Dhiúltaigh Coláiste na hOllscoile, Corcaigh, do mholadh deireadh a chur le riachtanas na Gaeilge

Eolas faighte faoin Acht um Shaoráil Faisnéise a léiríonn gur ghlac an Coláiste le haighneacht Scoil Léann na Gaeilge a mhaígh gurb í ‘cinniúint na Laidine’ a bheadh i ndán don Ghaeilge

quad

Tá sé tagtha chun solais gur dhiúltaigh Coláiste na hOllscoile, Corcaigh, do mholadh thascghrúpa Chumann na nOllscoileanna Éireannacha (IUA) deireadh a chur le riachtanas na Gaeilge i gcomhair iontráil ollscoile.

Cuireadh freagra na hOllscoile ar an tuarascáil ón IUA ina ndearnadh an moladh conspóideach faoin nGaeilge ar fáil do Tuairisc.ie de bharr iarratais faoin Acht um Shaoráil Faisnéise.

Thaobhaigh an Ollscoil le haighneacht a d’ullmhaigh Scoil Léann na Gaeilge sa choláiste faoin ábhar seachas le moladh an IUA.

Mar a tuairiscíodh anseo inné, tá cúlú á dhéanamh ag Cumann na nOllscoileanna Éireannacha ar a moladh go gcuirfí deireadh leis an riachtanas Gaeilge d’iontráil ollscoile agus iad ag rá anois gur faoi Ollscoil na hÉireann atá sé cinneadh a dhéanamh faoin gceist.

San aighneacht a chuir Scoil Léann na Gaeilge, Coláiste na nEalaíon, an Léinn Cheiltigh agus na nEolaíochtaí Sóisialta le chéile i mí Meithimh 2014, dúradh gurb í an chinniúint chéanna a bheadh i ndán don Ghaeilge is a bhí i ndán don Laidin nuair a cuireadh deireadh leis an riachtanas a bhain leis an teanga sin i 1972.

Dá gcuirfí moladh an tascghrúpa i bhfeidhm maidir le riachtanas na Gaeilge, ba ionann é, a dúradh, agus imeacht na Gaeilge ó fhormhór na meánscoileanna. Ábhar roghnach a bheadh inti ar an gcuraclam bunscoile agus thiocfadh meath uirthi mar ábhar ollscoile dá réir.

San aighneacht a d’ullmhaigh Scoil Léann na Gaeilge, dúradh gur bunaíodh Ollscoil na hÉireann faoi Acht na nOllscoileanna Éireannacha 1908, agus gur cinneadh ag cruinniú de Sheanad na hOllscoile an bhliain dár gcionn go mbeadh an Ghaeilge agus an Béarla ina n-ábhair riachtanacha máithreánachais.

Thagair an cháipéis a d’ullmhaigh Ceann Roinn na Gaeilge, an tOllamh Pádraig Ó Macháin, do ráiteas a rinne an tOllamh le Stair, Joe Lee i 1978. Ba é a thuiscintsean ar an stádas a bronnadh ar an mBéarla i 1909 go raibh sé riachtanach ‘d’fhonn oiriúnacht duine chun tuilleadh oideachais’ a mheas. Ba ionann stádas dá leithéid a bhronnadh ar an nGaeilge agus féiniúlacht Éireannach a thabhairt d’Ollscoil a bhí le bheith ina hOllscoil Éireannach ‘de facto agus de iúre (i.e. de jure)’.

Ba é prionsabal comhionannais an dá theanga ‘cloch choirnéil’ pholasaí na hOllscoile, a dúirt an tOllamh Lee, chomh fada is a bhaineann le mic léinn a rugadh in Éirinn.

D’fhág an méid sin gur bunaíodh ‘paireacht ghradaim’ (parity of esteem) do thraidisiúin dúchais agus do thraidisiúin Angla-Sacsanach na tíre araon nuair a cuireadh Ollscoil na hÉireann ar bun in áit Ollscoil Ríoga na hÉireann agus ba iad an dá theanga a bheadh ina dteangacha oifigiúla de chuid an Stáit nua bunchomharthaí sóirt na paireachta sin.

