadh rogha aici ach ainmneacha na gcarachtar a raibh trí bliana dá saol caite aici leo a athrú.

Tá dhá cheacht le foghlaim as an scéal seo. 

Sa chéad áit, ní mór do scríbhneoir a bheith an-chúramach agus carachtair fhicseanúla á mbaisteadh aige. Nomen est omen, ag deireadh an lae. Caithfidh ainm carachtair fhicseanúil teacht, ní hamháin lena phearsantacht agus lena chúlra ach lena chuma fhisiciúil, dar liom: ní thabharfainnse ‘Deirdre’ ar bhean a mbeadh saol grá sona i ndán di, ná ‘Eoin Pól’ ar fhear nár tógadh ina Chaitliceach, ná ‘Caoilfhionn’ ar bhean thoirtiúil a mbeadh gruaig dhubh uirthi. Lena chois sin, caithfidh scríbhneoirí an lae inniu glacadh leis go bhfuil ainmneacha áirithe tógtha cheana féin: ní féidir iad a úsáid mura mbíonn tagairt d’aon ghnó i gceist, nó athinsint. ‘Diarmaid’ agus ‘Gráinne’ sa Ghaeilge, mar shampla, nuair a úsáidtear le chéile iad; tá ‘Lolita’, ‘Holden’, ‘Atticus’ agus go deimhin ‘Romeo’ agus ‘Juliet’ ar chuid de na samplaí a ritheann liom i dtraidisiún an Bhéarla.

An dara ceacht atá le foghlaim as scéal na mná boichte a bhí sa rang scríbhneoireachta céanna liom i nGaillimh ná go gcaithfidh scríbhneoir cur amach den scoth a bheith aige ar an gcultúr agus ar an traidisiún liteartha lena mbaineann sé féin – agus murab ionann iad, ar chultúr agus traidisiún liteartha na háite a mbeadh a scéal lonnaithe chomh maith.

Fág freagra ar 'Diarmaid agus Gráinne ainmneacha phríomcharachtair m’úrscéil, agus sin sin!’'

  • Pádraig O Gallachóir

    Choimhead mé ar shraith ‘Netflix’ lé goiread a rinneadh agus a craoladh í dtús baire sa Bhreatain Bheag, ag S4C sa Bhreatnais dar teidil ‘Y Gwyll . Choimead mise an leagan Bearla ar noiche ‘Hinterland’ ar ‘Netflix’ ach bhí ainmneacha na gcaractair go foill dar noiche sa Bhreatnais. Shíl mé gúr chuir seo go mór le údaracht agus firinne na sraithe.