Den chéad uair le blianta déanaim dearmad, ó am go chéile, go bhfuil máthair agam agus go bhfuil galar Alzheimer uirthi

CUIMHNE AGUS DEARMAD: Colún míosúil faoin ngalar Alzheimer. De bharr an brú atá ar fhoireann an ionaid chúraim ina bhfuil cónaí ar a mháthair, ní éiríonn lenár gcolúnaí labhairt léi ach go hannamh na laethanta seo

Den chéad uair le blianta déanaim dearmad, ó am go chéile, go bhfuil máthair agam agus go bhfuil galar Alzheimer uirthi

Rith sé liom an lá cheana go raibh coicís ann ó labhair mé le mo mham go deireanach.

An tráth seo anuraidh, labhraínn léi dhá uair sa lá. Tá cónaí orainn i bhfad óna chéile (ise san Ísiltír, mise sa Bhrasaíl) ach a bhuíochas le ‘scáileán cúraim’ i dteach mo mháthar – táibléad agus fráma grianghraf timpeall air, agus é ceangailte le haip ar mo ghuthán cliste – bhí muid in ann físghlaoch a chur ar a chéile.*

Nuair nach mbíodh físghlaoch á dhéanamh bhí taispeántas sleamhnán le feiceáil ar an scáileán, grianghraif éagsúla a bhain le saol mo mháthar, le saol na clainne, agus le háiteanna a raibh cion aici orthu.

Nuair a bhog mo mháthair isteach in ionad cúraim do dhaoine a bhfuil galar Alzheimer orthu leathbhliain ó shin, bhog an scáileán cúraim léi. (Tá teacht ag an scáileán féin ar an idirlíon, mar a bheadh ag guthán póca, rud atá fíoráisiúil – ní raibh aon útamáil i gceist le síntiús wifi san ionad cúraim.)

Ach ós rud é nach mbíonn mo mháthair ina seomra féin riamh (is fearr i bhfad léi an comhluadar sa seomra caidrimh) agus ós rud é gurb é seomra mo mháthar an ceann is faide ón seomra caidrimh, ní chloiseann sí an scáileán nuair a chuireann duine glaoch uirthi.

Faraor géar tá an lá thart go gcuimhneodh sí féin ar ghlaoch a chur ar dhuine againn.

Ag brath ar chúnamh na n-oibrithe deonacha a bhíonn ag cabhrú le foireann an ionaid chúraim a bhíonn muid mar sin (níl am ar bith ag an bhfoireann féin do rudaí mar seo.)

Ach le tamall anuas, is cosúil go bhfuil laghdú tagtha ar líon na n-oibrithe deonacha agus gur mó an brú orthu siúd atá fágtha dá réir. Uair gach ceithre nó cúig lá anois a chabhraíonn duine acu le mo mháthair glaoch a chur orm, ach mura mbíonn ar mo chumas an fón a fhreagairt ar an bpointe boise ní bhíonn an t-am acu iarracht eile a dhéanamh.

Ag brath ar ghaolta agus ar chairde de chuid mo mháthar den chuid is mó a bhím anois, mar sin; iarraim orthusan cabhrú le mo mháthair glaoch a chur orm nuair a théann siad ar cuairt chuici.

Is aisteach an rud é.

Den chéad uair le cúig nó sé bliana anuas, déanaim dearmad ó am go chéile, ar feadh cúpla uair an chloig nó leathlae féin, go bhfuil máthair agam agus go bhfuil galar Alzheimer uirthi. Le bheith go hiomlán fírinneach, ní drochrud amach is amach é sin; den chéad uair le fada, mothaím go bhfuil an t-am agam, agus an spás i m’intinn, chun díriú ar mo shaol féin.

Ach ar ndóigh, ar ámharaí an tsaoil, tá máthair agam go fóill.

Agus ar mhí-ámharaí an tsaoil, tá galar Alzheimer uirthi. Tá sé in am ticéad eitleáin a cheannach agus mí nó dhó a chaitheamh sa bhaile agus cuairt a thabhairt ar mo mham san ionad cúraim chomh minic agus is féidir sa tréimhse sin, san fhíorshaol.

* Tá eolas i mBéarla ar fáil faoin scáileán cúraim agus faoin aip Memory Lane anseo.

Fág freagra ar 'Den chéad uair le blianta déanaim dearmad, ó am go chéile, go bhfuil máthair agam agus go bhfuil galar Alzheimer uirthi'