Dialann EURO 2016: Damhsa Ledley, coiscíní Puma agus scéalta aite eile ón bhFrainc…

Caitear súil sa cholún seo ar chuid d'iontais agus neamhiontais Euro 2016 sa Fhrainc

Marc Wilmots. Pictiúr: INPHO/James Crombie
Pictiúr: INPHO/James Crombie

Is beag tacaíocht atá ag Wilmots sa seomra feistis ná i measc an slua

Tar éis dóibh cailleadh in aghaidh na hIodáile sa chéad chluiche, bhí ráite sna meáin go raibh aighneas i gcampa na Beilge. Cháin an cúl báire, Thibaut Courtois, teaicticí na Beilge sa chluiche sin agus bhí imreoirí eile nach raibh sásta nuair a luaigh Wilmots iad i ndiaidh an chluiche mar imreoirí nár imir sách maith.

an bainisteoir ag brath ar thacaíocht an lucht leanúna, beidh fanacht eile air mar is beag meas atá acusan air ach an oiread. Ag labhairt le cuid de lucht leanúna na Beilge i Bordeaux ag an deireadh seachtaine, ba léir go bhfuil muinín acu as a gcuid imreoirí ach nach bhfuil as a mbainisteoir. ‘Is amadán é Wilmots,’ an dearcadh a bhí ag mórchuid díobh agus iad ag labhairt faoi bhainisteoir na nDiabhal Dearg.

scoilt sa Bheilg idir muintir Fhlóndras agus muintir na Vallúine ach is léir go bhfuil siad ar aon phort faoi rud amháin, an ghráin atá acu ar fad ar Marc Wilmots.

Cristiano Ronaldo. Pictiúr: INPHO/Donall Farmer
Cristiano Ronaldo. Pictiúr: INPHO/Donall Farmer

Gan mórán fonn cainte ar Cristiano Ronaldo na laethanta seo

In ainneoin gur cháiligh an Phortaingéil don dara babhta anocht agus go bhfuair Ronaldo dhá chúl dóibh, is cinnte nach bhfuil ag éirí chomh maith leo agus a bheadh súil ag Ronaldo féin leis in EURO 2016. Ar comhscór a chríochnaigh a dtrí chluiche i nGrúpa F agus ní mar gheall ar a chúil a bhí Ronaldo ina údar cainte ag daoine i ndiaidh dhá cheann de na cluichí sin.

I gcoinne na hÍoslainne, bhí fear Real Madrid ag tabhairt amach faoina chosantaí a d’imir a gcéilí comhraic agus ansin, in aghaidh na hOstaire, chuir Ronaldo cic éirice amú, rud a chuir fonn gáire ar go leor daoine.

Comhscór eile a bhí ag an bPortaingéil in aghaidh na hUngáire tráthnóna ach ba léir nach raibh Ronaldo ag iarraidh a thuairim faoin gcluiche a thabhairt do na meáin ar maidin. Agus é amuigh le scuad na Portaingéile, chuir iriseoir ceist air an raibh sé réidh don chluiche tráthnóna. Mar fhreagra, bhain an tosach an micreafón den iriseoir agus chaith sé isteach i loch a bhí taobh leo é.

Puma-Switzerland-1024x535

Shaqiri ag iarraidh coiscíní Puma a sheachaint   Deirtear gur dea-phoibhlíocht í poiblíocht ar bith agus más fíor sin beidh an déantóir éadaí Puma thar a bheith sásta le cluiche na hEilvéise in aghaidh na Fraince cúpla lá ó shin. Is iad Puma a dhéanann geansaithe na hEilvéise agus stróiceadh ceithre cinn acu le linn an chluiche i Lille ar an Domhnach. Faoi dhó a bhí ar Granit Xhaka an imirt a stopadh agus geansaí nua a fháil agus tharla an rud céanna do Admir Mehmedi agus Breel Embolo. “Tá súil agam nach ndéanann Puma coiscíní,” an freagra a bhí ag Xherdan Shaqiri nuair a cuireadh ceist ar imreoir na hEilvéise i ndiaidh an chluiche faoin eachtra. An Damhsa is measa Imreoir na Breataine Bige, Joe Ledley. Gan amhras.

Fág freagra ar 'Dialann EURO 2016: Damhsa Ledley, coiscíní Puma agus scéalta aite eile ón bhFrainc…'