‘Dia linn is Muire!’ – ná déanaimis dearmad ar dhraíocht Bhrian Tyers agus na máistrí eile a chuaigh roimhe

Braithim uaim na treibheanna ag dul chun cogaidh ar son club agus contae agus braithim uaim na tráchtairí chomh maith

‘Dia linn is Muire!’ – ná déanaimis dearmad ar dhraíocht Bhrian Tyers agus na máistrí eile a chuaigh roimhe

Táimid beagnach bréan de na míreanna go léir de na seanlaethanta, na seanchluichí agus na héachtaí speisialta a d’ardaigh ár gcroí agus a dhein ár saol níos saibhre ar laethanta móra ár gcluichí Gaelacha.

Ach cinnte braithimid uainn boladh an fhéir nuabhainte, na ráflaí roimh chluichí móra an tsamhraidh agus na treibheanna ag dul chun cogaidh ar son club agus contae.

’Sea, is trua go mbeidh na páirceanna agus na staideanna ciúin an samhradh seo.

Beimid i dtaobh leis na cuimhní cinn atá againn féin agus scéalta na seanchluichí agus na seanghaiscí sna meáin go ceann tamaill.

Ach ná déanaimis dearmad ach oiread ar na fir a chuir beocht sna cluichí sin dúinn nuair nach rabhamar i láthair sinn féin, na tráchtairí raidió agus teilifíse a chuir seirbhís ar fáil dúinn ar feadh na mblianta fada.

Ba é Micheál O’Hehir an chéad ghuth a chuala mise agus mé i mo ghasúr óg luath sna seascaidí agus é ag tarraingt na bpictiúr dúinn ar ár raidió. Chomh fada agus is cuimhin liom is cluiche ceannais craoibhe idir Loch Garman agus Tiobraid Árann i 1960 an chéad chraoladh a chuala mé sa chistin in Achadh Bolg.

Bhí réalt na gciotóige, Jimmy Doyle, ag imirt an lá sin agus John Nolan á mharcáil agus á choimeád gan scór ón imirt. Ba laochra agamsa na fir a bhí ag imirt am tráthnóna sin agus cé nach raibh siad feicthe beo agam fós, bhí pictiúir i mo cheann díobh a bhí cruthaithe dom ag guth aitheanta O’Hehir.

Bhí Liam Devanney, Donie Nealon agus John agus Jimmy Doyle i measc laochra na dTiobraid Árannach agus leithéidí Nick O’Donnell, Billy Rackard, Ned Wheeler agus Padge Kehoe i measc sheaimpíní na bliana. Is minic a chuala an frása ‘it looks like there’s a bit of a schemozzle in the parallelogram’ uaidh agus é ar cur síos ar scliúchas éigin. Agus dar ndóigh bhí cuid mhaith díobh sin ann sna seascaidí, go háirithe i ‘Hell’s Kitchen’, líne lánchúil Thiobraid Árann.

Ina dhiaidh sin. is Micheál eile a ‘tharraing na pictiúir’ dúinn. Bhí agus tá fós, Mícheál Ó Muircheartaigh ina laoch ag leantóirí ár gcluichí.

Is minic cuid de na ráitis is cáiliúla dá chuid cloiste againn sna meáin agus is minic fir ghrinn ag déanamh aithris ar a ghuth so-aitheanta. An bhfuil aon moladh níos fearr ná duine a bheith ag déanamh aithris ort sna meáin?

I measc na gcéadta des na ráitis cháiliúla uaidh, bhí an ceann faoi dhuine laochra Chorcaí – ‘Seán Óg Ó hAilpín, father from Fermanagh, mother from Fiji, neither a hurling stronghold’. Fanfaidh sin i mo cheann go deo.

Micheál eile a chuaigh i bhfeidhm orm ná Mícheál Ó Sé, fear Gaeltachta Chiarraí, agus fear a raibh glór iontach aige agus foclóir iontach saibhir aige.

Tá mórán tráchtairí eile an-ábalta ag obair ar na spóirt éagsúla. Tá an-seirbhís tugtha ag leithéidí Marty Morrissey agus Ger Canning do RTÉ leis na blianta agus cuid maith tráchtairí cumasacha breátha ag na stáisiúin réigiúnda.

Ach an duine is ansa liomsa na laethanta seo ná Brian Tyers, príomhthráchtaire TG4. Fear oilte inniúil cumasach. Is iontach an cur síos a dhéanann sé ar na cluichí go léir a ndéanann sé tráchtaireacht orthu agus minic go leor, leamh go maith a bhíonn an t-aicsean a bhíonn os a chomhair amach.

Tá Gaeilge shaibhir bhinn Chiarraí aige, cé gur Corcaíoch bródúil é, tá eolas aige ar na spóirt agus a cheird go smior ann. Agus nuair a chloiseann tú an ‘Dia Linn is Muire’ sin as a bhéal, bíonn a fhios agat go bhfuil tú ag féachaint ar ardphíosa imeartha.

Tá na páirceanna d’uireasa cluichí agus na tráchtairí ina dtost, ach le cúnamh Dé agus vacsaín éigin, beidh Brian Tyers agus na tráchtairí eile agus na himreoirí go léir ar ais arís lá geal éigin chun ardú meanma a thabhairt dúinn agus an saol a dhéanamh níos saibhre.

Fág freagra ar '‘Dia linn is Muire!’ – ná déanaimis dearmad ar dhraíocht Bhrian Tyers agus na máistrí eile a chuaigh roimhe'

  • Seán Míchaél ó Donnchadha

    Alt deas John faoi na trachtairí a chuireann go mór len ár gcluichí. Cúpla ceann mór idirnáisiúnta freisean sa rugbaí, leithéidí Bill McLaren agus Cliff Morgan ón mBreatain Beag. Cheapas féin gur cur tráchtaireacht Cliff Morgan go mór leis an cluiche iomráiteach a imríodh san Arms Park i gCardiff idir na Leon agus an Nua Shéalainn sa bhlian 1973.

  • Poraic o'hEipicín

    An bhfuil aon Gaeilge (Club)

  • Breandán Ó Riain

    Cheapas gur Gaelinn na Déise atá ag Brian Tyers!

  • Anna Ni Fhiannusa

    Tá an ceart agat a Bhreandáin, mar ba as Sliabh gCua dá athair, Pádraig. Tá blás álainn Shliabh gCua fite fuaite ina gcanúint Muimhneach. Ní féidir é a shárú. Beimíd ag súil le filleadh Brian agus a chomhleacaí ar an dteilfís go luath, mar is iontach bheith ag éisteacht leo. Bíonn beocht lena chuid tráchtaireacht.