Den leaba neantóg chéanna an té ar chuma leis faoi théamh an domhain agus an boc ar chuma leis faoin nGaeilge

Moltar sa mhír seo leabhair Ghaeilge ar son do leasa agus d’aimhleasa. An geábh seo An Ghaeilge agus an Éiceolaíocht le Michael Cronin atá faoi chaibidil

Den leaba neantóg chéanna an té ar chuma leis faoi théamh an domhain agus an boc ar chuma leis faoin nGaeilge

Nuair a tosnaíodh ar an ngluaiseacht mhór chultúir a dtugtar ‘an athbheochan’ uirthi de ghnáth bhí an chomáint laistiar di soiléir go leor: an stair bhriste a chur ina ceart. Éagóir na staire a leigheas. Bhí nithe eile i gceist chomh maith, ach fágaimis iad siúd go fóill.

Dioscúrsa simplí agus díreach go maith a bhí ann, tír gan teanga, tír gan anam, nó tír gan ainm mar a deirtear go botúnach chomh maith. Nó is dócha go ndéarfaí ‘oileán gan teanga, oileán gan anam’ anois, toisc eagla a gcraiceann a bheith ar dhaoine, nó áirím náire ‘tír’ a thabhairt ar an áit seo feasta.

Nuair ba léir nach bóthar réidh a bhí san ‘athbheochan’ chéanna mar a thuigtí í díríodh ar leagan éigin den dátheangachas a bheith mar chuspóir, fág go raibh sin riamh i gceist.

Nuair a lagaigh air sin arís, cuireadh treise le cearta sibhialta sa Ghaeltacht agus i measc phobal na Gaeilge i gcoitinne, ina dhiaidh sin ar chosaint a dhéanamh ar mhionlaigh, ina dhiaidh sin arís ar thábhacht na dteangacha neamhfhorleathana ar fud an domhain.

Is é sin, bhí carbad na Gaeilge á cheangal i gcónaí le reitric lasmuigh dhi féin, óir chuaigh caitheamh na mblianta ar an bhfriotal bunaidh a leagadh síos nach mór céad go leith bliain ó shin mar a tharlaíonn.

Iarracht chliste mheabhrach is ea an leabhar seo le Michael Cronin An Ghaeilge agus an Éiceolaíocht (FÁS €15) a cheanglaíonn dán na teanga leis an ngéarchéim is priaclaí ar domhan, díothú chóras beatha na cruinne.

Toisc a shúil a bheith aige ar chuisle an anama, agus a chluas lena bhfuil ag tarlú go géar déarfá go raibh sé i ndán go ndéanfadh Michael Cronin nascadh idir cás an domhain agus cás na Gaeilge – ní hé go bhfuiltear ag rá gurb ionann iad!

Ní hé go bhfuil aon chosúlacht fhollasach ar an gcéad dul amach ag an nGaeilge leis an dtimpeallacht, lena bhfuil máguaird, lena bhfuil faoinár gcosa seachas ár logainmneacha áille agus ainmniú gach páirce agus mórán cloch (agus is ea, is cosúlacht mhór an méid sin) ach chun críche an tsaothair seo is doimhne an chosúlacht idir an meon atá réidh ullamh an domhan a scrios agus an meon atá sásta cur as don Ghaeilge.

Agus, sin bun agus barr an leabhair seo, go simplí. Meon gearrthéarmach an fhóntaíochais versus meon fadtéarmach luachanna an duine. Léiríonn sé go binn an ceangal idir loitmhilleadh na timpeallachta agus aineolas teanga, arb ionann é agus aineolas an domhain ina mairimid.

Go deimhin, leabhar é seo ina bhfuil ceangail á ndéanamh ar fud na háite. Sin é a dhéanann neach intleachta den údar mar is é a fheiceann an saol sa tslánchruinne. Is féidir le haon duine na leabhair a ceadaíodh a léamh, agus is fairsing iad, ach is duine faoi leith atá in ann an nasc a dhéanamh eatarthu agus téis áititheach a fháisceadh as. Ach cén leabhar eile ina mbeadh tagairtí do Bruno Ladour, an tAthair Peadar, Fynes Morrisson, an Pápa Proinsias agus Stalin, fara mórán eile, le chéile?

Dhá leabhar atá anseo le ceart, ceann Gaeilge agus ceann Béarla, Irish and Ecology. Seacht gcaibidil sa leabhar Béarla agus 73 lch; 5 chaibidil atá sa Ghaeilge ach gheobhaidh tú 75 lch as.

Mar a thuigfeá ó shaineolaí teanga is é an rud céanna atá á chur chun cinn sa dá leabhar, ach é breactha i bhfriotal eile, le samhlaoidí agus le samplaí éagsúla oiriúnacha dá réir: dá bhrí sin, ná léitear ceann amháin, léitear an dá cheann!

