‘Deiseanna caillte’ don Ghaeilge agus don Ghaeltacht i mBuiséad 2022

Cé gur cuireadh fáilte roimh an ardú ar mhaoiniú TG4 údar díomá a bhí i gcás Údarás na Gaeltachta agus Fhoras na Gaeilge

‘Deiseanna caillte’ don Ghaeilge agus don Ghaeltacht i mBuiséad 2022

Údar “díomá” den chuid is mó a bhí i mBuiséad 2022 d’eagraíochtaí teanga.

€10.5 milliún breise a fógraíodh inné don Ghaeilge agus don Ghaeltacht, €4.2 breise do TG4 san áireamh.

€23 milliún a bhí á lorg ag Conradh na Gaeilge don teanga agus don Ghaeltacht. Chuir an eagraíocht teanga fáilte roimh chuid dár fógraíodh, an maoiniú breise do TG4 go háirithe, ach dúirt siad go raibh roinnt “deiseanna caillte” agus “bearnaí” ann ó thaobh mhaoiniú na Gaeilge sa Bhuiséad.

“Cé go n-aithníonn muid an dul chun cinn atá déanta le dhá bhliain anuas leis an gcáinaisnéis, táimid den tuairim go bhfuil gá a thuilleadh maoinithe a chur ar fáil, go háirithe le fostaíocht sa Ghaeltacht a threisiú agus le Foras na Gaeilge a mhaoiniú i gceart,” a dúirt Ard-Rúnaí Chonradh na Gaeilge, Julian de Spáinn.

Dúirt de Spáinn gur léir “go bhfuil fadhb chórasach agus thromchúiseach” i gceist le maoiniú Fhoras na Gaeilge agus buiséad níos lú acu i gcónaí ná mar a bhí deich mbliana ó shin.

“Caithfear dul i ngleic leis seo roimh an gcéad cháinaisnéis eile. Níl an struchtúr trasteorann ag tabhairt cothrom na Féinne do phobal na Gaeilge ó thaobh maoinithe de agus caithfear sin a réiteach,” a dúirt de Spáinn.

Dúirt Cathaoirleach Fhoras na Gaeilge, Regina Ní Chollatáin, gur ardú “níos lú” ná mar a bhíodar ag súil leis, a bhí sa €700,000 breise a chuirfear ar fáil don eagraíocht trasteorann an bhliain seo chugainn.

“Cé go mbeidh achar eile le dul againn sula mbeidh buiséad Fhoras na Gaeilge ar ais ag na leibhéil roimh 2008, €21 milliún, is méadú atá i gceist anseo a chuideoidh linn aghaidh a thabhairt ar chuid de na deacrachtaí maoinithe is mó atá cruthaithe thar an 13 bliain ó 2008.  

“Beidh Foras na Gaeilge ag bualadh leis an Aire Martin go luath agus tá cruinnithe lorgtha againn le hairí ó thuaidh le riachtanais na Gaeilge a chur faoina mbráid. Beidh sé mar thosaíocht againn a chinntiú go mbeidh an infheistíocht atá riachtanach ar fáil le tacú leis na pleananna atá ag an dá Rialtas don Ghaeilge,” a dúirt Regina Uí Chollatáin.

Dúirt Ciarán Ó Feinneadha, comhairleoir cánach, gníomhaí teanga agus tráchtaire, gur buiséad “suarach” a bhí ann i dtaobh na Gaeilge agus na Gaeltachta.

“Is fíorbheagán airgead breise atá ann. Figiúirí suaracha atá i gceist go háirithe má chuirtear an caiteachas iomlán ar an nGaeilge agus ar an nGaeltacht, €10 milliún, i gcomparáid le luach dhá scéim nua do na healaíona ar fiú €50 milliún iad,” a dúirt Ciarán Ó Feinneadha.

B’ionann an bhreis is €10 milliún a fógraíodh i mBuiséad 2020 do chiste na Gaeilge, na Gaeltachta agus TG4 agus thart ar 5% den bhreis is €199 milliún breise a cuireadh ar leataobh don Roinn Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán.

Is fearr a rinne TG4 ná eagraíochtaí teanga eile sa bhuiséad agus beagnach €45 milliún a bheidh ag an stáisiún díreach ón státchiste an bhliain seo chugainn.

Dúirt Ardstiúrthóir TG4, Alan Esslemont, gur ábhar “dóchais” an maoiniú breise a chuirfear ar fáil don stáisiún an bhliain seo chugainn i ndiaidh “dhá bhliain an-chrua” a bheith ag TG4 de bharr na paindéime.

Chuir an Dr. Niall Comer, Uachtarán Chonradh na Gaeilge, fáilte roimh an maoiniú breise do TG4 agus roimh an €800,000 breise a fógraíodh don phleanáil teanga. Dúirt sé gur aitheantas an t-ardú sin ar “an dea-obair” atá ar siúl maidir leis an Ghaeilge a chur chun cinn sa Ghaeltacht.

€85.6 milliún a fógraíodh i mBuiséad 2022 do Roinn na Gaeltachta i gcomparáid leis an €78.6 milliún a bhí ag an Roinn i mbliana.

D’fhógair an tAire Caiteachais Phoiblí Michael McGrath inné gur €6.3 milliún breise a bheidh ar fáil do chiste na Gaeilge agus na Gaeltachta an bhliain seo chugainn.

Tá €3.3 milliún den mhaoiniú sin á chur ar fáil do scéimeanna teanga agus Gaeltachta Roinn na Gaeltachta.

€1.5 milliún breise atá á chur ar fáil d’Údarás na Gaeltachta. €800,000 breise a bheidh á chur ar fáil don phróiseas pleanála teanga agus €700,000 breise don Fhoras Teanga, Foras na Gaeilge agus Gníomhaireacht na hUltaise.

Pacáiste breise €106 milliún a fógraíodh do chúrsaí turasóireachta. €65.7 a fógraíodh do chúrsaí ealaíon agus cultúir. €11.3 breise atá á chur ar fáil don spórt agus €9.7 milliún breise atá le caitheamh ar na meáin, €5.5 milliún a fógraíodh do bhunú Choimisiún na Meán.

Fág freagra ar '‘Deiseanna caillte’ don Ghaeilge agus don Ghaeltacht i mBuiséad 2022'

  • KaraokeNaGaeilge

    Dúirt an Roinn na XYZ-Gaeltachta ar Twitter aréir go bhfuil €800 MILLIÚÚÚÚN sa bhreis i gceist.
    Na bacaigí le haon chaint faoi €6m nó €10m.
    Gealltanas = gealltanas.