D’fhéadfadh gurb é Aodhán Ó Ríordáin a ghlacfadh áit an Tánaiste i ndíospóireacht olltoghcháin TG4

Cé nach bhfuil aon 'chinneadh críochnúil’ tógtha fós i dtaobh leagan amach na díospóireachta d’fhéadfadh gurb é an tAire Stáit Aodhán Ó Ríordáin a thógfadh áit Joan Burton sa chlár

Screen Shot 2016-02-02 at 00.23.49
Pictiúr:Leah Farrell/RollingNews.ie

Níl sé curtha as an áireamh go TG4 go dtabharfaí cead do cheannairí na bpríomhpháirtithe polaitíochta ionadaí a cheapadh chun dul sa ghleo ar a son i mórdhíospóireacht olltoghcháin an stáisiúin.

Tuairiscítear go bhféadfadh gurb é an tAire Stáit Aodhán Ó Ríordáin a thógfadh áit an Tánaiste Joan Burton sa díospóireacht idir na ceannairí atá beartaithe ag an stáisiún Gaeilge.

Cé go ndúirt urlabhraí ó TG4 le Tuairisc.ie nach raibh aon “chinneadh críochnúil” tógtha fós i dtaobh leagan amach na díospóireachta, thug Páirtí an Lucht Oibre le fios do Tuairisc.ie le déanaí nár mheas a gceannaire go raibh dóthain Gaeilge aici le hagallamh beo a dhéanamh le Nuacht TG4 nó RTÉ RnaG.

Ba é an tAire Stáit sa Roinn Ealaíon, Oidhreachta agus Gaeltachta, Aodhán Ó Ríordáin, an t-aon duine acu siúd atá ag seasamh sa toghchán do Pháirtí an Lucht Oibre a thug le fios go raibh dóthain Gaeilge aige chun agallamh beo as Gaeilge a dhéanamh leis na meáin chraolta.

Tá cuireadh chun díospóireachta tugtha ag TG4 do cheannairí na bpáirtithe móra polaitíochta, Enda Kenny, Joan Burton, Micheál Martin agus Gerry Adams.

Níl ach cuireadh ‘neamhfhoirmeálta’ faighte ag na ceannairí go fóill, toisc gan aon socruithe críochnúla a bheith déanta i gcás an chláir agus toisc gan aon dáta don toghchán a bheith fógartha fós.

Meastar gur inniu a fhógróidh an Taoiseach Enda Kenny an toghchán.

Thug TG4 le fios do Tuairisc.ie go mbeadh an “cur chuige céanna” acu is a bhí i gcás olltoghchán 2011.

An uair sin, bhí mórán líofacht chéanna ag an triúr a bhí rannpháirteach sa chlár díospóireachta– Enda Kenny, Micheál Martin agus Eamonn Gilmore.

Ní amhlaidh atá an turas seo agus cáil níos mó ó thaobh líofacht na teanga ar Kenny agus Martin ná mar atá ar Joan Burton agus Gerry Adams.

Níl aon amhras ach go bhfuil níos mó Gaeilge ag Adams ná mar atá ag Burton, agus is ar éigean go ligfeadh ceannaire Shinn Féin d’ionadaí dul i mbun díospóireachta ar TG4 ina áit. Sa chás go seasfadh Adams ar leataobh, áfach, seans gurb é urlabhraí airgeadais an pháirtí, Piaras Ó Dochartaigh, nó urlabharaí Gaeilge an pháirtí, Trevor Ó Clochartaigh a thógfadh a áit.

Ní fios cén glacadh a bheadh ag na ceannairí eile, go háirithe an Taoiseach, Enda Kenny, leis an scéala go mbeadh siad i mbun díospóireachta le hionadaithe nach bhfuil an stádas céanna bainte amach sa pholaitíocht acu.

An rogha eile a bheadh ag TG4 ná díospóireacht dhátheangach a eagrú. Dá ndéanfaí amhlaidh, áfach, bheadh an baol ann go gcuirfí i leith an stáisiúin gur sop in áit na scuaibe a bheadh sa chlár ó thaobh na teanga de.

Fág freagra ar 'D’fhéadfadh gurb é Aodhán Ó Ríordáin a ghlacfadh áit an Tánaiste i ndíospóireacht olltoghcháin TG4'