Dia idir sinn agus aisling dhiostóipeach na Gaeilge éigeantaí

Tá aisling na réabhlóide radacaí leagtha amach ag Caoimhín De Barra ina leabhar nua faoin nGaeilge, ach seans gurbh fhearr gan í a chur i gcrích, fiú dá bhféadfaí

Dia idir sinn agus aisling dhiostóipeach na Gaeilge éigeantaí

Gaeilge : A Radical Revolution
Caoimhín De Barra
Currach Books 2019 €15

Ba thráthúil mar a bhí an leabhar seo á léamh agam le seachtain agus na meáin ar a seantáirm ag cur díobh faoin nGaeilge ‘éigeantach’. Ait go leor na daoine céanna atá luaite ag Caoimhín De Barra sa leabhar a bheith in aghaidh na Gaeilge éigeantaí a bhí ag cur díobh arís an tseachtain seo.

Chuile uair a chloisim an racht rialta sin tagann fuarallas tríom agus mé ag cuimhneamh ar na chúig lá a chaith mé i mo bhalbhán in ospidéal ag cúig bliana d’aois agus gan an oiread Béarla agam agus go n-iarrfainn deoch uisce.  D’fhoghlaim mé go hóg cén teanga atá éigeantach sa tír seo, mar a rinne mo mhuintir romham agus ó shin.

Tá an t-údar go láidir den tuairim go bhfuil neamhord struis iarthrámaigh ag gabháil do mhuintir na hÉireann agus gur as sin a eascraíonn cuid den fhuath binbeach a léiríonn daoine áirithe don Ghaeilge, teanga a baineadh díobh féin agus dá sinsir le huirísliú agus foréigean. Ar ndóigh teoiric í sin atá go mór sa treis i gcúrsaí síceolaíochta agus léann an iarchoilíneachais ó shaothar Frantz Fanon féin, síciatraí as coilíneacht de chuid na Fraince, Martinique. Is mór mo luí féin leis an teoiric cheal aon mhíniú eile a bheith agam.

Tugann fear na Blarnan faoi na miotais mhóra faoin nGaeilge a bhréagnú le cúnamh fianaise – bíodh sin caiteachas mór, Gaeilge na gcathracha, deacracht na teanga, drochtheagasc, Gaeilge easnamhach, sotal lucht labhartha na Gaeilge nó draíocht an Bhéarla. Tá neart samplaí d’eachtraí agus de chaint a bhí sa nuacht le blianta beaga anuas le fáil sa leabhar seo le cur le tátal an údair go bhfuil míléamh á dhéanamh ar an scéal casta seo ag a lán.

Ar an suíomh nuachta seo a chonaic cuid mhaith de na hábhair seo solas an lae ar dtús ach ní léir gur foinse Tuairisc.ie a thapaigh an t-údar.

Gaeilge roghnach – síleann De Barra go bhféadfadh an rogha sin duine a chuibhriú níos déanaí ina saol maidir le gairm nó léann. Mar fhreagra orthu siúd a deir gur ‘dead language’ í an Ghaeilge deir sé go mb’fhéidir gur ranganna feabhais sa Bhéarla a d’fheilfeadh.

Maidir le dearcadh níos dearfaí i leith na Gaeilge a bheith in Albain toisc nach bhfuil an teanga éigeantach, ní ghlacann an t-údar leis gurb amhlaidh atá agus dar leis nach ionann an dá chás mar nár lonnaíodh coilínigh nár labhair ach Béarla in Albain mar a rinneadh sa tír seo.

Roinneann sé tuairimí daoine aitheanta san am a caitheadh faoin teanga mar bhac ar an gcoilíniú bisiúil.

Jonathan Swift a cheap go ndéanfadh díothú na Gaeilge níos sibhialta ‘the most barbarous’ againn agus Edmund Spencer a chreid ‘fad a thagann Gaeilge as ár mbéal gur Gaelach a bheadh an croí’.  John Mahaffy an léinn a dúirt go raibh an litríocht ar fad sa nGaeilge ‘silly nó indecent’.

