Deontas €180,000 ceadaithe do ‘seó bóthair’ Chonradh na Gaeilge ag an Aire Stáit Seán Kyne

45,000 duine óg le freastal ar cheardlanna ‘Gluaiseacht’ sa dá bhliain seo romhainn

Deontas €180,000 ceadaithe do ‘seó bóthair’ Chonradh na Gaeilge ag an Aire Stáit Seán Kyne

Tá deontas £180,000 ceadaithe do Chonradh na Gaeilge sa dá bhliain seo amach romhainn le ceardlanna a eagrú a deirtear a chuirfidh ar chumas daoine óga ‘cinntí coinsiasacha’ a dhéanamh an Ghaeilge a úsáid agus ‘ról gníomhach’ a ghlacadh i ngluaiseacht na Gaeilge.

Aire Stáit na Gaeltachta Seán Kyne a d’fhógair an deontas inniu le cabhrú leis an gConradh na ceardlanna teanga a eagrú mar chuid de ‘sheó bóthair’ a bhfuil ‘Gluaiseacht’ á thabhairt air.

Tá an seó bóthair á eagrú ag an gConradh le roinnt blianta anuas ach tugadh le fios inniu go raibh ‘plean oibre níos leithne’ leagtha amach anois a chuirfidh ar chumas ‘Gluaiseacht’ freastal ar bheagnach 19,000 duine óg in 2019 agus 26,000 duine óg in 2020.

Dúirt an tAire Stáit Kyne go raibh ‘obair fhíorthábhachtach’ ar bun ag Conradh na Gaeilge ar fud na tíre ‘le blianta fada’ leis an Seó Bóthair agus gur fhreastail os cionn 10,000 dalta ar na ceardlanna a bhí ar siúl acu anuraidh.

Dúirt an tAire Stáit Kyne go raibh ‘gealltanas’ tugtha ag an Rialtas i gceannteidil Bhille na dTeangacha Oifigiúla 2017 go mbeadh 20% d’fhostaithe nua na státseirbhíse inniúil sa Ghaeilge agus gur “deis iontach” don Roinn a bhí sa seó bóthair daoine óga a chur ar an eolas faoi sin.

Fág freagra ar 'Deontas €180,000 ceadaithe do ‘seó bóthair’ Chonradh na Gaeilge ag an Aire Stáit Seán Kyne'