D’fhéadfadh nach bhfuil a fhios ag na scórtha gur uchtaíodh iad de bharr clárú míchruinn

Cláraíodh go míchruinn sonraí breithe ar a laghad 126 duine idir 1946-1969, de réir eolais ar tháinig Tusla air

D’fhéadfadh nach bhfuil a fhios ag na scórtha gur uchtaíodh iad de bharr clárú míchruinn

Chláraigh cumann uchtaithe go míchruinn sonraí breithe ar a laghad 126 duine idir 1946-1969, rud a fhágann go bhféadfadh na scórtha daoine a bheith ann nach eol dóibh gur uchtaíodh iad.

I gcás roinnt de na daoine sin is iad ainmneacha a dtuismitheoirí uchtaithe seachas a dtuismitheoirí fola a cuireadh ar a dteastais bhreithe.

Tháinig an míchruinneas seo chun solais nuair a thug St Patrick’s Guild i gCorcaigh a gcuid taifead ar lámh chuig Tusla.

Tá sé i gceist ag Tusla teagmháil a dhéanamh leis na daoine ar cláraíodh sonraí a mbreithe go míchruinn agus dúirt an tAire Leanaí Katherine Zappone go raibh sé “de cheart ag an uile dhuine fios a bheith acu cé dar díobh iad”.

Bíonn clárú míchruinn nuair a thugtar le fios ar theastas breithe gur daoine seachas a thuismitheoirí fola atá ina dtuismitheoirí ag an bpáiste.

Dúirt an tAire Leanaí Katherine Zappone gur thuig Tusla go raibh clárú míchruinn déanta ar dhaoine nuair a d’aithin siad go raibh na focail ‘adopted from birth’ scríofa ar chuid den 13,500 taifead de chuid St Patrick’s Guild a deineadh scrúdú orthu.

Dúirt an tAire go bhféadfadh sé go mbeadh tuilleadh cásanna dá leithéid ann agus go dtarlódh sé chomh maith nach mbeadh a fhios ag cuid de na daoine sin ar chor ar bith gur uchtaíodh iad.  Dúirt an tAire nach raibh aon fhianaise ann go ndearna 79 duine de na daoine ar deineadh clárú míchruinn orthu aon teagmháil leis an gcumann uchtaithe. Dúirt sí go raibh 31 duine eile díobh teangmháil leis an gcumann ach go mb’fhéidir nach raibh an t-eolas ar fad acu faoin gclárú míchruinn.

Fág freagra ar 'D’fhéadfadh nach bhfuil a fhios ag na scórtha gur uchtaíodh iad de bharr clárú míchruinn'