Tá caibidil eile ag an údar ag cur síos ar chúrsaí athbheochana teanga i sé thír, an cur chuige a úsáideadh, mar a d’éirigh leo agus aon cheacht a chuideodh linne. An Bhreatnais, an Urdúis sa Phacastáin, an Fhraincis i Québec, an Indinéisis, an Chatalóinis agus an Eabhrais na sé theanga a ndéanann an t-údar anailís ar a n-athbheochan/scaipeadh.

Is léir dó nach ionann aon dá thír ná dán aon dá phobal. Bhí gradam agus saibhreas ag lucht labhartha na Catalóinise. Ón uair a roghnaíodh an Indinéisis mar theanga na tíre, ba í teanga an rialtais agus an mhaorlathais í. Bhí teanga na hurnaí ag na Giúdaigh agus bhí náisiún le forbairt acu. (Creideann an t-údar go bhfuil i bhfad níos mó cosúlachtaí idir cás na hEabhraise agus na Gaeilge ná mar a thugtar le fios de ghnáth).

Daoine léannta a lonnaigh sna cathracha a thug aghaidh ar an bPacastáin nua-chruthaithe agus bhí tuiscint ag cainteoirí Urdúise agus Hiondúise ar a chéile. Chuir an Eaglais an-bhéim ar an litearthacht sa Bhreatnais agus bhí saothrú sna mianaigh. Agus choinnigh muintir Québec an Fhraincis mar nach Sasanaigh iad agus an teanga ag ochtar as deichniúr acu.

An cheist mhór – an bhfuil réiteach na géarchéime teanga ag an údar?

Tá ‘some value’, dar leis, ag Straitéis 20 Bliain an rialtais toisc go n-aithnítear inti na cúiseanna gur theip ar iarrachtaí na hathbheochana go dtí seo. An locht is mó atá aige ar an Straitéis nach bhfuil inti ach ‘vague ideas’ leis na dúshláin a aithnítear a leigheas.

Ní hamhlaidh don údar, níl tada ‘vague’ faoina straitéisí uaillmhianacha. Feachtas mór poiblíochta ar mhaithe leis an bpobal uilig a spreagadh chun an Ghaeilge a fhoghlaim agus a labhairt. Obair uilig an státchórais a bheith á déanamh i nGaeilge laistigh de thréimhse blianta nó amscála a leagfaí síos. Dhéanfaí fógra go gcaithfeadh gach duine a bheadh ag iarraidh post sa státseirbhís amach anseo freastal ar Ghaelscoil, rud a chuirfeadh tuismitheoirí ar a n-airdeall faoi thábhacht na teanga ó thaobh gairme.

Laistigh de 15 bliain, mar shampla, bheadh 25% den rialtas, de na cúirteanna, na Gardaí, na saighdiúirí agus na státseirbhísigh ag déanamh a ngnó ar fad trí Ghaeilge.

Chuirfí sruthanna Gaeilge ar bun i scoileanna na tíre agus de réir a chéile bheadh na bunscoileanna lán-Ghaelach. Chruthódh sin neart Gaeilgeoirí agus fúthu féin í a labhairt ina saol pearsanta ach í a bheith foghlamtha acu. Moladh eile aige go gcuirfí ceachtanna Gaeilge ar líne ar fáil saor in aisce agus go bhfostófaí comhairleoirí teanga le cuidiú leis na foghlaimeoirí. Praghas €20 milliún a chuireann an t-údar ar an tseirbhís teagaisc ar líne sin. Rud mór ag an údar go gcaithfidh glúin amháin íobairt a dhéanamh ‘for the team’ agus Gaeilge a labhairt lena gclann, fiú agus iad féin fós á foghlaim.

Mar is léir ó na dúshláin sin ní haon bhréag ag an údar ‘radical revolution’ a thabhairt ar a bhfuil á mholadh aige agus amhail gach réabhlóid tá praghas ar an gceann seo.