Baintear geit asainn san oscailt phléascach. Is amhlaidh gur fhoilsigh an rialtas plépháipéar dhá bhliain ó shin a raibh Oidhreacht Éireann 2030: Comhairliúchán Poiblí  air. Mar ba dhóigh leat is ann atá smaointe faoi thalamh, aeráid, aibhneacha, lonnaíochtaí, teampaill, reiligí (go háirithe), ainmhithe, coillte, séadchomharthaí…ach tagairt ar bith ní raibh ann don Ghaeilge! Cén fáth nach gcuireann sin puinn iontais orainn?

Ina choinne sin thall, ní leabhar gearánach cnáimhseálach é seo. Ní hé sin an bóthar a ghabhann sé ach bóthar níos fealsúnta, níos caolchúisí.

Nuair a bhíos féin sa mheánscoil ba mhinic sin díospóireachtaí agus aistí le plé againn mar gheall ar an ábharachas. Samhlaíodh an t-ábharachas mar ghlanmhalairt an chreidimh agus buaileadh isteach inár n-aigne gur drochrud é, fág go raibh an chuid is mó againn ag cur ár mbundún amach d’fhonn ár lámha a fháil ar an ngiuirléid ba dhéanaí.

Nach ait mar atá an tomhaltóireacht tagtha timpeall chugainn arís, ní mar namhaid an chreidimh ach i bhfoirm na tomhaltóireachta in aghaidh an domhain. Mura bhfuil de chreideamh feasta ach ábharachas, loitfear an domhan, tá chomh simplí sin. Go hobann rud praiticiúil, éigeantach, gátarach é a bheith ar son chreideamh na cruinne.

Tá fachta amach gur den gheolaíocht sinn, go dtéimid i bhfeidhm ar gach a bhfuil inár dtimpeall agus nár tugadh an domhan dúinn lena scrios, ach an oiread, is níor tugadh ainmhithe dúinn d’fhonn a n-úsáide amháin.

Sin é an nasc ceangailte siar amach sa leabhar; an meon a mhaíonn nach bhfuil sa teanga, aon teanga ar bith ach uirlis neodrach chumarsáide ionstraimeach amháin, ciota adhmaid, píosa Lego, tabhair dom cupán tae, tá an cat ar an mata, sin uile, agus gurbh fhearr aon teanga amháin a bheith ag gach duine ar domhan, sin é an meon céanna a mhaíonn gur chuma faoin éigeandáil éiceolaíochta, gur chuma faoi théamh an domhain, is den leaba neantóg chéanna iad.

Tá stíl dá chuid féin ag Michael Cronin, stíl atá líofa sna foilseacháin iomadúla atá scríte aige. Ní ag trácht ar dhéanamh na habairte, ar thitim an bhriathair atáim, óir tá sin gan cháim idir a bheith simplí, díreach agus sofaisticiúil eolgaiseach ag an am gcéanna.

Is í an tslí go ngaireann sé chuige gach tagairt, gach gort, gach áth den léann daonna le héascaíocht; ag caint leis faoin athrú aeráide tagann eacnamaí isteach sa phlé agus ar a shála siúd socheolaí nó file agus antraipeolaí, b’fhéidir polaiteoir nó seanfhealsamh ionas gur róbhaol go dtiocfadh meadhrán id cheann ach amháin go mbíonn an machnamh snaidhmthe le chéile go healaíonta agus go tuisceanach ionas go dtuirlingíonn ar a dhá chois féin go slán.

Músclaítear an cheist a chuir Nikolai Chernechevski fadó, ‘cad tá le déanamh?’

Níl aon fhreagra simplí air sin ach sa chéad dul amach moltar, ‘tabhairt faoi deara’/‘attention!’, sinn a bheith ‘woke’ (ach ní bhaineann leas as an bhfocal sin) maidir leis na fórsaí stairiúla atá ag gabháil steallaidh orainn.

Tá go leor eile ann, ach beidh ort an leabhar a léamh d’fhonn iad sin a chlasú chugat féin.

Níl aon liathróid chriostail ag Michael Cronin agus ní mhaíonn go bhfuil, ach fós feiceann sé nach mbeidh a bhfuil romhainn mar a bhí cheana, agus chuige sin is gairm dúiseachta atá sa leabhar seo.

Léitear, machnaítear, agus déantar dá réir.

Fág freagra ar 'Den leaba neantóg chéanna an té ar chuma leis faoi théamh an domhain agus an boc ar chuma leis faoin nGaeilge'

  • Seanán Ó Coistín

    Tá sé agam ar mo leabhragán. Ceann eile a bheidh orm a léamh nuair a bheidh caoi agam air. Sílim go mbeidh sé suimiúil mar léamh. Táim ag tnúth leis a léamh.

  • Iarla Mac Aodha Bhuí

    Treis leat, a Alan. Is breá an rud go bhfuil leabhair á bplé go rialta ar an suíomh seo faoi dheireadh.

  • Peadar Ó Fiaich

    ag dúil go mór lena léamh!