Deontas reáchtála €60,000 fógartha don Ghaelacadamh sa Spidéal

'Tá ról lárnach agus leanúnach ag an Ghaelacadamh i gcur chun cinn ceol dúchasach na Gaeltachta,' a dúirt an tAire McHugh.

Joe McHugh: níor tharla an mhíorúilt theangeolaíoch fós.
An tAIre Stáit Joe McHugh

Tá fógartha ag Aire Stáit na Gaeltachta, Joe McHugh  go bhfuil deontas de €60,000 ceadaithe aige don Ghaelacadamh sa Spidéal don tréimhse ó Eanáir go Meitheamh 2015. Ceadaíodh an deontas chun díol as costais reatha a bhaineann le beartais ar leith atá ar bun ag an eagraíocht faoi láthair agus a thacaíonn “le chur chun cinn an cheoil, an rince agus na hamhránaíochta sa Ghaeltacht”.

Dúirt an tAire Stáit go raibh sé an-sásta  an t-airgead seo a chur ar fáil don Ghaelacadamh ar mhaithe le “daoine óga a spreagadh chun fanacht dílis dá n-oidhreacht”.

“Tá ról lárnach agus leanúnach ag an Ghaelacadamh i gcur chun cinn ceol dúchasach na Gaeltachta,” a dúirt an tAire McHugh.

Fág freagra ar 'Deontas reáchtála €60,000 fógartha don Ghaelacadamh sa Spidéal'