Idéalachas, soineantacht, baois nó aisling infhíoraithe? Céard faoin daonlathas agus ceardchumainn throdacha agus an t-athrú seo ar chúinsí oibre á mbrú ar dhaoine?

158 Teachta Dála ag Gaeilgeoireacht sa Dáil ó mhaidin go faoithin– magadh nó dáiríre?

Tuismitheoir ar bheagán Gaeilge ag labhairt na teanga leis an gclann ar mhaithe le post ach a mbeidh siad fásta seachas le nádúr agus le dúchas?

Tá muide bailithe i gcleachtadh faoin tráth seo cead a gcinn a bheith againn inár saol pearsanta agus is milis againn an phribhléid sin. Ní chreidim go scaoilfear léi gan achrann agus doicheall. Is dona an compánach é an doicheall i mbun foghlama mar atá léirithe go maith sa tír seo le cuid mhaith de chéad bliain.

Is mór idir a rá i suirbhé gur bhreá liom Gaeilge a fhoghlaim nó trí clocha a chailleadh agus na híobairtí a dhéanamh ar a son.

Ní hé amháin go gcreideann an t-údar gur féidir an saol poiblí a athrú ach an saol pearsanta chomh maith ar mhaithe le haisling nach bhfuil ach ag fíorbheagán. Is maith ann duine a thabharfaidh dúshlán na muilte gaoithe ach comhrac aontaobhach a bheidh ann. Tá freagraí sa leabhar seo d’aon duine a bhfuil sé d’fhuinneamh fós acu Niall Boylan, Ciara Kelly agus a leithéidí a cheartú nó a bhréagnú. Aon duine idéalach eile ar mhaith leo bóthar na réabhlóide radacaí seo a shiúl, tá an lámhleabhar scríofa duit ag Caoimhín De Barra.

Ní bhfaighidh Currach Books aon ghradam as slacht an leabhair seo ach é so-léite mar shraith freagraí liosta ar ghearáin choitianta.

Údar iontais a leataobhaí agus a bhaineann an staraí údair leas as foinsí agus eachtraí. Díspeagúil go maith a chaitheann sé le dearcadh na ndaoine sin nach dtagann lena leagan féin den aisling.   

Ach an locht is mó a gheobhainn ar an aisling seo, nach bhfíorófar go deo, gur éilíteachas ó bhonn an sprioc.

Ní luaitear in aon chor an streachailt shíoraí a bhíonn ar ár bhformhór éirí ar maidin agus an lá a chur dínn, bíodh muid díomhaoin nó ag obair. Ní bheadh de dhifríocht idir an saol nua sin ach gur Gaeilge seachas Béarla a bheadh á brú in aghaidh ár dtola orainn ag an aicme cheannais nua.

Dia idir sinn agus aisling dhiostóipeach na Gaeilge éigeantaí.

Fág freagra ar 'Dia idir sinn agus aisling dhiostóipeach na Gaeilge éigeantaí'

  • Dáithí Mac Cárthaigh

    Ceann do liosta léitheoireachta an tsamhraidh.
    Mar dhuine a d’fhoghlaim an teanga seo, cabhraíonn an deis gníomh a dhéanamh ar son na Gaeilge go mór liomsa léimt amach as an leaba ar maidin agus an lá a chur díom.
    Misneach, dóchas agus plean. Tús maith le plé macánta, is cosúil.
    Tá an Sacsa eile seo darb ainm Éire diostóipeach a dhóthain mar atá faoi láthair.

  • Séamas de Barra

    Freagra ag Séamas de Barra ar léirmheas Mháire Ní Fhinneadha ar leabhar le Caoimhín de Barra, Gaeilge: a Radical Revolution (Currach Books 2019).

    Go bhfios dom, níl gaol ar bith agamsa le Caoimhín de Barra, ainneoin gur mar a chéile beagnach m’ainmse, agus a ainmsean. ‘Kevin’ an dara hainm baistí orm féin. Ar Lá Fhéile Caoimhín a saolaíodh mé, Meitheamh 3.

