Deontas coinnithe siar ó Choláiste Chonnacht go mbeidh ionadaíocht ag eagrais phobail an cheantair ar iontaobhas an choláiste

Roinnt dul chun cinn maidir le hathstruchtúrú an iontaobhais ach níor sáraíodh na deacrachtaí uile, dar leis an Aire Cultúir, Oidhreachta agus Gaeltachta

Deontas coinnithe siar ó Choláiste Chonnacht go mbeidh ionadaíocht ag eagrais phobail an cheantair ar iontaobhas an choláiste

Ní íocfaidh Roinn na Gaeltachta aon chuid den deontas €29,600 atá ceadaithe do Choláiste Chonnacht sa Spidéal i gConamara le hathchóiriú a dhéanamh ar an áit go dtí go mbeadh cruthúnas curtha ar fáil, chun sástacht na Roinne, go bhfuiltear tagtha ar shocrú maidir le struchtúr nua úinéireachta don choláiste.

An tAire Cultúir, Oidhreachta agus Gaeltachta, Heather Humphreys a thug an t-eolas seo sa Dáil don Teachta Éamon Ó Cuív.

Thug an tAire le fios gur ceadaíodh an deontas ar an mbunús go gcomhlíonfaí na gnáthchoinníollacha a chuirtear lena leithéid de dheontas ach go raibh coinníoll breise i gceist maidir le déileáil le ceist úinéireachta an Choláiste.

“Ghlac an t-iarratasóir i scríbhinn leis na coinníollacha seo,” a dúirt an tAire.

Ba leis an Eaglais Chaitliceach na tailte agus na foirgnimh ag Coláiste Chonnacht tráth den saol ach cuireadh faoi stiúir iontaobhais iad lena riaradh. 

“Cé go ndearnadh roinnt dul chun cinn maidir le hathstruchtúrú an iontaobhais, níor sáraíodh na deacrachtaí uile. I litir dar dáta 10 Lúnasa 2017, leag an Roinn amach próiseas ar mhaithe le cúnamh a thabhairt chun dul i ngleic leis na constaicí seo, inar cuimsíodh bealaí gur féidir ionadaíocht a bheith ag eagrais phobail an cheantair ar aon iontaobhas nua,” a dúirt an tAire.

Dúirt sí freisin gur aithin an Roinn “an gá a bheadh le hionadaíocht a bheith ag an iontaobhas atá ann faoi láthair in aon struchtúr nua” agus go mbeadh an Roinn sásta íocaíochtaí deontais a dhéanamh “ag brath ar an dul chun cinn ar an athstruchtúrú seo”.

Is ar mhaithe le hobair athchóirithe a dhéanamh ar chóras leictreachais Choláiste Chonnacht a cheadaigh an Roinn deontas nach mó ná €29,600 (nó 80% den chostas, cibé acu is lú) ar an 9 Feabhra 2017.

“Leanfaidh mo Roinn ag obair i gcomhar leis an deontaí agus páirtithe leasmhara eile sa chaoi is go mbeifear in ann an deontas iomlán a chúiteamh chomh luath agus is féidir, ach na coinníollacha atá leagtha síos a bheith comhlíonta,” a dúirt an tAire Humphreys.

Fág freagra ar 'Deontas coinnithe siar ó Choláiste Chonnacht go mbeidh ionadaíocht ag eagrais phobail an cheantair ar iontaobhas an choláiste'