Dian-iomaíocht don Eoraip ó thuaidh den chéad uair le fada…

Tá 11 duine sa rás sna toghcháin Eorpacha ó thuaidh den teorainn agus súil ag ceathrar ar an suíochán deireanach

Dian-iomaíocht don Eoraip ó thuaidh den chéad uair le fada…

A bhuíochas den Bhreatimeacht tá suim thar an gcoitiantacht i dTuaisceart Éireann sa toghchán do Pharlaimint na hEorpa an uair seo.

Cé go gceapann roinnt gur chur amú ama agus acmhainní é an vótáil mar gur gearr an t-achar a bheidh ag an triúr mar fheisirí, tá dian-iomaíocht do cheann de na suíocháin den chéad uair le cúig bliana déag.

Ó bhain Sinn Féin an suíochán Eorpach den SDLP nuair a d’éirigh John Hume as in 2004 bhí siadsan, an DUP agus an UUP ar a sáimhín só. Tá Martina Anderson as Sinn Féin agus Diane Dodds an DUP ag cosaint a suíochán agus talamh slán á dhéanamh de nach mbeidh fadhb ar bith ag ceachtar acu.

Toghadh Anderson ar an gcéad chomhaireamh in 2014 agus bhí Dodds sa dara háit. Ba é Jim Nicholson, UUP an tríú feisire ach tar éis 30 bliain sa Pharlaimint tá sé éirithe as.

Is deacair a thuar cé leis a bheidh a shuíochán an babhta seo. Tá an bheirt a mheastar a bheith slán ar chaon taobh den díospóireacht faoin mBreatimeacht; Martina Anderson Sinn Féin ina choinne agus Diane Dodds an DUP go láidir ina fhabhar.

Maíonn na páirtithe ar mian leo fanacht san Aontas Eorpach gur cheart go mbeadh péire as na trí shuíochán acu féin, de réir thorthaí an reifrinn Bhreatimeachta. Maíonn aontachtaithe go bhfuil dhá chuóta acusan ach na haistrithe a bhainistiú i gceart. 

Bhí Jim Nicholson i gcónaí sa tríú háit sa chomórtas, ag fanacht go dtí an comhaireamh deiridh leis an mbua a bhaint. I bhfianaise laige an UUP, imeacht Nicholson agus éiginnteacht faoi sheasamh an pháirtí i leith an Bhreatimeachta d’fhéadfadh Danny Kennedy, an t-iarrthóir atá ag iarraidh a theacht i gcomharbacht air, a bheith ag snámh in aghaidh easa. 

Fearacht go leor dá chomhghleacaithe bhí Kennedy, iar-leascheannaire an UUP, in éadan an Bhreatimeachta sa reifreann in 2016, ach deir sé anois nach mór glacadh le toil an mhóraimh san Ríocht Aontaithe. Dá réir tá an dá thaobh, lucht éilithe an Bhreatimeachta chrua agus lucht fanta san AE in amhras faoi leagan amach an UUP. Ina theannta sin cé gur fháiltigh feirmeoirí, tionsclóirí, lucht gnó, an earnáil dheonach agus an saol acadúil roimh an gcúlstad, thug an UUP an t-eiteachas dó. 

Bhí siad ar an bport céanna leis an DUP agus an TUV, atá níos naimhdí fós i leith an AE, ag rá go mbeadh idirdhealú de chineál ar bith idir an Bhreatain Mhór agus Tuaisceart Éireann do-ghlactha. Fágann sé sin aontachtaithe Eorabhácha ag maíomh nach bhfuil aon urlabhraí thar a gceann i measc na n-iarrthóirí ó pháirtithe aontachtacha.

Tá ceannaire an SDLP, Colum Eastwood agus ceannaire an Alliance, Naomi Long sa tóir ar thacaíocht na vótóirí aontachtacha sin chun a stór a mhéadú. Údar suntais é gur cosúil gur idir an dá pháirtí sin – ar an taobh céanna in aghaidh an Bhreatimeachta – atá an choimhlint is géire.

Tá Long ag maíomh gur aicise atá an seans is fearr ar an suíochán mar go bhfuil an chóir léi ó mhéadaigh Alliance a vóta sna toghcháin áitiúla ag tús na míosa. Deir sí gur mó aistrithe a gheobhaidh Alliance ná aon dream eile. Tá Eastwood ag meabhrú do vótóirí go raibh SDLP chun tosaigh ar Alliance sna toghcháin sin agus gurbh airteagal creidimh ón tús ag a pháirtí ab ea an tacaíocht don AE. Tá ceannaire an SDLP ag taisteal i measc an phobail i mbus feachtais ag fógairt cé mar a thacaigh an tAE leis an tuaisceart agus ag bréagnú lucht an Bhreatimeachta; beart atá ag cur domblas ar an DUP agus an TUV.

Cúig bliana ó shin fuair SDLP céatadán ard aistrithe ó Shinn Féin ach d’fhéadfadh athrú a bheith beartaithe an t-am seo. Le cúpla mí anuas bhí tagairt anseo is ansiúd ó lucht stocaireachta Shinn Féin gurbh í Naomi Long an duine ba dhóichí a ghnóthódh an tríú suíochán Eorpach dá mbeadh toghchán ann. Luíonn sé le réasún nach mbeadh Sinn Féin ag iarraidh cuidiú le ‘haiséirí’ an SDLP. Ní hiontas mar sin go gcuirfeadh siad cogar i gcluais vótóirí aistriú chuig Long. Beidh le feiceáil an ndéanfar é; tráth den saol thabharfaí aistriú trasdeighilte air sin. B’fhéidir gur nod é i dtreo athrú saoil. Ní fios, ach thuairisc pobalbhreith Lucid Talk don Times go dtabharfadh 42% de vótóirí Martina Anderson, iarrthóir Shinn Féin uimhir a dó do Naomi Long i gcomparáid le 23.9% do Eastwood, iarrthóir SDLP.

De réir na pobalbhreithe sin , nuair a chuirfí ‘ní fios’ as an áireamh seo mar bheadh: 

SF 27.2%
DUP 20.2%
SDLP 13.1%
UUP 11.8%
Alliance 11.3%
TUV 8.5%
Comhaontas Glas 4.6% 

Bheadh faoi bhun 2% an duine ag beirt eile agus dornán vótaí ag beirt.

Tá ceist na n-aistrithe ag dó na geirbe ag Jim Allister, ceannaire an TUV, a mhaíonn go mbeidh sé féin san iomaíocht don suíochán a bhí ag Nicholson, an dara suíochán ar son an Bhreatimeachta.

Tá sé ag iarraidh vótaí a bhaint den DUP ó dhaoine atá míshásta, a deir sé, le ról an DUP san mhoill ar an mBreatimeacht.

Thit vóta an TUV sna toghcháin áitiúla ach faigheann Allister tacaíocht phearsanta. Tá na páirtithe aontachtacha ar fad ag tathant ar a vótóirí aistriú chuig aontachtaithe ach dá ainneoin sin, má tá an phobalbhreith gar don fhírinne níl dhá chuóta acu.

Is cosúil go bhfuil a fhios sin ag na haontachtaithe mar tá siad ar fad ag rá go mbeadh reifreann eile – vóta an phobail – neamhdhaonlathach. 

Fág freagra ar 'Dian-iomaíocht don Eoraip ó thuaidh den chéad uair le fada…'