    Cuireann sé iontas ormsa a thugtha atá daoine áirithe d’athbheochan na Gaeilge a bhrú ar phobal mór na tíre. Is minic gur daoine iad seo nár thosaigh ar an nGaeilge a fhoghlaim ach cúpla bliain ó shin, agus a chreideann go bhfaighidh an Ghaeilge bás mura gcuirfidh an Stát siar i mbéal gach uile dhuine sa tír í. Má bhíonn fear céile nó bean chéile ag a leithéid seo de dhuine, ní gnách go mbíonn focal Gaeilge ag an gcéile sin.

    Ní raibh locht ar bith ar pholasaí Chonradh na Gaeilge i dtosach a ré: an Ghaeilge a choinneáil beo mar theanga pobail, agus í a leathadh ar fud na tíre, de réir a chéile. Ach d’athraigh an Conradh an polasaí sin, agus ba é an polasaí nua: an Ghaeilge a bheith in uachtar in Éirinn, agus an polasaí sin a bhrú ar gach uile dhuine sa tír.

    Conas tá ag an nGaeilge inniu? Tá deireadh léi, geall leis de, mar theanga pobail. Daoine óga nár labhraítear ach Gaeilge sa bhaile leo, sa Ghaeltacht féin, iompaíonn siad ar an mBéarla chomh luath is a bhíonn siad lasmuigh de dhoras a dtí féin. Bíonn caint ag teangeolaithe ar ‘an nGaeilge laghdaithe’, agus ar ‘an nGaeilge iarthraidisiúnta’. Ní gá ach éisteacht le Raidió na Gaeltachta chun na saghsanna sin Gaeilge a ‘bhlaiseadh’. Cad déarfá lena leithéid seo de cheist ag craoltóir ar aoi–chainteoir: ‘an bhfuil cead agam ceist a chur ort?’ in ionad ‘ceist agam ort’ a rá leis/léi. Cad chuige a dtugtar cuireadh d’aoi–chainteoir ar chlár ach chun go bhfreagródh sé nó sí ceisteanna? Is é an fonn a bhíonn ormsa, nuair a chloisim a leithéid, a rá faoi m’fhiacla: ‘níl aon chead agat, ach cuir an cheist mar sin féin!’ Cad is brí le ‘thar na mblianta’, leagan a bhíonn ag óg agus ag aosta?

    Ar a shon sin is uile, tá ard–Ghaeilge cloiste agamsa, fiú i nGaeltacht an lae inniu, ag daoine óga a bhfuil na deicheanna de bhlianta agamsa orthu.

