Dhéanfadh plean Fhoras na Gaeilge do na meáin ‘dochar as cuimse’ do thodhchaí na teanga’ – Aontas na Scríbhneoirí

D’fhógair Foras na Gaeilge níos luaithe an samhradh seo plean nua a dhéanfadh athrú mór ar earnáil na meán Gaeilge

Dhéanfadh plean Fhoras na Gaeilge do na meáin ‘dochar as cuimse’ do thodhchaí na teanga’ – Aontas na Scríbhneoirí

Tá ráite ag Aontas na Scríbhneoirí Gaeilge go ndéanfaí “dochar as cuimse” do “thodhchaí na teanga féin” dá gcuirfí moltaí Fhoras na Gaeilge maidir le hearnáil na meán i bhfeidhm.

D’fhógair Foras na Gaeilge níos luaithe an samhradh seo plean nua a dhéanfadh athrú mór ar earnáil na meán Gaeilge.

Faoin bplean, a bhfuiltear ag lorg moltaí an phobail ina thaobh go dtí Déardaoin na seachtaine seo, ní chuirfeadh an Foras maoiniú ar fáil níos mó d’iris liteartha chlóite agus thiocfadh deireadh ar fad leis an scéim faoina maoinítear an iris Nós.

Dá nglacfaí le plean an Fhorais dhá fhoilseachán ar líne a ndéanfaí maoiniú feasta orthu.

Is é an chéad fhoilseachán a bheadh ann ná seirbhís nuachta ar líne amhail Tuairisc.ie ach go mbeadh conradh inathnuaite ag an soláthróir. 

An dara foilseachán a bheadh ann ná iris liteartha amhail Comhar ach gan í ar fáil ach ar líne agus gan aici ach leath den mhaoiniú atá ag an iris sin faoi láthair.

Chomh maith leis sin chuirfeadh an Foras €80,000 den €500,000 sa bhliain a chuirtear ar fáil do na meáin Ghaeilge faoi láthair ar leataobh chun tús a chur le dhá scéim nua.

I ráiteas a cuireadh amach tráthnóna inné, dúradh nach bhfuil  “aon mhuinín” ag Aontas na Scríbhneoirí as “an leagan amach” nua atá molta ag Foras na Gaeilge.

“Dar linn go ndéanfadh sé dochar as cuimse do nós na léitheoireachta, atá faoi bhrú cheana féin; do ghairm na hiriseoireachta is na scríbhneoireachta sa Ghaeilge ainneoin an moladh faoi mhaoiniú d’oiliúint iriseoirí; agus do thodhchaí na teanga féin,” a dúradh i ráiteas an Aontais, an eagraíocht a bunaíodh chun ardán agus glór a thabhairt dóibh siúd a bhíonn i mbun pinn i nGaeilge.

Deirtear i ráiteas an Aontais nach “aon fhianaise” sa taighde atá coimisiúnaithe ag an bhForas “a thacódh le rogha an Fhorais droim láimhe a thabhairt leis an nuachtán nó an iris chlóite”.

Deirtear go bhfuil níos lú maoinithe ar fáil anois do na meáin scríofa ná mar a bhí deich mbliana ó shin agus go bhfuil cuid mhór foilseachán imithe ó shin.

“Is deacair aon chuid den méid sin a shamhlú ina fhorbairt nó ina chéim chun cinn,” a deirtear.

Cáintear chomh sa ráiteas an cur chuige atá ag an bhForas i dtaobh cúrsaí dáileacháin agus moltar córas nua a thabhairt isteach.

“Le blianta fada, tá ÁIS á reáchtáil ag an bhForas, ach gan mórán toradh air cheal cur chuige gníomhach.  Is fada muintir na Gaeilge ag moladh go mbeadh foireann timireachta ag stocaireacht ar mhaithe le foilseacháin uile na Gaeilge, irisí agus nuachtáin san áireamh nuair ba ann dóibh, le siopa agus miondíoltóirí ar fud na tíre.

“Agus maidir le maoiniú an Fhorais féin agus a chuid scéimeanna, níor mhiste dá mbeadh an eagraíocht níos feiceálaí i mbun stocaireachta ar mhaithe le maoiniú breise don teanga, don litearthacht inti, agus do chothú nós na léitheoireachta, leis na húdaráis chuí ó thuaidh is ó dheas.”

Is é an moladh atá ag Aontas na Scríbhneoirí Gaeilge an Scéim Nuachtán Ar Líne, an Scéim Iris Ghaeilge agus an Scéim Iris Stílmhaireachtála a choinneáil mar atá.

“Seirbhísí tábhachtacha a cuirtear ar fáil faoi na scéimeanna sin: cuireann Tuairisc.ie seirbhís nuachta ar fáil; cuireann Nós iris chultúir ar fáil agus cuireann an iris Comhar litríocht na Gaeilge chun cinn,” a deirtear.

Tá amhras chomh maith ar lucht an Aontais faoin bplean ag an bhForas €80,000 a chur ar leataobh chun tús a chur le dhá scéim nua: scéim printíseachta do dhaoine a bhfuil céim san iriseoireacht acu agus scéim phíolótach faoina mbunófaí nuachtlitreacha clóite áitiúla sa Ghaeltacht.

“Ní léir cén chaoi a gcuirfí i bhfeidhm na scéimeanna seo, ná cén leas a bheadh le baint astu.Tá Aontas na Scríbhneoirí Gaeilge glan in aghaidh an phlean nua atá molta ag Foras na Gaeilge.”

Fág freagra ar 'Dhéanfadh plean Fhoras na Gaeilge do na meáin ‘dochar as cuimse’ do thodhchaí na teanga’ – Aontas na Scríbhneoirí'

  • An Fiach Liath

    “For As Na Gaeilge”. Camán an Stáit, chun sliotar na Gaeilge agus an ghaelachais a bhualadh le haill amach.