Dhá mhí ón lá inniu, déanfaidh rialtas eisceachtúil socrú eisceachtúil…

Cruthóidh malartú phost an Taoisigh deiseanna agus deacrachtaí do pháirtithe an chomhrialtais

Dhá mhí ón lá inniu, déanfaidh rialtas eisceachtúil socrú eisceachtúil…

Dhá mhí ón lá inniu, faoi cheann ocht seachtainí, tarlóidh rud nár tharla riamh cheana i bpolaitíocht na tíre seo. Malartófar oifig an Taoisigh idir beirt fhear gan aon toghchán ceannaireachta ná gan aon cheannairc inmheánach i bpáirtí polaitiúil. Seo socrú a aontaíodh le linn na gcainteanna comhrialtais beagnach dhá bhliain go leith ó shin.

Beart eisceachtúil i gcomhrialtas eisceachtúil. Cruthaíonn sé deiseanna agus deacrachtaí. Tuairiscíodh i rith na seachtaine go bhfuil fadhb phraiticiúil amháin ann – ní mór don Taoiseach agus don Tánaiste a bheith sa tír lena gcuid séalaí oifige a thabhairt ar ais don Uachtarán agus na séalaí nua a bheidh le fáil acu a ghlacadh. Tá cruinniú mullaigh de chuid an Aontais Eorpaigh ar siúl an deireadh seachtaine céanna agus ní mór do dhuine den bheirt a bheith i láthair ansin freisin. Tá oifigigh i Roinn an Taoisigh ag obair ar shocrú agus is cinnte go ndéanfar socrú de shaghas éigin.

Thairis sin, tá súil le hathruithe rialtais mar thoradh ar mhalartú oifig an Taoisigh. An chéad rud a chaithfear a dhéanamh ná aireacht fheiliúnach a aimsiú don té a bheidh ag fágáil na hoifige. Ní fios an bhfuil suim ag Micheál Martin dul isteach in aireacht trádála agus fostaíochta Leo Varadkar. Tá tuairimíocht ann go dteastaíonn uaidh dul ar ais go Teach Iveagh agus an Roinn Gnóthaí Eachtracha. Má tharlaíonn sin caithfear cathaoir eile a aimsiú do Simon Coveney timpeall an bhoird.

Tá lucht faire na Dála den tuairim go bhfuil Norma Foley ag obair go leanúnach le roinnt míonna ar bhealaí éagsúla ar mhaithe le hardú céime a fháil di féin.

Tá deis anseo freisin ag ceannairí na bpáirtithe airí, nach bhfuil ag éirí go rómhaith leo ina réimsí oibre, a aistriú go dtí ranna eile nó a dhíbirt ar fad. Bíonn daoine ag caint go minic faoi dheacrachtaí an Aire Tithíochta Darragh O’Brien agus an Aire Sláinte Stephen Donnelly agus is cinnte go bhfuil an bheirt acusan faoi bhrú. Tá sé dearbhaithe, áfach, ag Micheál Martin nach n-aistreofar O’Brien amach as an Roinn Tithíochta. Tá sé de cháil ar an Taoiseach go mbíonn sé cúramach in aon ghníomh a dhéanann sé. Is dóigh go gciallaíonn sin gur beag athrú a dhéanfar ar airí Fhianna Fáil cé go mbeidh roinnt acu, ar nós an Aire Thomas Byrne, ag súil le hardú céime.

I gcás Fhine Gael má tá Simon Coveney le haistriú amach as an Roinn Gnóthaí Eachtracha beidh sé ag súil le haireacht shinsearach eile. An ndéanfar malartú idir é féin agus Leo Varadkar? Tá caint go leor freisin ar chás Paschal Donohoe. Nuair a mhalartóidh seisean na haireachtaí airgeadais le Michael McGrath ní bheidh sé in ann feidhmiú feasta mar chathaoirleach ar ghrúpa limistéar an euro. Tá an scéal fós gan réiteach mar go bhfuil sé ag dul ó mheabhair ar údaráis na hEorpa cén fáth go dtabharfadh rialtas na hÉireann droim láimhe le ról chomh tábhachtach mar thoradh ar shocrú a bhaineann leis an bpolaitíocht logánta.

Tá mé ag glacadh leis go dtí seo nach dtarlóidh aon rud le tuisle a bhaint as an socrú atá déanta. Ach má thosaíonn corraíl i measc cúlbhinseoirí i gceachtar de na páirtithe móra, cé chomh sábháilte a bheadh a gcuid ceannairí? Go háirithe Micheál Martin. Agus céard a tharlaíonn má bhíonn a gcuid éileamh féin ag an gComhaontas Glas faoi shuíocháin ag bord an rialtais? Tá an chothromaíocht idir na páirtithe thar a bheith tábhachtach.

Tá malartú an Taoisigh ann féin eisceachtúil agus rialtas eisceachtúil é seo. Ba chóir go mbeifí in ann an t-athrú oifige a chur i gcrích gan mórán anró ach mar atá léirithe ag ár gcomharsana sa mBreatain dúinn le roinnt seachtainí ní féidir a thuar riamh cén cheist is mó a bhainfidh cor as scéal na polaitíochta. Fearacht ár gcomharsana níl fonn ar aon duine aghaidh a thabhairt ar thoghchán faoi láthair agus seasfaidh siad le chéile ar ais nó ar éigean, beag beann ar aon teannas nó achrann eatarthu.

Fág freagra ar 'Dhá mhí ón lá inniu, déanfaidh rialtas eisceachtúil socrú eisceachtúil…'