    Deirtear gur comhartha ar ghalar meabhrach is ea é a bheith ag déanamh an ruda chéanna arís is arís eile, agus súil ag duine le toradh níos fearr gach uile uair. Le breis is 100 bliain rinneadh an–chuid oibre ar son na Gaeilge, agus ar son shaíocht na Gaeilge. Mairfidh an méid sin, má fhaigheann an Ghaeilge na 7 mbás. Bhí comhrá agamsa Tigh Dhónaillín ar an mBuailtín le Pádraig Ua Maoileoin, beannacht Dé lena anam, cúpla mí sula bhfuair seisean bás. Dar le Pádraig go raibh deireadh leis an nGaeilge ina pharóiste dúchais, Dún Chaoin, agus i bParóiste Dhún Urlann chomh maith, ach go mbeadh mionlach i gcónaí ann a chuirfeadh suim sa Ghaeilge. Cad déarfá le Dún Chaoin ach go bhfuil saghas athbheochana ar an nGaeilge inti ó cailleadh Pádraig!
    Tá an Béarla á labhairt in Éirinn ón Meánaois i leith. Is léir é sin ar fhoghraíocht an Bhéarla sna páirteanna den tír a labhraítear seanchanúint Bhéarla iontu i gcónaí. Ní hé sin amháin é, agus is Gaeilge faoi chló an Bhéarla a bhíonn á labhairt i gceartlár na fíor–Ghalltachta féin. Agus mise ag obair sa Ghúm san oifig acu ar Shráid Fhreidric Thuaidh blianta fada ó shin, thagainn amach ar 11.00 A.M. chun an páipéar a cheannach i siopa ar chúinne Rae Ghairdinéir. Is minic a chuir sé iontas orm a Ghaelaí a bhíodh an Béarla ag an ngnáthmhuintir a thaithíodh an siopa sin, cuir i gcás Under God, what were you thinking of, nó Beside myself I was with worry. Rinne mé staidéar foghraíochta ar Bhéarla seancharad dom, Tom Sheridan ón mBaile Gaelach, leathpharóiste leis an Rinn i gCathair Bhaile Átha Cliath. Ba bheag ar fad idir Bhéarla Tom, trócaire air, agus Gaeilge Thuar Mhic Éadaigh agus Iorrais, i dtaobh na ngutaí, na ndéfhoghar, agus na dtrífhoghar go deimhin. Rud a chuir iontas orm gur mhinic d leathan agus t leathan na Gaeilge i gcaint Tom. Bíonn r ag cuid de sheanmhuintir Bhaile Átha Cliath a bhíonn an–chosúil le r caol na Gaeilge. Insíonn Peadar Slattery dúinn gur dhá phobal Gaeilge a bhí ag cur fúthu i gCathair Bhaile Átha Cliath roimh an Athrú Creidimh: pobal Gaeilge ón gceantar máguaird; agus Gaeilgeoirí dúchais ó Chúige Uladh [Social Life in Pre Reformation Dublin 1450–1540 (Four Courts Press 2019) lgh 61–68.
    Rachaidh an teanga Ghaeilge as ar fad mura dtagann meas arís ag daoine ar an bpósadh, agus ar chlann líonmhar a bheith acu, agus an chlann sin a thógáil le Gaeilge iad féin; agus glacadh leis nach faoin Stát go príomha atá sé leanaí a thógáil, ach faoi athair is mháthair na leanaí sin.

  • Gearóid de Grás

    Is é an port atá agat, a Mháire, de réir dealraimh, ná “táimse im’ chodladh is ná dúis’tear mé”. Tá go leor leabhar léite agam i mo shaol nach raibh tagairt ar bith iontu don “streachailt shíoraí a bhíonn ar ár bhformhór éirí ar maidin agus an lá a chur dínn, bíodh muid díomhaoin nó ag obair”. Agus go leor foghlamtha agam as na leabhair chéanna. Más é sin an locht is mó atá agat ar an leabhar, caithfidh gur leabhar iontach é!
    Tá sé ordaithe agam agus b’fhéidir go bhfoghlaimeod rud éigin as. B’fhéidir go spreagfaidh sé mé chun rud éigin fiúntach a dhéanamh – más féidir liom fanacht glan ar lucht an díspeagtha! Dia idir sinn agus lucht an díspeagtha!

  • Seán Ó Riain

    Aontaím le Gearóid.D’ordaíos an leabhar!

  • Caoimhín De Barra

    Caithfidh mé a rá, bhí díoma orm leis an léirmheas sin. Ní bheadh aon fadhb agam dá d’easaontódh Máire liom maidir leis na móltaí atá agam sa leabhar, nó dá déarfadh sí gur leabhar uafásach é. Bheadh an ceart go hiomlán aici agus í ag scríobh léirmheas.

    Ach cheapas gur go thug Máire faisnéis mícheart, míchruinneas agus éagothrom faoin mo leabhar. D’iarr mé ar Tuairisc seans a scríobh freagra don léirmheas sin, ach dhiúltaigh siad. Mar sin, táim ag roinnt mo fhreagra anseo libh.

