DIALANN (CUID 2): ‘Triail Cearta Teanga’ Trevor Uí Chlochartaigh – cá bhfuil Miriam Lord?

Idir mhagadh is dáiríre, bhí cuid mhaith frustrachais ag baint le ‘Triail Cearta Teanga’ an Seanadóra as Conamara

 

27/4/2011 Seanad Elections

Bhuel tá an Triail Cearta Teanga thart. Ceathrar ball de Shinn Féin ag diúltú Béarla a úsáid ar feadh na seachtaine i dTithe an Oireachtais le feicieáil an mbeadh an córas aistriúchán in ann ‘ciceáil isteach’ go huathoibríoch!

Bhí idir mhaith agus olc ann. Bhí cuid de na Seanadoirí sásta dul i muinín an chórais ateangaireachta – a bhí ar fheabhas is cosúil nuair a bhí an teicneolaíocht ar fáil. Ach, níor bhac formhór mo chomhsheanadóirí leis. Anois, b’fhéidir, gur ‘closet Gaeilgeoirí’ iad nach dtáinig amach fós, nó, b’fheídir gur cuma sa diabhal leo – in ainneoin an dea-chaint a bhíonn ann faoi ‘I love to hear you speaking Irish’!

Tugaim an corn do Frances Fitzgerald as an úsaid is minicí a bhaint as na cluasáin. Bhí go leor anonn agus anall againn agus d’éist sí leis an aistriúchán formhór an ama.

Chruthaigh an Triail cuid mhaith obair bhreise dom féin chomh maith. Ag roinnt de na díospóireachtaí bhí orm oibriú ó nótaí ó bhrúghrúpaí a bhí i mBéarla agus m’aistriúchán féin a dhéanamh orthu de réir mar a bhí mé ag dul ar aghaidh.

Ní nach ionadh, ba le linn na díospóireachta ar an Straitéis Fiche Bliain don Ghaeilge is mó a labhraíodh Gaeilge. Ach arís, ní raibh i láthair measaim, ach cúigear Seanadóirí as seasca, rud a thabharfadh le fios dhuit a laghad measa atá ag a bhformhór ar chursaí Gaeilge agus Gaeltachta.

Ní raibh amharc ar bith ar Mhiriam Lord, Lise Hand ná John Drennan ach an oiread aisteach go leor? Níor tháinig siad isteach fiú le bheith ag frithmhagadh fúinn. Ní hé an dea-rud a bhíonn le rá acu faoi Shinn Féin de ghnáth ar aon nós, mar sin b’fhéidir gurb shin buntáiste amháin a bhainfeadh leis an nGaeilge a úsáid an t-am ar fad. Ní tharraingeofá ort féin iad!

Ach, idir mhagadh is dáiríre, bhí cuid mhaith frustrachais ag baint leis mar cheacht. Ba léir gur ag caint liom féin a bhí mé den chuid is mó agus nach díospóireacht mar is cóir a bhí ann.  Is léir go gcaitear le Gaeilgeoirí i dTithe na Parlaiminte mar shaoránaigh den dara grád. Ach, leanfaimid muid orainn ag obair leis an nGaeilge a threisiú anseo. Tá aithne agam ar chúpla duine eile anois nár thuig mé go raibh Gaeilge acu roimhe seo agus beidh muid ag bladaráil linn go rialta sna tithe anseo, le cúnamh Dé.

 

Fág freagra ar 'DIALANN (CUID 2): ‘Triail Cearta Teanga’ Trevor Uí Chlochartaigh – cá bhfuil Miriam Lord?'

  • Fearn

    “Ach, idir mhagadh is dáiríre, bhí cuid mhaith frustrachais ag baint leis mar cheacht. Ba léir gur ag caint liom féin a bhí mé den chuid is mó agus nach díospóireacht mar is cóir a bhí ann.”

    Seo paidir gach duine le Gaeilge a bhíos ag iarraidh nadúr Gaelach a imirt anois is arís, ina chomhluadar Gallda.