D’fhéadfadh seo a bheith ar cheann de na cluichí rugbaí is fearr riamh…

Bí ag súil le dhá choimhlint iontach i mbabhtaí leathcheannais Chorn Rugbaí an Domhain sa tSeapáin

D’fhéadfadh seo a bheith ar cheann de na cluichí rugbaí is fearr riamh…

Beidh caint i bhfad ar lagiarracht fhoireann na hÉireann agus iad i gcoinne na nAll Blacks i mbabhta ceathrú ceannais Chorn an Domhain seachtain ó shin. Tá lucht spóirt na tíre fós in ísle brí agus beidh ar feadh i bhfad. Leis an bhfírinne a dhéanamh, is deacair teacht ar aon duine a cheap go mbeadh an lámh in uachtar againn ar na hAll Blacks ach ní raibh fáil ach oiread ar mhórán a cheap go dtitfeadh cur chuige na hÉireann as a chéile go hiomlán faoi mar a tharla dúinn sa tSeapáin. Cúis náire go huile agus go hiomlán don chaptaen, Rory Best agus do Joe Schmidt, beirt a chuir clabhsúr ar a ré leis an bhfoireann ag deireadh an chomórtais.

Caithfidh muid fanacht go dtí Comórtas na Sé Náisiún sa mbliain nua le léargas a fháil ar chur chuige na foirne nua bainistíochta nua a bheidh faoi stiúir Andy Farrell. Feicfimid linn an mbeidh Andy sásta seasamh leis an bpainéal a raibh Joe Schmidt chomh dílis sin dóibh.Ar ndóigh, tá corn an domhain fós ar siúl dár n-uireasa agus tá an chéad chluiche leathcheannais ar siúl inniu, idir curaidh an chomórtais, an Nua-Shéalainn agus Sasana.

Is cinnte gurb é an cluiche seo an rogha den dá chluiche leathcheannais, beidh an ceann eile idir an Bhreatain Bheag agus an Afraic Theas á imirt maidin amárach.

Tá mise ag tuar gur ón gcluiche idir na Sasanaigh agus na hAll Blacks a thiocfaidh curaidh na bliana seo i ndeireadh na dála. Tá mé ag súil le sárchoimhlint idir dhá fhoireann a bhfuil tosaithe ollmhóra acu ach iad thar a bheith aclaí agus sciliúil. Tá a gcuid cúlaithe iontach oilte freisin agus iad ar fad lán le tallann agus luas. Má bhí bunchloch ariamh ann do cheann de na cluichí rugbaí is fearr a chonaic tú ariamh, seo é. Beidh an imirt fisiciúil agus pléascach óna tús, ní ghéillfidh ceachtar den dá thaobh oiread agus orlach don fhreasúra ach ag deireadh an ochtó nóiméad bheadh iontas ormsa mura mbeadh an lá leis an Nua-Shéalainn. Ach is beag a bheas ann.

Maidin amárach, bí ag súil le coimhlint iontach eile idir na Breatnaigh agus na Springboks. Ní ghéillfidh na foirne seo tada ach oiread i gcluiche a bheas chomh fisiciúil céanna.

Is sa bhfisiciúlacht sin a bheas na Boks ag brath agus seans go ndéanfaidh siad leis an mBreatain Bheag mar a rinne siad leis an tSeapáin seachtain ó shin i gcluiche ina raibh siad rómhór agus róláidir do na Seapánaigh. Tá an íde chéanna i ndán do na Breatnaigh agus má éiríonn leo é a sheasamh, beidh éacht eile déanta acu, díreach mar a rinne siad seachtain ó shin i gcoinne na bhFrancach.

Ní dóigh liom é an babhta seo.

Fág freagra ar 'D’fhéadfadh seo a bheith ar cheann de na cluichí rugbaí is fearr riamh…'