    Ar dtús, bhí deacracht ag Máire ag aithint idir cad a raibh mé ag rá agus cad a raibh daoine eile ag rá. Scríobh sí “Tá an t-údar go láidir den tuairim go bhfuil neamhord struis iarthrámaigh ag gabháil do mhuintir na hÉireann,” agus “Feachtas mór poiblíochta a chuirfeadh ar a súile don phobal uilig go bhfuil go bhfuil géarchéim teanga ann.” Ach ní dúirt mé sin. Bhí mé ag tabhairt sliocht ón Tomás Mac Siomóin sa dhá cás seo. Go deimhin, maidir leis an chéad abairt, duirt mé gur d’easaontaigh mé le Mac Siomóin ar an pointe sin, agus ní dúirt mé faic faoin “feachtas mór poiblíochta” faoin “géarchéim teanga” nuair a bhí mé ag plé mo straitéis féin don Ghaeilge.

    Scríobh Máire “Maidir le dearcadh níos dearfaí i leith na Gaeilge a bheith in Albain toisc nach bhfuil an teanga éigeantach, ní hionann an dá chás, a deir sé, mar nár lonnaíodh coilínigh nár labhair ach Béarla in Albain mar a rinneadh sa tír seo.”

    Dearcadh níos dearfaí in Albain? Scríobh mé a mhalairt: “If anything, I would say the hatred for Gaelic in Scotland is more widespread and vicious than what we find in Ireland.” Agus “nár lonnaíodh coilínigh nár labhair ach Béarla in Albain mar a rinneadh sa tír seo”? Ní dúirt mé aon rud cosúil leis sin.

    Scríobh Máire gur dúirt mé “Bhí teanga na hurnaí ag na Giúdaigh agus bhí náisiún le forbairt acu.” Ach sin an seanscéal bréagach a hinsíonn daoine (“bhí siad ag iarraidh náisiún a fhorbairt”) nuair atá siad ag labhairt faoin athbheocan na hEabhraise. Caith mé leath na caibidil ag míniú cén fáth a raibh an scéal sin bréagach.

    Maith go leor, bhféidir níl atá i gceist leis na rudaí thuas ach botúin bheaga. Ach thug siad an imprisean dom nach raibh léitheoireacht gar déanta ag Máire, agus bhí sin fadhb nuair a thosaigh sí ag cáineadh na moltái atá déanta agam sa leabhar.

    Scríobh Máire go dúirt mé “Laistigh de 15 bliain, mar shampla, bheadh rialtas, cúirteanna, Gardaí, saighdiúirí agus státseirbhísigh ag déanamh a ngnó ar fad trí Ghaeilge.” Ach níl sin ceart. Scríobh mé “This would begin by making an announcement that in fifteen years’ time, one quarter of new government jobs must be given to people who have received their primary and secondary education through Irish. This number can then be increased, so that in, say, thirty years’ time, anyone who wishes to be employed by the Irish state must have received their first and second level education through Irish.” Agus bhféidir caoga nó seasca bliain ina dhiadh sin, dúirt mé, go mbeadh an rialtas in ann a gnó féin trí Ghaeilge. Sin difríocht an-mhór.

    Scríobh Máire “Tuismitheoir ar bheagán Gaeilge ag labhairt na teanga leis an gclann ar mhaithe le post ach a mbeidh siad fásta seachas le nádúr agus le dúchas?” Ach ní dúirt mé sin. Scríobh mé “Would parents be willing to make such a change? I think there are many who would, if they felt they had the linguistic competence to do it, because they feel a sense of pride in their Irish identity.” Agus mhínigh mé sa leabhair, bunaithe ar mo thaithí féin, gur féidir le daoine an turas a dhéanamh ón duine le Gaeilge lag go duine ag tógáil a phaistí féin tríd an Ghaeilge.