Agus an stair seo á ríomh ag Scoil Léann na Gaeilge ina n-aighneacht, dúirt siad go bhfuil moladh an IUA ag teacht salach ar thraidisiún Ollscoil na hÉireann ar bhonn féiniúlachta de agus ar bhonn na ‘paireachta gradaim’ idir an dá theanga a labhraítear sa tír seo agus an oidhreacht a ghabhann leo.

Ag éirí as an méid sin, meabhraíodh san aighneacht gurb í Ollscoil na hÉireann an t-aon institiúid a chuireann a féiniúlacht Éireannach in iúl i dtéarmaí oidhreacht na Gaeilge agus gur cheart an oidhreacht sin a chaomhnú.

Rinneadh tagairt shonrach do ráiteas thascghrúpa an IUA gur riachtanas “simplí” máithreánachais a bhí á lorg acu agus dúradh in aighneacht Scoil Léann na Gaeilge mar fhreagra air sin gur a mhalairt glan a d’fhéadfadh a bheith i gceist dá gcuirfí moltaí an tascghrúpa i bhfeidhm.

Dúradh, mar shampla, nach ndearnadh aon mhachnamh, beag ná mór, ar na himpleachtaí a bheadh ag na moltaí do chúrsaí idirdhisciplíneacha agus b’fhacthas do lucht Scoil Léann na Gaeilge gurb éard a bhí sa mholadh faoin nGaeilge ná cinneadh a rinneadh ar ala na huaire faoi mar a bhuailfeadh daol duine. Ba é a thoradh, a dúradh, go raibh droim láimhe á thabhairt le féiniúlacht dhúchasach Ollscoileanna na tíre.

Dúradh freisin nach bhféadfadh aon Ollscoil í féin a scarúint leis an mórphobal a oiread sin is go bhféadfadh sí ligean uirthi féin nach mbeadh aon impleachtaí ag a gothaí is a gníomhartha do leas an phobail sin trí chéile.

Luadh gurb é an doiciméad beartais is tábhachtaí agus is cuimsithí atá ann i dtaca le ceist na teanga in Éirinn ná Language Education Policy Profile: Ireland – a d’ullmhaigh Comhairle na hEorpa ar iarratas ó Rialtas na hÉireann i 2008 – agus go rabhthas beag beann ar an gcáipéis sin agus na moltaí thuasluaite á gcur i dtoll a chéile.

Ba ghá aird a thabhairt ar mholtaí a rinneadh ag Fóram Eacnamaíoch Éireannaigh an Domhain freisin agus ar impleachtaí ról na Gaeilge sa chóras oideachais do pholasaithe eacnamaíochta agus cultúrtha na tíre feasta.

Luadh go sonrach an traidisiún saibhir a bhaineann le Coláiste na hOllscoile, Corcaigh ó thaobh na Gaeilge de, agus na scoláirí iomráiteacha a thaithíodh an insitiúid a chuir an oiread sin le cúrsaí litríochta agus cúrsaí daonnachta na tíre; leithéidí Sheáin Uí Thuama, filí INNTI, Osborn Bergin, Daniel Corkery, Seán Ó Riada, Aloys Fleischman, Seán Ó Faoláin agus Tomás Ó Canainn, gan ach cuid acu lua.

Dúradh go meallann an teanga suas le 25% de mhic léinn ón gcoigríoch gach aon bhliain chun staidéar a dhéanamh uirthi, roinnt acu a dhéanann sin mar chuid de chúrsaí béaloidis na hOllscoile, a bhfuil tograí pobail ar bun faoina scáth i nGaeltacht Mhúscraí, Chorca Dhuibhne agus na nDéise.

Ghlac Comhairle Acadúil na hOllscoile leis an aighneacht a rinne an tOllamh Pádraig Ó Macháin thar ceann Scoil Léann na Gaeilge.

Fág freagra ar 'Dhiúltaigh Coláiste na hOllscoile, Corcaigh, do mholadh deireadh a chur le riachtanas na Gaeilge'

  • Concubhar Ó Liatháin

    Cúis eile bheith bródúíl as an ‘Alma Mater’…..