D’fhéadfadh baint a bheith ag vacsaín AstraZeneca le téachtáin fola annamha – EMA

Deir an Ghníomhaireacht Leigheasra Eorpach gur mó go mór na buntáistí atá ag baint leis an vacsaín ná an riosca a bhaineann léi

D’fhéadfadh baint a bheith ag vacsaín AstraZeneca le téachtáin fola annamha – EMA

Deir an EMA gur chóir leanacht ar aghaidh ag tabhairt na vacsaíne AstraZeneca do gach aoisghrúpa ach téachtáin fola as an ngnáth a lua léi mar fho-iarmhairt annamh.

Fuair an Ghníomhaireacht Leigheasra Eorpach amach “go bhféadfadh” go bhfuil nasc idir an tsnáthaid agus cásanna “fíor-annamha” de théachtáin fola neamhghnácha agus pláitíní fola a bheith íseal.

Dúradh, áfach, gur mó na buntáistí atá ag baint leis an vacsaín ná an riosca beag a bhaineann léi.

Dúradh gur chóir daoine a chur ar an eolas faoin líon íseal cásanna de théachtáin fola neamhghnácha agus gur chóir a leithéid a liostú i measc na bhfo-iarmhairtí annamha a bhaineann leis an tsnáthaid.

Formhór na gcásanna a tuairiscíodh bhain siad le mná faoi bhun 60 bliain d’aois a raibh an vacsaín AstraZeneca faighte acu taobh istigh de choicís roimhe sin. 

Dúirt ceann feadhna an EMA, Emer Cooke, go raibh an tsnáthaid AstraZeneca an-éifeachtach i gcónaí.

“Tá cruthúnas ann go bhfuil an vacsaín seo an-éifeachtach –coisceann sí drochthinneas, coinníonn sí daoine ón ospidéal agus sábhálann sé beatha daoine. 

“Tá an vacsaíniú an-tábhachtach go deo dúinn sa troid in aghaidh an Covid-19 agus caithfimid na vacsaíní atá againn a úsáid chun sinn a chosaint ó thionchar tubaisteach an ghalair.” 

Rinne an EMA a bhfógra i ndiaidh tuairiscí ó thíortha éagsúla faoi chásanna annamha ach cásanna tromchúiseacha de théachtáin fola i measc daoine a raibh an tsnáthaid AstraZeneca faighte acu.

Rinne Coiste Sábháilteachta an EMA staidéar ar 62 téachtán fola san inchinn agus 24 cás san abdóman. Fuair daoine bás in 18 cás.

Dúirt an EMA roimhe seo nach bhféadfaí a rá go cinnte glan nach raibh ceangal ar bith idir an téachtadh fola an-neamhghnách agus an vacsaín, ach gur léirigh fianaise na heolaíochta “gur bealach éifeachtach sábháilte í an vacsaín le saoránaigh a chosaint ón Covid-19”.

Fág freagra ar 'D’fhéadfadh baint a bheith ag vacsaín AstraZeneca le téachtáin fola annamha – EMA'