    Tá sé follasach nach maith le Máire na moltaí atá agam sa leabhar – agus tá ceart sin aici. Ach níor thug sí faisnéis ceart faoin cad atá i gceist agam. Go deimhin, dúirt mé gur caithfidh muid an rialtas a Ghaelú. Mar freagra don moladh sin, scríobh Máire “Céard faoin daonlathas…?” Ach thug sí neamhaird go h-iomlán faoin cad a dúirt mé mar freagra don pointe sin: “obviously there would need to be some consent on the part of the Irish people to begin such a radical transformation within the Irish state… the plan would be put to the public for a vote. A plebiscite could be held on whether this plan should be put into action.” Dar liom, tá sé scannalach go raibh Máire ag tabhairt “dhiostóipeach” do mo mholtái agus dúirt sí faic faoin fíric go bhfuil daonlathas ag an croílár mo mholtái.

    Agus pointe amháin eile. Scríobh Máire “Ní luaitear in aon chor an streachailt shíoraí a bhíonn ar ár bhformhór éirí ar maidin agus an lá a chur dínn, bíodh muid díomhaoin nó ag obair. Ní bheadh de dhifríocht idir an saol nua sin ach gur Gaeilge seachas Béarla a bheadh á brú in aghaidh a dtola orainn ag an aicme cheannais nua.”

    Sin atá i gceist nuair a deirim nach raibh Máire ag tabhairt cothrom na Féinne dom. Ní féidir liom moltaí a chur i lathair faoin an slí ceart an Ghaeilge a hathbheocan muna go bhfhuilim in ann gach fadhb soisíalta in Éirinn a reitiú ag an am céanna? Caithfidh mé an “streachalt shíoraí” a leasú freisin? Sin an gnáth “whataboutery” a cloiseann muid ón na namhde don teanga i gconaí nuair atá éinne ag iarraidh an Ghaeilge a phlé. “Ba mhaith libh an Ghaeilge a chur chun cinn? Ceard faoi daoine gan dídean, nó easpa leapacha san ospidéal, srl.” Truflais.

    Mar a dúirt mé, má theastaíonn daoine mo leabhar a cháineadh, tá an ceart sin acu. Ach ar a laghad, ba chóir dúinn an leabhar a léamh ceart ar dtús.

  • Seán Ó Riain

    Measaim, ó thaobh Chothrom na Féinne, gur cheart do Tuairisc deis a thabhairt don údar freagra a thabhairt ar an léirmheas diúltach, míchothrom sin. Tá an leabhar á léamh agam faoi láthair, agus táim ag baint an-taitnimh as. Mo cheol thú, a Chaoimhín!

  • Caoimhín De Barra

    Dála an scéil, tá cúpla ceartuchán déanta don alt tar éis a scríobh mé mo fhreagra thuas.

  • Uinsionn Mac Dubhghaill

    Molaim do mhisneach, a Mháire. Cuireann do léirmheas cróga na comharthaí craiceáilte sin a bhíonn le feiceáil ar champas OÉ, Gaillimh i gcuimhne dom. ‘Saol trí Ghaeilge atá uainn’ a deir siad. Ar ndóigh, níl uaimse saol cúng aonteangach ar chor ar bith, bíodh sin trí Ghaeilge nó trí Bhéarla, ach saol ilteangach ilchultúrtha faoi mar a chaitheann an chuid is mó de na daoine ar Mhór-Roinn na hEorpa. Vive la différence!

  • Daithi Mac Carthaigh

    Tá an leabhar díreach léite agam agus molaim í.
    Tá an léirmheas thuas gan dealramh, é breac le míchruinneas faoina bhfuil sa leabhar.
    Ba cheart do lucht cáinte an leabhair seo (Máire, Uinsionn, srl.) an diabhal leabhar a léamh (nó a léamh go cúramach an dara uair).
    Tá anailís ghrinn inti ar na míthuiscintí a bhaineann le hiompar teanga agus le hathrú teanga mar aon le moltaí fiúntacha tomhaiste ar an tslí chun úsáid na Gaeilge a normálú sa tír seo gan cúl a thabhairt don Bhéarla.
    Beannacht leat a scríbhinn.